Eachtra lámhaigh Utrecht – ar sceimhlitheoireacht a bhí ann ar chor ar bith?

Ar ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí san eachtra a tharla san Ísiltír Dé Luain nó an dúnmharú díoltais a bhí ann? Agus an ndeachaigh na húdaráis thar fóir nuair a dhún siad síos cathair Utrecht?

Eachtra lámhaigh Utrecht – ar sceimhlitheoireacht a bhí ann ar chor ar bith?

Ar ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí san ionsaí gunna inar lámhachadh triúr agus inar leonadh cúigear i dtram i gcathair Utrecht, san Ísiltír, Dé Luain, nó an dúnmharú díoltais a bhí san eachtra? 

Nó an dá rud?

Agus an t-alt seo á scríobh, níl na húdaráis cinnte faoin gceist sin fós.

Maidin Dé Luain, go gairid roimh a 11 ar maidin, rinne fear ionsaí gunna i dtram in Utrecht, mórchathair i gceartlár na hÍsiltíre. Maraíodh triúr agus gortaíodh cúigear, cuid acu sin go dona. D’éalaigh an fear leis.

Ar feadh an tráthnóna, chaith na húdaráis leis an scéal mar ionsaí sceimhlitheoireachta. Ar eagla go mbeadh fir ghunna eile ar tí dul i mbun gnímh, d’iarr na póilíní ar mhuintir Utrecht gan a dtithe a fhágáil. Dhún scoileanna a ndoirse. I bhfianaise ar tharla in Christchurch na Nua-Shéalainne Dé hAoine na seachtaine seo a chuaigh thart, cuireadh fórsaí slándála chuig moscanna na tíre.

Ach a luaithe is a gabhadh Gökmen T. – fear 37 bliain d’aois a rugadh sa Tuirc ach a raibh cónaí air san Ísiltír le blianta fada, agus a gcuirtear ina leith go ndearna sé an t-ionsaí – tháinig an chuma ar an scéal gur dúnmharú díoltais, cúinsí caidrimh leis, a bhí san eachtra. In agallaimh leis na meáin, bhí daoine a bhfuil aithne phearsanta acu ar an té a gabhadh ‘céad faoin gcéad cinnte’ nach ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí san eachtra. ‘Gealt a bhí i mo dhuine, andúileach drugaí, ach ní sceimhlitheoir a bhí ann,’ a dúirt fear amháin a dúirt go raibh aithne phearsanta aige ar Gökmen T. leis na blianta.

Mar sin féin, deir finnéithe a bhí i láthair nuair a tharla an eachtra gur scairt an té a gabhadh na focail ‘Allahu akbar’ nuair a scaoil sé a ghunna, agus tuairiscítear go bhfuil bratach ‘Jihadach’ agus téacsanna a bhagródh ar dhaonlathaigh agus ar ainchreidmhigh ar a leathanach Facebook.

An ndeachaigh na húdaráis thar fóir sa chaoi inar láimhseáil siad an scéal, ag dúnadh síos na cathrach, agus ar baineadh úsáid as an bhfocal tromchúiseach ‘sceimhlitheoireacht’ go ró-luath?

B’fhéidir nach ndeachaigh. 

Sa chéad dul síos, tá coinne le heachtra mar seo le fada an lá san Ísiltír, tír ina bhfuil cónaí ar mhilliún Moslamach a bhfuil roinnt acu faoi anáil iomámaí radacacha, agus tír ina ndéantar leatrom go minic ar Mhoslamaigh. 

Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh an dá rud a bheith i gceist. 

‘Rud a fheicimid go minic i gcás sceimhlitheoirí ná go dtagann cúinsí pearsanta agus cúinsí [polaitiúla] a spreagfadh gníomh sceimhlitheoireachta le chéile,’ a dúirt an saineolaí sceimhlitheoireachta Jeanine de Roy van Zuijdewijn le nuacht NOS.

‘Ní hé nach bhféadfadh an chéad rud a bheith i gceist toisc go bhfuil an dara rud i gceist freisin.’

Ag Gökmen T. amháin atá freagra na ceiste áirithe sin, ach idir an dá linn is é tuairim na coitiantachta ná gur láimhseáil na húdaráis an scéal i gceart – má chuaigh siad thar fóir, chuaigh siad thar fóir toisc nach raibh siad ag iarraidh dul sa seans.

Fág freagra ar 'Eachtra lámhaigh Utrecht – ar sceimhlitheoireacht a bhí ann ar chor ar bith?'