Ba cheart go mbeadh “lárionad” ann do mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta in Éirinn agus go dtabharfaí “creidiúnú” tríd an ionad sin do mhúinteoirí a bhíonn ag plé le ranganna do dhaoine fásta, dar le saineolaí oideachais.
Tá amhras caite ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir ar an gcóras teagaisc Gaeilge do dhaoine fásta tráth a dtuairiscítear go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine fásta atá cláraithe do ranganna Gaeilge.
Dúirt an tOllamh Ó Duibhir, a bhunaigh Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, go bhfuil “easnamh” i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta in Éirinn agus nach bhfuil aon chóras náisiúnta dá leithéid ann.
Dúirt Ó Duibhir gur rud maith é go bhfuil teastas ar fáil ó Ollscoil Mhá Nuad i ‘Múineadh na Gaeilge’ agus gurbh fhearr go mbeadh an teastas sin ag aon duine a bheadh ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta.
Dúirt sé freisin, áfach, gurb é bunú an lárionaid an réiteach is fearr ar an éagsúlacht sa chaighdeán múinteoireachta atá ann i gcúrsaí Gaeilge a bhíonn á dteagasc do dhaoine fásta ó cheann ceann na tíre.
“An sampla is fearr ná an Bhreatain Bheag. Tá lárionad ann do mhúineadh na Breatnaise do dhaoine fásta. Tá easnamh in Éirinn dó sin, do dhaoine fásta ar mian leo filleadh ar an nGaeilge. Níl sé córasach a bheith ag plé leis na heagraíochtaí éagsúla a chuireann ranganna ar fáil. Ba cheart go mbeadh lárionad do mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ann.
“Ní gá go mbeadh gach cúrsa á reáchtáil tríd an lárionad seo, d’fhéadfadh ionaid éagsúla a bheith ann ar fud na tíre, cúrsaí ar líne ar fáil, agus cúrsaí cónaithe do dhaoine fásta. D’fhéadfadh na múinteoirí agus na cúrsaí a bhíonn ar siúl sa Ghaeltacht agus sna heagraíochtaí eile creidiúnú a fháil ón lárionad seo,” a dúirt Ó Duibhir.
Dúirt sé go bhfuil an t-oideachas do pháistí agus an t-oideachas do dhaoine fásta “go hiomlán difriúil” lena chéile agus gurbh fhearr go mbeadh “cur amach” ag múinteoirí do dhaoine fásta ar an aosoideolaíocht nó “teastas” sa chineál sin múinteoireachta acu.
Dúirt daoine eile ar labhair Tuairisc leo a bhfuil taithí acu in earnáil mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil “aon chóras” i bhfeidhm maidir le teagasc na teanga i roinnt eagraíochtaí a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil agus go mbíonn múinteoirí áirithe “beag beann” ar shiollabais ná pleananna dá gceachtanna.
Dúradh go bhfágtar faoi na múinteoirí, ina nduine agus ina nduine, cinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí siollabais agus curaclaim agus go scaoiltear le múinteoirí do dhaoine fásta “pé rud is mian leo” a dhéanamh ina gcuid ranganna.
Dúirt duine eile nach mbíonn cáilíochtaí á lorg – sa Ghaeilge ná sa mhúinteoireacht – i gcuid de na heagraíochtaí a chuireann ranganna nó cúrsaí Gaeilge ar fáil agus go ndéantar measúnú ar oiriúnacht an mhúinteora bunaithe ar agallamh.
Bíonn “bunchéim ar a laghad” sa Ghaeilge nó bunchéim a raibh an Ghaeilge “lárnach” inti ag teastáil le bheith i do mhúinteoir in eagraíochtaí áirithe, a dúradh.
Dúradh le Tuairisc nach raibh córas rialta monatóireachta na cigireachta i bhfeidhm go hinmheánach ná go seachtrach ar na ranganna do dhaoine fásta agus gur faoi na heagraíochtaí féin a bhí sé measúnú a dhéanamh ar chaighdeán na múinteoireachta agus na gcúrsaí.
Dúirt duine amháin a bhí ag plé leis an earnáil go mbeadh “cruinniú” ann le múinteoirí dá ndéanfaí gearán faoi chaighdeán an ranga ach nach ndéanfaí aon mhonatóireacht ar theagasc na Gaeilge mura bhfaighfí gearán. Dúradh go raibh “liosta dubh” ann de mhúinteoirí nárbh fhéidir brath orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile, ach go bhféadfadh cúis eile seachas caighdeán an teagaisc a bheith i gceist le duine a bheith ar an liosta sin.
“Go hidéalach, bheadh cáilíocht éigin sa mhúinteoireacht ag na daoine a bhíonn ag múineadh. De réir mar a bhíonn éileamh ar chúrsaí ag fás, bíonn níos mó múinteoirí ag teastáil, agus bíonn sé deacair an t-éileamh sin a chomhlíonadh.
“Is cinnte go raibh duine nó beirt againn nach raibh féith an mhúinteora iontu. Níorbh iad na múinteoirí ab fhearr riamh iad, ach ní bhfuair muid aon ghearán fúthu,” a dúirt duine amháin.
Dúirt duine eile go mbeadh sé “deacair é a chur i bhfeidhm” dá dtabharfaí isteach córas faoina mbeadh ar mhúinteoirí do dhaoine fásta cáilíocht ar leith a bhaint amach, go háirithe san earnáil phríobháideach, ach go bhféadfaí coinníoll a chur leis an maoiniú a fhaigheann eagraíochtaí áirithe ó Fhoras na Gaeilge nó ó eagrais eile stáit.
Fág freagra ar '‘Easnamh’ i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta in Éirinn'