Éacht ab ea é seirbhís póilíneachta nua a bhunú ach an bhfuil an PSNI tagtha in inmhe?

Tráth a bhfuil amhras ar a lán faoina bhfuil i ndán do Stormont ní miste an tseirbhís póilíneachta, institiúid eile a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta a scrúdú

Éacht ab ea é seirbhís póilíneachta nua a bhunú ach an bhfuil an PSNI tagtha in inmhe?

Bhí an PSNI bliain is fiche ar an bhfód ag tús na míosa seo. An bhfuil siad tagtha in inmhe? Tráth a bhfuil amhras ar a lán faoina bhfuil i ndán do Stormont ní miste an tseirbhís póilíneachta, institiúid eile a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta a scrúdú.

Éacht ab ea é seirbhís póilíneachta nua a bhunú in áit an RUC, an fórsa a ghníomhaigh mar ghéag den stát aontachtach. Glacadh leis san idirbheartaíocht roimh an gComhaontú go raibh gá le seirbhís póilíneachta a thuillfeadh muinín an dá thraidisiún agus a bheadh ionadaíoch ar an bpobal Caitliceach chomh maith le Protastúnaigh. Cuireadh an cúram chun plean a ullmhú don bpóilíneacht nua ar choimisiún a raibh an t-iarpholaiteoir Caomhach, iarghhobharnóir Hong Cong, Chris Patten, ina chathaoirleach air.

Tá a fhios ag an saol anois go nglactar le tuairisc choimisiún Patten mar mhúnla don scothphóilíneacht i gcian agus i gcóngar. Dúirt Chris Patten an t-am seo anuraidh ag léacht in ómós do Shéamus Mallon gurb é an plean sin an cúram is mó a bhfuil sé bródúil as ina shaol oibre fada. Ráiteas suaithinseach ó fhear chomh hildánach ab ea é sin dar le Hugh Orde a thug léacht Mallon oíche Déardaoin ag cruinniú de chuid Fhondúireacht John & Pat Hume.

Ba é Orde Príomh-Chonstábla an PSNI sna luathbhlianta leochaileacha 2002-2009. Thuill sé moladh den chuid is mó as an tseirbhís nua a chur ar bhonn seasmhach. Fearacht an Tiarna Patten ba é a ról mar Phríomh-Chonstábla an t-údar ba mhó bróid a bhí ag Orde. ‘Leag Patten agus a chomhchoimisinéirí na treoirlínte síos agus ba é mo ghnó-sa iad a chur i bhfeidhm’ a dúirt sé.

I measc na n-athruithe ba mhó ar phóilíneacht bhí freagracht do Bhord agus d’Ombudsman, chomh maith le hearcaíocht 50/50 chun a chinntiú go mbeadh na póilíní ionadaíoch ar an bpobal Caitliceach. Mheas Orde go raibh an dá ghné sin maille le cur chuige a bhí bunaithe ar chleachtais chearta daonna lárnach i bhfódú an PSNI. Ba é sprioc Patten gur Chaitlicigh a bheadh in 30% de bhaill an PSNI. Baineadh é sin amach i dtréimhse Orde ach tá an sciar tite ó shin; 24% a bhí ann anuraidh. Chuir a chomharba, Matt Baggot deireadh le hearcaíocht 50/50 faoi bhrú ó aontachtaithe agus dhírigh easaontóirí poblachtacha a bhfeachtas marfach ar Chaitlicigh a chuaigh sna póilíní. Fadhb mhór don PSNI inniu is ea ganntanas Caitliceach agus easpa ionadaithe ó phobail eitneacha.

Sheachain Orde aon liosta de laigí na seirbhíse anois agus dhiúltaigh sé comhairle a chur ar an bPríomh-Chonstábla reatha. Ní raibh sá dall ar na fadhbanna atá ag Simon Byrne. Ní hamháin nach bhfuil an bhallraíocht chomh hilchineálach agus ba cheart ach tá sí níos ísle ná mar a ceapadh a bheadh de bharr ganntanas airgid. D’fhógair an PSNI le gairid go raibh feachtas earcaíochta agus oiliúna do bhaill nua curtha ar ceal d’uireasa maoine, an buiséad as a riocht de bharr na pairilise in Stormont.

Ní léir an bhfuil baint ag easpa foirne leis nó cúis éigin eile ach níl an PSNI thar mholadh beirte ag déileáil le fiosruithe ar dhúnmharuithe. Maraíodh scór fear i mBéal Feirste le deich mbliana anuas in eachtraí atá luaite le coiriúlacht eagraithe; ar éigean a fuasclaíodh cás ar bith. Creideann an pobal nach dtiocfaidh na póilíní orthu sin atá freagrach. Léirigh pobalbhreith le déanaí nach raibh muinín ag triúr as ceathrar go bhfuasclódh na póilíní na cásanna sin ná iliomad dúnmharú le linn na dTrioblóidí. Dúirt 43% gur bheag muinín a bhí acu agus mhaígh 32% nach raibh seans ar bith go réiteodh póilíní an fhadhb. Ní chuidíonn an éiginnteacht agus an éidreoir faoi pholasaí cóir i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí le cothú muiníne san PSNI ná le forbairt ábaltachta ina measc.

Seirbhís shibhialtach a bhí samhlaithe ag Patten don PSNI faoin tráth seo, beagnach cúig bliana fichead i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níor fíoraíodh an aisling sin i ngeall ar an mbagairt ó pharaimíleataigh. Níl an chontúirt sin maolaithe, faraor, mar a chonacthas ar an Srath Bán i gContae Thír Eoghain oíche Déardaoin nuair a rinne easaontóirí poblachtacha ionsaí buamála ar phóilíní. Tháinig an bheirt phóilíní slán ach chuir an eachtra an pobal áitiúil chomh maith leis an PSNI i mbaol.

Ní leithscéal é baol foréigin do na nithe nach bhfuil déanta, feabhas ar ráta braite coireanna, mangaireacht drugaí go háirithe, comhdhéanamh níos imeasctha, níos mó ionadaithe neamh-Phrotastúnacha i bpostanna sinsearacha, freagra sásúil ar eachtraí i measc na foirne inar deineadh ciapadh gnéis ar mhná agus aiseolas go pras d’éilimh ar fhaisnéis ó chúirteanna agus ó Ombudsman na bPóilíní.

Tá an taifead mantach gan dabht. Mar sin féin tá póilíneacht feabhsaithe thairis mar a bhí roimh bhunú an PSNI; rinneadh gaisce is gá a chosaint agus a bhisiú. Údar imní áfach is ea an brú a chuirfear ar phóilíneacht i bhfianaise an fholúis sa pholaitíocht agus an teannas ata á bhagairt ag dornán de bharr na guagachta faoin bprótacal iarBhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Éacht ab ea é seirbhís póilíneachta nua a bhunú ach an bhfuil an PSNI tagtha in inmhe?'