Easaontas idir Tusla agus Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa i gcosaint leanaí atá ar fáil i mBéarla amháin

Tá malairt tuairime ag Tusla agus Roinn na Gaeltachta faoin scéal nach bhfuil an rogha ag ‘mná tí’ na Gaeltachta cúrsa traenála nua a dhéanamh i nGaeilge

Easaontas idir Tusla agus Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa i gcosaint leanaí atá ar fáil i mBéarla amháin

Deir Tusla nach bhfuil aon dualgas orthu cúrsa traenála i gcosaint leanaí a chur ar fáil i nGaeilge do ‘mhná tí’ na Gaeltachta agus gur cheart do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, an cheist a ardú le Roinn na Gaeltachta más mian leo go mbeadh cúrsa i nGaeilge ar fáil.

Deir Roinn na Gaeltachta, áfach, nach orthusan atá an fhreagracht maidir lena leithéid de chúrsa i gcosaint leanaí a chur ar fáil do mhná agus fir tí na Gaeltachta.

I mBéarla amháin, atá an cúrsa traenála i gcosaint leanaí á chur ar fáil ar shuíomh Tusla. 

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí go bhfuil mná agus fir tí a bhfuil sé i gceist acu scoláirí a choinneáil an samhradh seo fágtha gan aon rogha acu ach an cúrsa traenála i gcosaint leanaí a dhéanamh i mBéarla cheal rogha Ghaeilge a bheith ar fáil.

Is gá do ‘mhná tí’ a choinníonn scoláirí na gcoláistí samhraidh an cúrsa traenála seo a dhéanamh de bharr na bhfreagrachtaí breise a leagann an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 ar eagraíochtaí, institiúidí oideachais agus daoine aonair a mbíonn páistí faoina gcúram.

I ráiteas a fuair Tuairisc.ie ó Tusla, deirtear nach bhfuil “aon fhreagracht reachtúil” orthu leagan Gaeilge a chur ar fáil d’ábhar atá mar chuid dá gclár ríomhfhoghlama agus go bhfuil an cúrsa á chur ar fáil mar “uirlis tacaíochta” d’eagraíochtaí agus do dhaoine ar mian leo leas a bhaint as.

“Tá an clár ríomhfhoghlama ina uirlis foghlama agus dá bhrí sin níl aon fhreagracht ar Tusla leagan Gaeilge a chur ar fáil.”

Deir Tusla gur “bunphrionsabal” de chuid an Achta um Thús Áite do Leanaí “gur ceist í an chosaint leanaí a bhaineann le cách” agus nach bhfuil “dualgas ar bith” ar Tusla “traenáil a chur ar fáil do gach duine agus do gach eagraíocht a bhíonn ag obair le páistí”. 

“Más mian le heagraíochtaí, ar nós CONCOS, leas a bhaint as an chlár ríomhfhoghlama ba cheart dóibh an cheist sin [seirbhís i nGaeilge] a ardú leis na ranna rialtais cuí,” a dúradh sa ráiteas ó Tusla.

Faoi chur chuige an Ghrúpa Idir-rannach reachtúil um Thús Áite do Leanaí, is faoi gach earnáil atá sé a chinntiú go bhfuil a ndualgais maidir le ‘Tús Áite do Leanaí’ á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil do na heagraíochtaí, na cumainn agus na daoine proifisiúnta a bhíonn faoina gcúram.”

Dúirt urlabhraí ó Tusla go raibh áit ag gach roinn rialtais ar an Ghrúpa Idir-rannach reachtúil um Thús Áite do Leanaí.

Deir Tusla go mbeadh siad sásta “ceisteanna dá leithéid a phlé” leis na ranna rialtais cuí ag an choiste sin agus “an bealach is fearr a aimsiú le dul chun cinn a dhéanamh”.

Is ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an fhreagracht maidir le riaradh na gColáistí Samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc ar an Roinn maidir leis an méid a bhí le rá ag Tusla, dúirt urlabhraí de chuid na Roinne gurb é Tusla atá freagrach “as folláine agus torthaí do leanaí a fheabhsú”.

“Tá Tusla, an ghníomhaireacht Stáit tiomanta atá freagrach as folláine agus torthaí do leanaí a fheabhsú, tar éis doiciméid agus foirmeacha acmhainní éagsúla sa Ghaeilge a chur ar fáil cheana féin ar a láithreán gréasáin.”

“Leanfaidh an Roinn ag obair le Tusla agus le baill eile an Ghrúpa Idir-rannach chun na haidhmeanna seo a chur chun cinn. Tá an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ina cathaoirleach ar an nGrúpa Idir-rannach um Thús Áite do Leanaí.”

Thug Tusla le fios go bhfoilsíonn siad doiciméid eile a bhaineann le polasaí na heagraíochta i mBéarla agus i nGaeilge, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, “ina n-áirítear doiciméid a bhaineann le Polasaí um Thús Áite do Leanaí” ach nach raibh aon dualgas reachtúil orthu i gcás an chúrsa ar líne faoi chosaint leanaí.

Fág freagra ar 'Easaontas idir Tusla agus Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa i gcosaint leanaí atá ar fáil i mBéarla amháin'

  • Éamonn Ó Floinn

    Feicim go bhfuil comharthaíocht dhátheangach ag Tusla agus go bhfuil chun na doiciméid sin a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla, ach cé faoi na rudaí tábhachtacha – an ceart labhairt leis an stát? Tada