Éire ag súil nach mbeidh a stánosclóir ag obair ag na Danmhargaigh anocht

Níl aon chluiche caillte ag an Danmhairg le seacht gcluiche anuas, ach comhscór a bhí sna trí cinn dheireanacha acu – údar dóchais d’Éirinn roimh a gcluiche sna babhtaí cáilithe do Chorn na hEorpa anocht

Éire ag súil nach mbeidh a stánosclóir ag obair ag na Danmhargaigh anocht

Mick McCarthy. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Babhtaí cáilithe Chorn na hEorpa, Grúpa D
An Danmhairg v Éire
Staid Parken, Copenhagen, 7.45pm
(Beo ar RTÉ)

Bhí ráflaí ann le linn na seachtaine go raibh lucht na Danmhairge ag spiadóireacht ar sheisiúin traenála na hÉireann.

B’fhéidir gurbh amhlaidh go raibh siad ag iarraidh fáil amach an raibh an crá croí céanna ag baint le foireann na hÉireann ó chuaigh Mick McCarthy i bhfeighil orthu.

Níos túisce an tseachtain seo thug Thomas Delaney, an t-imreoir lár páirce de chuid na Danmhairge ‘the most annoying team’ i saol an tsacair idirnáisiúnta ar Éirinn.

Níorbh é an chéad uair ag Delaney é.

Nuair a d’imir na foirne a chéile cheana, dúirt sé gurbh ionann imirt in aghaidh na hÉireann agus a bheith ag iarraidh “canna pónairí a oscailt le do dhá láimh”.

Sa chéad chluiche eile i ndiaidh do Delaney an ráiteas sin a dhéanamh bhuaigh a fhoireann ar Éirinn 5-1 i mBaile Átha Cliath.

Tá na hÉireannaigh ag teacht chucu féin ó shin agus bí cinnte de go mbeidh a mbainisteoir nua Mick McCarthy breá sásta leis féin más ag caoineadh a ghránna is atá sé a bheith ag imirt in aghaidh a fhoirne a bheidh Delaney arís anocht.

Tá Éire ar bharr ghrúpa D faoi láthair agus an dá chluiche sách bog a bhí acu go dtí seo buaite acu, ceann in aghaidh Ghiobráltar agus ceann in aghaidh na Seoirsia. 1-0 an scór a bhí sa dá chluiche agus cé gur tháinig feabhas ar imirt na hÉireann in aghaidh na Seoirsia, is anocht a chuirfear tástáil cheart den chéad uair ar an bhfoireann ó tháinig McCarthy i bhfeighil orthu don dara tréimhse.

Níl aon amhras ach go mbeidh a stánosclóir tugtha leo ag na Danmhargaigh anocht agus leithéidí Christian Eriksen agus Lasse Schone lár páirce ag soláthar do Kasper Dolberg, an tosaí óg ó Ajax.

Tá an Danmhairg sa tríú háit sa ghrúpa agus gan ach cluiche amháin imeartha acu. Sa chluiche sin in aghaidh na hEilvéise bhíodar trí chúl chun deiridh san 84ú nóiméad ach fuaireadar trí chúl i ndeich nóiméad chun comhscór a fháil, léiriú ar a neart ar an ionsaí.

Níl Shane Long ar fáil d’Éirinn agus cailliúint mhór é, go háirithe ó thosaigh sé ag scóráil arís dá chlub ag deireadh an tséasúir seo caite. D’imir David McGoldrick, go maith i gcoinne na Seoirsia, ach is ar éigean go bhfuil an gearradh céanna i dtosaithe na hÉireann is atá i dtosaithe a gcéilí comhraic.

Rinne Conor Hourihane agus Glen Whelan gaisce le Aston Villa le déanaí nuair a cháiligh siad don phríomhroinn ach scaoileadh le Whelan ó shin agus léiriú é ar easpa roghanna McCarthy lár páirce go raibh air fios a chur arís ar imreoir atá 35 bliain d’aois agus gan aon chlub faoi láthair aige.

Fadhb mhór don fhoireann seo a n-easpa cruthaitheachta lár páirce, ach ar a laghad tá cuma níos seasmhaí orthu ar gcúl le Enda Stevens, Shane Duffy, Richard Keogh agus Seamus Coleman agus gan aon chúl géillte acu le ceithre chluiche anuas.

Níl aon chluiche caillte ag an Danmhairg le seacht gcluiche anuas, ach comhscór a bhí sna trí cinn dheireanacha acu.

D’fhéadfadh gur comhscór eile a bheidh anocht ann agus go mbeidh olc arís ar Delaney.

Fág freagra ar 'Éire ag súil nach mbeidh a stánosclóir ag obair ag na Danmhargaigh anocht'