Dúshlán roimh na Muimhnigh agus na hUltaigh, ach is mó i bhfad ná sin an ceann atá roimh na Connachtaigh

Is ag an Arm Dearg a bheas buntáiste an bhaile an deireadh seachtaine seo agus na hUltaigh agus na Connachtaigh ar an mbóthar arís

Guinness PRO12, Scotstoun Stadium, Scotland 16/5/2015 Glasgow Warriors vs Ulster Ulster’s Sam Arnold tackled by Warriors’ Josh Strauss Mandatory Credit ©INPHO/Russell Cheyne
Beidh na hUltaigh ag imirt i gcoinne Ghlaschú don dara huair as a chéile in imeacht seachtaine. Pictiúr: INPHO/Russell Cheyne

Fuair na Muimhnigh sé úd agus iad i gcoinne na nDragons an deireadh seachtaine seo caite, ach ag an am céanna, theip ar na hOspreys an ceathrú húd a fháil agus iad i gcoinne na gConnachtach i nGaillimh. Dá bharr sin, is ag an Arm Dearg a bheas buntáiste an bhaile do chluichí réitigh chomórtas an Pro 12 an Satharn seo. Is cinnte go ndearna Cúige Chonnacht gar ollmhór do na Muimhnigh, iad ag tabhairt deis iontach agus chuile bhuntáiste dóibh agus iad ar thóir áit sa gcluiche ceannais a bheas á imirt i mBéal Feirste faoi cheann seachtaine.

Seans nach mórán de bhuntáiste do na Muimhnigh an cluiche i gcoinne na nDragons an Satharn seo caite mar réiteach don chluiche seo i gcoinne na nOspreys, seachas an ceacht sa gcosaint, nó droch-chosaint fiú, a fuair siad nuair a ghéill siad ceithre úd bhoga do na Breathnaigh. Má theipeann ar Axel Foley agus Jerry Flannery, foireann bhainistíochta na Mumhan, é seo a chur ina cheart, seans go mbeidh a gcúram i mbaol, fiú agus iad ag imirt sa mbaile ar fhód naofa Thuamhan. Ach mar sin féin, is deacair buntáiste an bhaile a chur as an áireamh sa gcomórtas seo, agus tá seachtain iomlán ag Foley rudaí, an chosaint san áireamh, a cheartú.

Ach roimhe sin, beidh na hUltaigh ag filleadh ar Ghlaschú. Beidh siad ag imirt i gcoinne Ghlaschú don dara huair as a chéile in imeacht seachtaine. Is ag Glaschú a bhí an lámh in uachtar an Satharn seo caite agus iad ag aimsiú an cheithre úd i gcoinne na nUltach a chinntigh gur acu atá buntáiste an bhaile don chluiche seo. Mar sin féin, is fiú a lua nár chuir Neil Doak leithéidí Rory Best ná Ruan Pinnear chun páirce don chluiche sin, cé go raibh fáil orthu. Fágadh i measc na n-ionadaithe iad. Seans gur buntáiste ar leith é sin do na hUltaigh, más leo an ceann is fearr a fháil ar fhir Alban an Aoine seo, lena chinntiú go mbeidh siad ag imirt sa gcluiche ceannais i mBéal Feirste faoi cheann seachtaine.

Sin mar atá cúrsaí ag bar an Pro 12, ach de bhrí gur éirigh le Cúige Chonnacht greim a fháil ar an seachtú háit ar thábla, ciallaíonn sin go bhfuil siad anois i gcomórtas trí fhoireann atá ar thóir spás i gCorn na gCoradh an chéad séasúr eile. Tá orthu dul go Gloucester Shasana, an Domhnach seo le tabhairt fúthu siúd, de bhrí gurb iad atá sa seachtú háit ar thábla an Premership, agus faoi cheann seachtaine eile beidh siad i gcoinne na foirne atá sa seachtú háit sa Top 14 (Racing Metro faoi láthair) thiar ar an mBóthar Beag. Beidh spás i gCorn an gCuradh ag pé foireann a mbeidh an líon is mó pointí acu ach a gcríochnóidh an trí chluiche.

Má tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh agus na hUltaigh an deireadh seachtaine seo, seans gur mó i bhfad ná sin an ceann atá roimh na Connachtaigh sa gcoicís atá amach romhainn!

Fág freagra ar 'Dúshlán roimh na Muimhnigh agus na hUltaigh, ach is mó i bhfad ná sin an ceann atá roimh na Connachtaigh'