Easpa cumhachta agus easpa spáis i reiligí ag déanamh imní d’iarrthóirí i gConamara

Bhí seachtar d’iarrthóirí toghcháin Chonamara Theas i láthair i Seanscoil Sailearna aréir agus iad sách tugtha ag breathnú tar éis dóibh na bóithríní sclagacha cois cósta a thrampáil le mí fhada

Easpa cumhachta agus easpa spáis i reiligí ag déanamh imní d’iarrthóirí i gConamara

Ag cruinniú poiblí a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige aréir tugadh deis don phobal agus don dream atá ag iarraidh suíochán a fháil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe a mianta agus a n-éilimh a chur in iúl dá chéile.

Sa straidhpeáil is deireanaí a rinneadh ar an toghcheantar seo tá an straidhp is mó Gaeilge sa toghcheantar sactha isteach le Conamara Thuaidh, áit a mbeadh dáimh ná tuiscint ar an nGaeltacht gann. Bhí seachtar de na hiarrthóirí i láthair i Seanscoil Sailearna aréir agus iad sách tugtha ag breathnú tar éis dóibh na bóithríní sclagacha cois cósta a thrampáil le mí fhada.

Cúpla rud spéisiúil faoin toghchán seo. Níl ach duine amháin ag seasamh atá ina chomhairleoir cheana, Tomás Ó Curraoin as na Forbacha.

Nuair a dúirt Tomás linn ag tús an phlé gur beag cumhacht a bhí ag comhairleoirí contae ar aon nós cheal airgead ceart agus de bharr fhormhór na cumhachta a bheith láraithe go daingean i mBaile Átha Cliath, bhuail imní mé go ngabhfadh a raibh ann abhaile. Ach níor chorraigh aon duine.

Measann an Curraoineach gur mó cumhacht atá ag feidhmeannaigh neamhthofa na Comhairle ná ag na comhairleoirí. Ag cuimhneamh ar na seanlaethanta lofa a bhí mé féin nuair a ceapadh go raibh cead i do phóca agat ach aithne a bheith agat ar an gcomhairleoir ceart ach chuimhnigh mé ansin ar na spagaí airgid a nocht Binse Fiosraithe i mBaile Átha Cliath. 

An dara rud a scanródh thú – gur fir iad na hiarrthóirí ar fad a bhí ansin. Tá bean amháin ag seasamh d’Fhine Gael ach ní raibh sí i láthair. ‘Cá bhfuil na mná?’ a d’fhiafraíos de bhean amháin. ‘Sa mbaile ag cur na ngasúr a chodladh!’ a dúirt sí. Ceist náisiúnta agus idirnáisiúnta í seo ar ndóigh – arb iad na cúinsí pearsanta, na struchtúir riaracháin nó éadóchas agus mífhoighid maidir leis an ionadaíocht phoiblí a chuireann mná ó dhoras?

Tá clár mór ag Fianna Fáil ar an R336 agus an ceathrar strapairí slíoctha s’acu féin air agus diabhal dochar a dhéanfadh scuaid bhándearg dó.

Rud spéisiúil eile go mbeidh cúigear comhairleoirí as 39 ag Conamara Theas an uair seo agus gothaí orthu aréir nár mhiste leo tarraingt lena chéile ar mhaithe leis an gceantar. Ar ndóigh, amhail an dúchas, is dóigh gurb é an páirtí a bhrisfidh amach nuair a thiocfaidh an crú ar na tairne.

Tá iarrthóir neamhspleách amháin, Criostóir Breathnach as Ros Muc, ag seasamh sa dá thoghcheantar i gConamara lena mhíshásamh leis an straidhpeáil gan chéill, dar leis, a léiriú. An phríomhaidhm atá ag an mBreathnach, nach bhfuil póstaer ar bith crochta aige, go mbeadh Contae Chonamara ann agus nach mbeadh an dream taobh thiar á slogadh agus á mbánú ag an gcuid thoir den chontae.

Nuair a tharraing an Cualánach mapa den chontae amach, ba léir nach bhfuil taobh thiar den Choirib ach eireabaillín beag den mhadra mór atá sa taobh soir. Sin a chomhairfeas nuair a bheidh an chreach á roinnt, is léir.

Céard is mó atá ag déanamh tinnis don phobal ó Bhearna go Leitir Mealláin a labhair leis na hiarrthóirí seo? Cúrsaí pleanála agus séarachais, drochbhail na mbóithre agus na ndroichead, cúrsaí iompair agus taistil, sceacha agus driseacha ag fás ar cholbha na mbóithre, easpa spáis i reiligeacha, cúram baile do sheandaoine, seirbhísí sláinte agus dianchúram do pháistí i nGaillimh.

Ó tharla gur iarrthóirí nua a bhformhór mór níl rúibricí uilig na Comhairle de ghlanmheabhair acu fós ach cuireadh ar a súile dóibh aréir cuid de na cumhachtaí a bheidh acu – plean an chontae, ionadaíocht sláinte agus deis labhairt ar son do phobail in Áras an Chontae. 

Is léir go dtuigeann an pobal go maith gur faoi chúram na Comhairle atá an phleanáil, an chéad chéim ar aon nós, agus iad féin agus na hiarrthóirí seo ag iarraidh go soiléireofaí an próiseas pleanála.

Bhí chuile iarrthóir ar aon intinn go gcaithfí mistéir an chead pleanála a shoiléiriú. Treoirleabhar a bheith ar fáil a mhíneodh don té atá ag iarraidh teach cónaithe a thógáil céard iad na coinníollacha nach bhféadfaí a shárú sa gcaoi agus nach mbeadh daoine ag caitheamh suas le €20,000 ar iarratas nach n-éireodh leis, d’ainneoin é a bheith pléite roimh ré le pleanálaí agus tithe eile thart air. Bhí na hiarrthóirí seo ar fad cinnte dearfa de gurb é mian an stáit an tuath a bhánú agus chuile dhuine againn a chur chun cónaithe i mbailte beaga agus móra.

Moladh suimiúil amháin a rinneadh ón urlár go n-ardódh an Chomhairle Contae an cháin mhaoine agus go gcoinneodh sí an teacht isteach breise sin sa gcontae le tithe sóisialta agus seirbhísí a thógáil faoin tuath.

Hosty as Bearna an t-aon duine amháin acu a mbeadh aon ghlacadh aige chor ar bith aige leis an moladh sin agus chaithfeadh seisean gealltanas agus sonraí a fháil ar dtús céard air a gcaithfí é i gConamara.

Stuaic a chuir an fear céanna ar chuid againn nuair a bhreathnaigh sé go grinn orainn agus imní air faoi cháin bhreise a chur orainn, agus dúirt ‘feicim go bhfuil go leor pinsinéirí anseo’ agus muide a cheapadh go rabhamar i mbláth na hóige!

Ansin aréir bhí Pádraig Mac an Iomaire, Macdara Hosty, Dáithí Ó Cualáin, Máirtín Lee, Criostóir Breathnach, Kevin O’Hara agus Tomás Ó Curraoin agus iad an-mhór lena chéile gan maslaí ná spallaí á gcaitheamh acu. D’inis siad a scéal go macánta séimh agus ní hionann agus iarrthóirí an toghcháin Eorpaigh, rinne siad sin inár dteanga fhéin.

Seachtain is an lá inniu a bheidh ár gcuid féin le déanamh againne.

Fág freagra ar 'Easpa cumhachta agus easpa spáis i reiligí ag déanamh imní d’iarrthóirí i gConamara'