Éan corr Phoenix ar fheabhas ar fad mar an Joker

Tá laigí in ‘Joker’ ach nuair atá sé os cionn a bhuille déanann sé léiriú ábalta ar an tslí gur féidir leis an saol agus an tsochaí duine a imeallú

Éan corr Phoenix ar fheabhas ar fad mar an Joker

Stiúrthóir: Todd Phillips
Cliar: Joaquin Phoenix, Robert de Niro, Zazie Beetz, Frances Conroy, Brett Cullen

Ba i 1966 a tháinig an tsraith áibhéalach, dathannach Batman os ár gcomhair le Adam West mar fhear an chába, Burt Ward mar ghiolla gualainne aige agus Cesar Romero mar Joker, an fear grinn atá imithe le craobhacha. Ó shin i leith tá raidhse scríbhneoirí, stiúrthóirí agus aisteoirí i ndiaidh go leor adhmaid a bhaint as fear na straoise.

Shroich an dúil mhíchuibheasach sa charachtar seo airde láin leis an gcarachtar éigiallta, foréigneach, suaite a cuireadh os ár gcomhair in The Dark Knight (2008).

Go deimhin bhain léiriú Heath Ledger, nach maireann, an solas ón gceann feadhna Christian Bale, a raibh moladh mór faighte aige roimhe sin as beocht as an nua a chur i gcarachtar a measadh a bhí curtha go tóin poill. Dá mairfeadh Ledger ní fios cén forás a bheadh tagtha ar an gcarachtar.

Roimhe sin d’éirigh le Jack Nicholson a thréithe sainiúla féin a thabhairt chuig an ról in Batman (1989) agus le déanaí thug Jared Leto, in ainneoin an bhúis agus an fhiántais ar fad, léiriú patuar go maith ar an gcarachtar.

Seo linn arís mar sin le Joaquin Phoenix i ról an chleasaí chraiceáilte. Is aisteoir an-chumasach é Phoenix agus thug sé taispeántais bhreátha uaidh i leithéidí The Master (2012), Walk the Line (2005) agus Gladiator (2000). Is dócha gurb é an ról deireanach acu sin an ceann a léiríonn canathaobh go bhfuil sé an-oiriúnach don ról seo.

In ainneoin na laigí atá sa scannán seo éiríonn le Phoenix dul go smior an charachtair shuaite bhuile seo. Is é atá i lár an aonaigh i ngach radharc sa scéinséir aigneolaíochta seo agus léiríonn sé Arthur Fleck mar fhear atá imeallaithe go hiomlán ag an tsochaí.

Nuair a chímid Arthur ar dtús tá fadhbanna tromchúiseacha meabhairshláinte aige agus é, ar éigean, ag tuilleamh a chrústa mar fhear grinn. Cadhan aonair agus éan corr é atá ag maireachtaint lena mháthair, duine eile nach bhfuil istigh léi féin. De réir a chéile cuirtear abhaile orainn go mbíonn seachrán céille ag cur as dó.

 

Tá an scannán suite in Gotham/Nua-Eabhrac na bliana 1981 agus léirítear an chathair mar áit atá ar imeall na haimléise; an choiriúlacht ag dul ó smacht, an dífhostaíocht go forleathan agus na seirbhísí tacaíochta a bhfuil Arthur Fleck ag brath orthu á gcur de dhroim seoil mar gheall ar chiorruithe airgeadais.  Tá Arthur cráite ag a intinn agus ag an tsochaí. Dar leis féin is cuma ann nó as é sa saol cruálach seo. Is léir go raibh scannáin na seachtóidí, saothair Scorsese cosúil le Taxi Driver, ach go háirithe, mar ábhar inspioráide don scannán seo.

Tagann buille maraithe na muice d’Arthur nuair a thagann cuntais faoi dhrochíde ina óige chun cinn. Eascraíonn an Joker as an gcíor thuathail intinne agus an phian sin.

Ní bheidh gan n-aon sásta leis an léiriú a dhéantar ar an meabhairshláinte nó leis an bhforéigean sa scannán, atá gan dealramh go minic. Fuaireas an-bhlas ar an léiriú a deineadh ar Nua-Eabhrac na linne agus theastaigh uaim go ndéanfaí a thuilleadh iniúchta ar ról na sochaí i riastradh Arthur.

Deineadh iarracht chiotach scéal mhuintir Wayne, Bruce féin, a tharraingt isteach sa chúram. Ní raibh aon ghá leis seo agus is dóigh liom gur chuir sé an scéal dá bhuille. Lena chois sin ar fad imíonn eachtraí amach ón gcairt ar fad agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe.

Ní nach ionadh fágann an chríoch conair chuig scannán leantach. Ní dóigh liom go mbeadh sin cuí mar d’fhillfeadh a leithéid ar an eachtraíocht agus ar chomhrac an Joker le Batman. Ní chuige sin an scannán seo. Cinnte, tá laigí ann, ach nuair atá sé os cionn a bhuille déanann sé léiriú ábalta ar an tslí gur féidir leis an saol agus an tsochaí duine a imeallú.  Agus tá Phoenix ar fheabhas.

Fág freagra ar 'Éan corr Phoenix ar fheabhas ar fad mar an Joker'