Dún na nGall i bhfad rómhaith don Mhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Bhuail Dún na nGall greasáil ar chontae na Mí i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus Ciarraí anois rompu sa gcluiche ceannais

Dún na nGall i bhfad rómhaith don Mhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Dún na nGall 3-26 An Mhí 0-15

Dún na nGall agus Ciarraí a bheidh le chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 tar éis do na Conallaigh a gcumas a léiriú agus greadadh a bhuladh ar chontae na Mí i gcluiche leathcheannais an lae inniu.

Fiche pointe a bhí idir na foirne faoin am gur lasc Dáire Ó Baoill an liathróid isteach in Ardán Uí Ógáin chun deireadh a chur le cluiche a bhí thart mar choimhlint i bhfad roimhe sin.

Beidh díomá ollmhór ar fhoireann na Mí faoin taispeántas a thugadar agus an líon mór iarrachtaí a chuireadar ar fóraoil – 15 ar fad agus roinnt eile fágtha gearr – ach fiú dá mba rud é gur scóranna a bhí sna hiarrachtaí sin uile, shamhlófá go bhféadfadh Dún na nGall géarú tuilleadh ar na maidí dá mbeadh gá leis.

Seachas sa dara cuid den chéad leath nuair a bhuail tréimhse míchruinnis na Conallaigh, bhí sé deacair locht a fháil ar imirt sheaimpíní Uladh agus é soiléir go rabhadar céim nó dhó nó trí chun cinn ar a gcéilí comhraic.

Bhí Dún na nGall cúig phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-13 in aghaidh 0-8, agus ba léir fiú ag an bpointe sin go raibh an Mhí i dtrioblóid mhór. Bhí cóir na gaoithe ag na Laighnigh sa gcéad 35 nóiméad sin agus is cinnte nár bhain siad leas iomlán aisti agus scata mór iarrachtaí curtha ar strae acu.

Níor aimsigh aon fhoireann eile níos mó scóranna dhá phointe sa gcraobh i mbliana ná mar a d’aimsigh contae na Mí ach bhíodar ródhírithe ar an mbratach oráiste a ardú i bPáirc an Chrócaigh inniu agus iarrachtaí buailte acu faoi dheifir nuair a bheadh sé níos stuama b’fhéidir seilbh na liathróide a choinneáil. Naoi gcinn d’iarrachtaí ar scóranna dhá phointe a bhí ag contae na Mí sa gcéad leath amháin, ach níor aimsigh siad an sprioc ach le péire acu. Ní ar aon fhear amháin a bhí an locht – bhí Jordan Morris, Matthew Costello, Ruairí Kinsella agus tuilleadh nach iad ag déanamh botún nach féidir a dhéanamh ag an leibhéal seo.

Imreoirí na Mí in ísle brí théis an chluiche. Pic: INPHO/Bryan Keane

Ar an taobh eile, bhí Dún na nGall thar barr sa gcéad cheathrú uaire agus sé scór aimsithe acu óna gcéad sé iarracht acu, cic saor dhá phointe ó Michael Murphy sa naoú nóiméad ina measc. D’aimsigh Ruairí Kinsealla an chéad phointe don Mhí sa tríú nóiméad tar éis do Adam O’Neill obair mhaith a dhéanamh chun cic amach de chuid Shaun Patton a bhuachan. Chuaigh an Mhí chun tosaigh ansin, 0-3 in aghaidh 0-2, nuair a fuair an captaen Eoghan Frayne ceann den bheagán scóranna dhá phointe a gheobhadh siad, ach d’imigh cruinneas na Mí in olcas ina dhiaidh sin.

Easpa cruinnis na gConallach a d’fhág nár íoc an Mhí rómhór as na hiarrachtaí a chuireadar amú go dtí sin. Chuir Shane O’Donnell, Ryan McHugh, Matthew Thompson agus Oisín Gallen ceithre cinn d’iarrachtaí as a chéile amú i lár an chéad leatha ach shocraigh scór ó Michael Langan Dún na nGall arís agus thógadar ceannas ar an gcluiche as sin go dtí an briseadh.

Buaileadh buille mór ar chontae na Mí nuair a bhí ar an bhfathach Bryan Menton an pháirc a fhágáil agus é gortaithe agus bhain Dún na nGall leas as sin chun an lámh in uachtar a fháil i lár na páirce. Bhuadar ceithre cinn de chiceanna amach as a chéile, trí cinn de chuid na Mí ina measc, chun scóranna a chruthú do Michael Murphy, Oisín Gallen agus Ciarán Thompson agus iad anois cúig phointe chun tosaigh, 0-11 in aghaidh 0-6. Choinnigh Dún na nGall leis an bhforlámhas sin.

