Éirímis as dóchas gan údar a thabhairt d’íobartaigh i dtaobh coireanna stairiúla

Ocht mbliana déag, nach mór, i ndiaidh Aoine an Chéasta, cé chomh héifeachtach is a bheadh iarrachtaí ionchúisimh?

Jean-McConville-001

Níl seachtain dá ngabhann tharainn nach gcloistear scéal brónach ó aimsir na dTrioblóidí agus teaghlach nó pobal ag iarraidh an fhírinne a aimsiú nó ceart a fháil. Tá oidhreacht na dTrioblóidí go mór i mbéal an phobail an aimsir seo. Bíonn ceannlínte gach lá sna meáin ó na héisteachtaí cúirte faoin bhfaillí ar ionchoisní. Anuas air sin, gan ach dornán de na scéalta a lua, tá athscrúdú ar ról Stakeknife ar siúl agus tá athbhreithniú dlíthiúil ceadaithe do mhuintir Jean McConville faoi chomhaid a bheith ceilte orthu.

Léiríonn na heachtraí ar fad atá faoi chaibidil nach raibh aon cheann de na príomhaisteoirí glan. Bhí na paraimíleataigh go léir, ar an dá thaobh freagrach as ionsaithe barbartha agus bhí fórsaí an stáit ar aon dul leo in amanna.

Náire shaolta ab ea an íde a thug an tIRA Sealadach ar an mbaintreach Jean McConville agus a deichniúr páistí. Nuair a d’fhuadaigh agus mharaigh siad í i 1972, chuir said tarcaisne i gceann na héagóra. Chuir siad a corp i bhfolach, scaip siad ráflaí gránna fúithi agus d’fhág siad a dílleachtaí gan eolas an raibh a máthair beo nó marbh. Lean siad leis an gcur i gcéill go dtí go mb’éigean dóibh an fhírinne faoi na “disappeared” a admháil mar chuid de phróiseas na síochána.

Thairis sin, rinne an tsochaí i gcoitinne faillí sna páistí agus rinne na húdaráis faillí sa bhfiosrú faoina dúnmharú. Chinn Ombudsman na bPóilíní nár fiosraíodh a marú go ceann scór blianta. Inniu féin, airíonn a muintir nach bhfuil an dara rogha acu ach a dhul chun na cúirte féachaint an dtig leo súil a chaitheamh ar cibé faisnéis a bhailigh an HET (an fhoireann a d’fhiosraigh coireanna stairiúla) sular cuireadh deireadh leis. Dúirt na póilíní gur coinníodh dréacht thuairisc an HET faoi rún ionas nach mbainfí an bonn d’ionchúisimh, ach tar éis 43 bliain, bheadh an teaghlach sásta le leagan ina gceilfí ainmneacha.

Ar ndóigh, ní lia íobartach ná éileamh. Níl ach na fíricí, an scéal, ag teastáil ó roinnt daoine. Tá ionchúisimh agus príosúnacht ag teastáil ó dhaoine eile; míniú óna thuilleadh, agus tost, éirí as an gcaint faoin stair, ó bheagán. Tá daoine ag éileamh an chirt ach ní hé an ceart céanna atá i gceist acu go léir.

Pionós a ghearradh ar an taobh eile ach beannacht dá dtaobh féin a theastaíonn ó chuid acu. Pas saor do na fórsaí slándála – cuma ar imigh siad ó smacht nó ar bhris siad rialacha agus an dlí – a éilíonn cuid dá lucht tacaíochta, ar an mbonn, a deir siad, go raibh saighdiúirí, an UDR nó póilíní faoi ordú agus ag déanamh a ndualgas. Tá cuid de lucht tacaíochta na (n-iar)pharaimíleatach a éilíonn go gcúiseofaí baill de na fórsaí slándála ach a ghlacann gan stró le díchuimhne na bparaimíleatach.

Ní bhaineann an débhrí den éagóir a rinneadh ar íobartaigh. Ní maolú ar phian aon duine é a bheith bodhar ar chearta daoine eile. Glacaim leis gan cheist go bhfuil gach saoránach i dteideal an chirt, go bhfuil fiosrú éifeachtach ar choir dlite dó. Ach i dTuaisceart Éireann, tá suas le 3,000 marú gan fuascailt ó aimsir na dTrioblóidí. Drochtheist ar na póilíní, cheapfá, ach níorbh é sin príomhchúram an RUC.

Tá líon na ndaoine nach bhfuair freagraí riamh, gan trácht ar cheart, chomh mór sin go mb’fhéidir go bhfuil sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal. An féidir iad ar fad a shásamh? An bhfuil an dallamullóg á cur ar íobartaigh leis an gcaint faoi cén chaoi is fearr déileáil le coireanna stairiúla? Ocht mbliana déag, nach mór, i ndiaidh Aoine an Chéasta, cé chomh héifeachtach is a bheadh iarrachtaí ionchúisimh? Cén bhail a bheadh ar fhianaise má coinníodh í agus cé chomh hinmhuiníne is a bheadh cuimhní duine? Luíonn sé le réasún nach dtabharfaidh éinne fianaise inchoiritheach fúthu féin agus, dá réir sin, bheadh próiseas fírinne ag brath ar insint eagraíochta faoi imeachtaí nó ar shaoirse ó chúiseamh – céim a chuirfeadh roinnt íobartach le báiní.

Theip ar na páirtithe i Stormont agus an dá rialtas a theacht ar shocrú faoi oidhreacht na dTrioblóidí mar chuid den Tús Úr i mí na Samhna. Plean na Breataine chun fianaise a cheilt, dá mbeadh ciallachais aici, do shlándáil náisiúnta ba chúis leis an teip mar nach nglacfadh Sinn Féin leis. Mheas roinnt gur fheil an t-easaontas sin don Bhreatain agus do Phoblachtánaithe mar go bhfuil fíricí áirithe chomh brocach sin nár mhaith le ceachtar acu go scrúdófaí iad faoi sholas an lae. Seans go bhfuil sé in am a bheith réalaíoch faoin scéal agus éirí as a bheith ag tabhairt dóchais gan údar d’íobartaigh.

Fág freagra ar 'Éirímis as dóchas gan údar a thabhairt d’íobartaigh i dtaobh coireanna stairiúla'

  • padraig

    ‘Náire shaolta ab ea an íde a thug an tIRA Sealadach ar an mbaintreach Jean McConville agus a deichniúr páistí. Nuair a d’fhuadaigh agus mharaigh siad í i 1972, chuir said tarcaisne i gceann na héagóra. ………………scaip siad ráflaí gránna fúithi agus ……………’ Cad iad na raflai granna a scaip siad? Ba cheart duit iad a fhogairt agus gan a bheith ag dul ar chul copoige faoin gcuram. An fior mar shampla gur spiaire ab ea i ar shon arm na Breataine agus go bhfuarthas tarchuradoir faoi dho ina teach? Ar tugadh folaireamh di an chead uair treis don IRA teacht aniar aduaidh uirthi? An mbiodh ai9rneisi ag a cuid paisti nach raibh paisti eile na comharsanachta in acmhainn a cheannach? Ma bhi,ca bhfuair si an t-airgead? In aon fhocal amhain, an raibh si neamh-chiontach glan? Ar maraiodh san eagoir i? Abair amach an meid ata ar eolas agat agus na biodh tuilleadh silli seaili agat faoi, in ainm Chroim. Bionn an fhirinne searbh.

  • Seán Tadhg Ó Gairbhí

    Nóta ó údar an ailt, Póilín Ní Chiaráin: ‘A chara, molaim duit tuarascáil an Ombudsman faoin gcás a léamh anseo: https://www.policeombudsman.org/PONI/files/08/085b48fe-ebdc-4f92-9cc3-69c69a9fa88a.pdf

  • padraig

    GRMMA as an méid sin. Léifead go cúramach é.

  • padraig

    ‘The children received no real help for a period of almost two months after Mrs McConville was abducted until February 1973 when some of the children were taken into care’

  • padraig

    Eamonn McCann: State role in IRA killings …

    http://www.irishtimes.com/opinion/eamonn-mccann-state-role-in-ira.
    28-01-16 · Eamonn McCann: State role in IRA killings changes everything What justification can be offered now for the conflict that saw almost 4,000 killed?

  • padraig

    Ta agallamh curtha ag Moloney sa leabhar seo ar Brendan Hughes ina ndeir se gur brathadoir ab ea Jean McConville .i. Voices from the Grave: Two Men’s War in Ireland by Ed Moloney