Dún na nGall ag dul sa ghleo ó thuaidh agus tús á chur le craobh Laighean

Cuirfidh Dún na nGall tús lena bhfeachtas craoibhe tráthnóna in aghaidh Aontroma, agus tá go leor cluichí eile i gcraobh Laighean

Dún na nGall ag dul sa ghleo ó thuaidh agus tús á chur le craobh Laighean

Michael Murphy agus Neil McGee ag labhairt le Cormac Reilly. INPHO/Tom Beary

Dún na nGall v Aontroim, Páirc Mhic Cumhaill, 4.00i.n.

Ocht mbliana ó shin, d’fhág peileadóirí Aontroma Páirc Sheáin Mhic Cumhaill i mBaile Féich tar éis dóibh Dún na nGall a dhíbirt ó Chraobh Uladh agus bua 1-10 in aghaidh 0-12 acu ar na Conallaigh.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chás na bhfoirne ó shin i leith, áfach. Cé gur shroich siad cluiche ceannais an chúige i ndiaidh an bhua sin in 2009, níl ach cluiche amháin eile buaite ag Aontroim i gCraobh Uladh ó 2010, i gcoinne Fhear Manach trí bliana ó shin.

Malairt scéil atá ag Dún na nGall atá ag iarraidh cluiche ceannais Uladh a bhaint amach den seachtú huair as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann sa chúige ó lár na 1950í. Cuirfidh siad tús lena n-iarracht ar Pháirc Mhic Cumhaill, áit nach bhfuil aon chluiche caillte acu, sa tsraith ná sa chraobh, ó 2010, agus 17 cluiche ar fad imeartha acu ann le linn na tréimhse sin.

Níor cheart go mbeadh mórán stró orthu tráthnóna ach an oiread. Bhí daoine an-tógtha le taispeántais na gConallach i rith an earraigh, agus go háirithe leis an mianach a léirigh roinnt de na himreoirí óga acu, leithéidí Eoin McHugh, Ciarán Thompson, agus Eoghain Bán Gallagher.

Níor éirigh chomh maith céanna, ná baol air, le hAontroim sa tsraith agus díbríodh iad ó Roinn 3 agus gan ach dhá cheann dá seacht gcluiche buaite acu. Bhí dea-scéal acu i rith na seachtaine, áfach, agus é fógartha go mbeidh an tosach Matt Fitzpatrick ar fáil dóibh toisc cinneadh CLG é a chur ar fionraí curtha ar ceal. Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na taispeántais mhaithe atá á dtabhairt uaidh ag CJ McGourty le cúpla mí anuas, ba cheart go mbeadh Dún na nGall róláidir dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Imreoir Laoise, Donie Kingston. INPHO/Donall Farmer

Laois v an Longfort, Páirc Uí Mhórdha, 3.00i.n.

An Lú v Cill Mhantáin, Páirc Pharnell, 3.00i.n.

Ceatharlach v Loch Garman, Páirc Uí Chuileáin

Is iad Laois an fhoireann eile a díbríodh ó Roinn 3 i mbliana agus cuirfidh siadsan agus go leor foirne eile i gCúige Laighean tús lena bhfeachtais sa gcraobh tráthnóna. Níor bhuaigh Laois ach dhá chluiche sa tsraith ach is i gcoinne An Longfoirt a bhuaigh siad ceann acu sin. D’aimsigh Donie Kingston 0-9 sa chluiche sin agus ba cheart go mbeadh an lá leo arís tráthnóna, go háirithe agus gan mórán dul chun cinn á dhéanamh ag An Longfort i gcraobh an chúige le roinnt blianta anuas.

Is i bPáirc Pharnell i mBaile Átha Cliath a bheidh an cluiche idir Lú agus Cill Mhantáin. Beidh an Lú breá sásta leis an méid a bhain siad amach le linn an earraigh agus an t-ardú céime go dtí Roinn 2 faighte acu. A mhalairt atá fíor faoi Chill Mhantáin. Cé go raibh siad ag imirt i Roinn 4, níor bhuaigh foireann Johnny Magee ach cluiche amháin. An uair dheireanach ar chas na foirne seo ar a chéile sa chraobh, in 2007, bhí trí chluiche imeartha acu faoin am ar thug Contae Lú an lá leo. Seans nach mbeidh ach aon chluiche amháin ag teastáil i mbliana uathu.

Cé gurb é Davy Fitzgerald a tharraing aird na meán i Loch Garman go dtí seo, tá Séamus McEnaney ag obair leis go ciúin le peileadóirí an chontae in 2017. Fuair siad ardú céime ó Roinn 4 agus bheadh súil acu bua a fháil ar Cheatharlach tráthnóna, cé gur bhuaigh an fhoireann chéanna orthu sa bhabhta deireanach den tsraith. Bhí an obair chrua ar fad déanta ag Loch Garman faoin am sin, áfach, agus seans maith gurbh iadsan a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa chéad bhabhta eile.

Rogha Tuairisc.ie: Laois, Lú agus Loch Garman

Fág freagra ar 'Dún na nGall ag dul sa ghleo ó thuaidh agus tús á chur le craobh Laighean'