Ealaín ar leith atá ann sceach nó scéal a ghearradh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: na cosúlachtaí idir sceach agus saothar litríochta

Ealaín ar leith atá ann sceach nó scéal a ghearradh

Ghearr mé siar sceach an lá cheana. Bhuel, cúpla sceach. Ní raibh mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer agus na cromáin ag cur as di, tar éis aon gharraíodóireacht a dhéanamh ina gairdín le breis agus bliain anuas, agus is baolach nach raibh éinne eile ach oiread.

Ealaín ar leith atá ann, sceach a ghearradh siar. Ní mór a chinntiú go mbeidh cuma sceiche ar an diabhal sceach nuair a bheidh tú réidh. Má ghearrann tú siar an iomarca í, ní bheidh fágtha agat ach cúpla maide ag gobadh aníos as an talamh. Ach tá rud éigin faoin ngearradh a thugann an-sásamh don duine. Obair í a chothaíonn an riocht intinne rúndiamhrach sin ar a dtugann lucht na leabhar féinchabhrach flow. Bíonn sé an-deacair an bearrthóir a leagan uait.

Tarlaíonn an rud céanna don scríbhneoir – domsa, pé scéal é – agus an scrioschnaipe in úsáid aige. Bíonn sé an-deacair do mhéar a bhaint den diabhal rud. Mura mbíonn tú cúramach ní bhíonn fágtha agat, sula dtuigfidh tú cén díobháil atá á déanamh agat, ach cúpla líne ag gobadh aníos as ithir sheasc an leathanaigh bháin, mar a bheadh gais loma iontu, san áit a raibh radharc nach raibh rud ar bith cearr leis ach amháin go raibh sé ábhairín rófhada.

Bhí mé tagtha chomh fada leis an rósóg i ngairdín mo mham nuair a tháinig m’aintín ar cuairt.

‘Tá tú i bhfad róchúramach leis an mbearrthóir sin,’ a dúirt sí. ‘Beidh mórchuid craobhacha agat agus gannchuid bláth. Cuimhnigh, snoeien doet bloeien,’ a lean sí uirthi ina canúint láidir tuaithe Iar-Fhreaslannach. ‘Cothaíonn gearradh fás.’

Ní mholfainn ceachtanna scríbhneoireachta a thógáil ó m’aintín, bean a scríobhann teachtaireachtaí ar WhatsApp nach mbíonn camóg ná lánstad iontu. Ach glacaim le comhairle gharraíodóireachta uaithi gan aon agó.

Agus m’aintín ag breathnú thar mo ghualainn, ghearr mé siar an rósóg go dtí nach raibh fágtha ach cúpla maide ag gobadh aníos as an talamh.

‘Beidh sí sin lán bláthanna faoi cheann cúpla mí,’ a dúirt m’aintín go sásta.

Tá sé tugtha faoi deara agam go dtarlaíonn an rud céanna san eagarthóireacht ar shaothar ficsin, chomh fada is a bhíonn an saothar – lena chur i dtéarmaí garraíodóireachta – aibí a dhóthain. Níos minice ná a mhalairt, ní fhágtar bearna san áit a ngearraim abairt nó paragraf. Gobann línte úra aníos agus íomhánna, meafair nó smaointe iontu atá níos fearr ná na cinn a bhí sna línte a gearradh amach.

Rud beo a bhíonn sa togra scríbhneoireachta atá ag teacht faoi bhláth, agus is féidir leat coinneáil ort ag gearradh agus ag déanamh iontais faoin athfhás nádúrtha séasúr i ndiaidh séasúir.

Ach ar ndóigh tiocfaidh an lá go mbeidh ort do rósóg a chur isteach ar chomórtas garraíodóireachta, gabh mo leithscéal, go mbeidh ort do shaothar a chur chuig an bhfoilsitheoir, mar beidh sceacha eile tar éis gobadh aníos i ngairdín d’aigne a gcaithfear cuma shlachtmhar a chur orthu.

Fág freagra ar 'Ealaín ar leith atá ann sceach nó scéal a ghearradh'