B’in an bhearna a bhí eatarthu ag leath ama ach d’fhéadfadh sí a bheith níos mó murach go ndearna cúl báire na Mí Bobby Hogan sábháil mhaith ar iarracht ó Hugh McFadden a stopadh tar éis 30 nóiméad.

An Mhí a d’aimsigh an chéad scór den dara leath nuair a sheol Keith Curtis an liathróid thar an trasnán taobh istigh den chéad 20 soicind ach ní tús le teacht aniar a bhí ann agus bhí freagra ag Conor O’Donnell le pointe do Dhún na nGall cúpla nóiméad ina dhiaidh.

Tháinig an cor cinniúnach sa gcluiche sé nóiméad isteach sa dara leath nuair a d’aimsigh na Conallaigh an chéad chúl. Tháinig sé ó chic amach de chuid Shaun Patton a bhris i dtreo Chaolán McColgan an taobh thall de líne 45m na Mí. Ghearr McGolgan isteach ó thaobh Ardán Uí Chíosóig agus thug sé an liathróid d’Oisín Gallen a bhí ag teacht trasna air. Bhí an uillinn ag géarú ar Gallen ach bhuail sé iarracht ghleoite lena chiotóg trasna an chúil agus díreach isteach sa gcúinne barr ar dheis.

Chuir an scór sin Dún na nGall chun cinn, 1-14 in aghaidh 0-10,  agus bhí bearna ocht bpointe eatarthu go luath ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh Dún na nGall briseadh eile ó chic amach de chuid na Mí le tús a chur le gluaiseacht a chríochnaigh le pointe ó Michael Murphy.

Tháinig an dara cúl do Dhún na nGall sa 49ú nóiméad nuair a baineadh an liathróid de Keith Curtis na Mí lasmuigh den stua. Chuaigh Dún na nGall ar an bhfrith-ionsaí tríd lár na páirce agus thug Ryan McHugh an pas deireanach do Chiarán Moore a bhí ag rith ar cosa in airde i dtreo an chúil. Chuaigh Moore thar dhuine amháin de chosantóirí na Mí sular bháigh sé iarracht íseal go cúl na heangaí chun aon phointe dhéag a chur idir na foirne, 2-16 in aghaidh 0-11.

Lucht tacaíochta Dhún na nGall ag ceiliúradh. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Choinnigh an Mhí orthu ag treabhadh leo ach is beag a bhíodar a bhaint agus iarrachtaí ag titim ar dheis, ar chlé agus chuile áit eile seachas thar an trasnán.

Ar an taobh eile, d’aimsigh Dún na nGall 1-10 sa 20 nóiméad deireanach gan iarracht ar bith a chur ar strae. Conor O’Donnell, a chríochnaigh le 1-4, a d’aimsigh an cúl i ndiaidh do Jason McGee agus Oisín Gallen go háirithe obair mhaith a dhéanamh chun an deis a chruthú.

Bhí Dún na nGall chomh mór sin chun cinn go raibh Jim McGuinness sásta Michael Murphy a bhaint den pháirc agus 25 nóiméad fágtha. Trí phointe a d’aimsigh an fear a tháinig isteach ina áit, Paddy McBrearty, agus fonn ar na hionadaithe uile dul i bhfeidhm ar an mbainisteoir. D’aimsigh Dáire Ó Baoill pointe, rinne Caolan McGonagle sárbhlocáil agus baint bhí baint ag McGee le ceann de na cúil.

Beidh an painéal uile ag teastáil chun an ceann is fearr a fháil ar David Clifford agus ar Chiarraí sa gcluiche ceannais ach seans nach bhfuil aon dream níos fearr chun díriú isteach ar an dúshlán sin sa gcoicís atá romhainn.

Dún na nGall: S Patton (0-1); F Roarty, B McCole, P Mogan (0-1); R McHugh (0-1), E Gallagher, C McColgan; H McFadden, M Langan (0-3); S O’Donnell (0-1), C Thompson (0-2), C Moore (1-1); C O’Donnell (1-4), M Murphy (0-6), O Gallen (1-1). Fir Ionaid: P McBrearty (0-3) in áit Murphy (45), J McGee in áit McFadden (50), C McGonagle in áit McColgan (52), D Ó Baoill (0-1) in áit McHugh (55), O McFadden-Ferry in áit Mogan (59).

An Mhí: B Hogan, S Lavin, S Rafferty, R Ryan; D Keogan, S Coffey, C Caulfield; B Menton, A O’Neill; C Duke, R Kinsella, K Curtis; J Morris, M Costello, E Frayne. Fir Ionaid: C Gray in áit Menton (21), E Harkin in áit O’Neill (46), J McEntee in áit Lavin (50), B O’Halloran in áit Curtis (57), S Walsh in áit Kinsella (62).

Réiteoir: Paul Faloon.

Fág freagra ar 'Dún na nGall i bhfad rómhaith don Mhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann'