Easpa gnímh agus comhoibrithe ina smál ar pholasaí gnóthaí eachtrachta an AE i gcónaí

Tá na ballstáit den AE ar baill de NATO iad ag tacú leis na Stáit Aontaithe atá ag seasamh le hIosrael

Easpa gnímh agus comhoibrithe ina smál ar pholasaí gnóthaí eachtrachta an AE i gcónaí

Tá athrú suntasach i gcur chuige an Aontais Eorpaigh i leith na coimhlinte sa Mheánoirthear le tabhairt faoi deara anseo sa Bhruiséil an tseachtain seo. Tá moltaí curtha i dtoll a chéile ag ionadaí gnóthaí eachtracha an Aontais Kaja Kallas ag moladh go mbeadh sé de chead ag ballstáit cosc ar thrádáil le hIosrael a chur i bhfeidhm ar bhonn ballstáit aonair. Tá reachtaíocht den chineál seo le teacht os comhair an Oireachtais nuair a phléifear Bille na gcríocha faoi fhorghabháil sa bhfómhar.

Ceist chasta don Aontas i gcónaí is ea ceist na ngnóthaí eachtracha. Tá a laghad gnímh agus comhoibrithe idir stáit an Aontais cáinte go géar le fada anois ó aimsir chogadh na mBalcán deich mbliana fichead ó shin. Nuair a thosaigh an cogadh úd, rinneadh éileamh go mbeadh an tAontas níos gníomhaí i réimse na ngnóthaí eachtracha ach síleadh gur beag seans go mbeadh a leithéid de chogadh ar mhór-roinn na hEorpa arís. Faraor, ní fada gur athraigh an scéal sin agus tá an cogadh san Úcráin ag cothú deacrachtaí in athuair don Aontas a bhaineann le teifigh, soláthar airm agus ballraíocht i NATO do thír ar cholbha thoir na hEorpa.

Tá an choimhlint mhór eile sa domhan níos casta fós don Eoraip agus deacracht acu polasaí a cheapadh ina leith. Tá na ballstáit ar baill de NATO iad ag tacú leis na Stáit Aontaithe atá ag seasamh le hIosrael. Is fadhb bhunúsach don Ghearmáin, don Ostair, Poblacht na Seice agus do bhallstáít eile a bhí faoi anáil na Naitsíoch sa dara cogadh domhanda aon cháineadh a dhéanamh ar Iosrael mar go gcuirfear frith-Ghiúdachas ina leith. Ag an tráth céanna, tá muidne anseo in Éirinn, na Spáinnigh, an Ísiltír agus ceithre bhallstát déag eile ag tacú leis an athbhreithniú ar fheachtas Iosrael, athbhreithniú a léirigh go soiléir go bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus cearta an duine dá sárú.

Bunaithe ar an athbhreithniú sin a bhí moltaí Kaja Kallas a cuireadh faoi bhráid Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais sa Bhruiséil an tseachtain seo. Beidh súile an domhain anois orthu. An bhfuil a gcumas teacht ar chur chuige aontaithe i réimse polasaí a bhíonn achrannach i gcónaí don Aontas. Nó an bhfillfidh siad ar an mbealach go mbíodh an tAontas ag láimhseáil ceisteanna polasaí eachtrach riamh anall? É a fhágáil faoi na ballstáit, bunaithe ar pholasaí a dtíre féin i dtaobh smachtbhannaí agus polasaí trádála i leith Iosrael.

Tá formhór phobal an domhain den tuairim go bhfuil an sléacht in Gaza do-chosanta ach gur beag is féidir leo a dhéanamh mar thoradh ar a gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe nó a mballraíocht in eagras ar nós NATO. Is féidir a bheith ag súil i gcónaí le diancháineadh i measc grúpaí áirithe i bParlaimint na hEorpa nuair a phléitear cás na coimhlinte sa Mheánoirthear freisin. Tá an cáineadh sin ann le fada anois ach mar a léirigh an Pharlaimint an tseachtain seo caite nuair a theip orthu tacú le rún ag cáineadh Ursula Von der Leyen agus an Coimisiún as a seasamh i leith an Mheánoirthir, faigheann cás na heacnamaíochta tús áite de ghnáth. Ní bheidh fonn ar aon vheisire ná oifigeach eile de chuid an Aontais Eorpaigh olc a chur ar Donald Trump faoi chás Iosrael nuair atá taraifí 30% ar an mbealach, de réir cosúlachta. Coicís atá idir muid agus an sprioc do na taraifí ar an 1 Lúnasa – cuirfear aon chur chuige comhtháite ar an Meánoirthear ar an méar fhada go dtí ina dhiaidh sin ar a laghad.

Fág freagra ar 'Easpa gnímh agus comhoibrithe ina smál ar pholasaí gnóthaí eachtrachta an AE i gcónaí'