Craobh Shinsir Iomána na hÉireann – Babhtaí Leathcheannais
Cill Chainnigh v TIobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar RTÉ & BBC)
Tá sé deacair a chreidiúint gurb é cluiche leathcheannais an lae inniu an chéad uair ag iománaithe sinsir Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh ó bhuaigh siad ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann 2019 agus is deacair a chreidiúint chomh maith gurb é sin an uair dheireanach ar chas fathaigh seo na hiomána ar a chéile sa gcraobh.
Is dócha gur léiriú maith iad na fíricí sin ar an gcaoi ar thit an tóin as na Tiobraid Árannaigh idir an dá linn agus ar an obair atá déanta chun iad a thabhairt ar ais. Tá péire de chraobhacha mionúir buaite ag Tiobraid Árann idir an dá linn agus an Chraobh Faoi 20 curtha leo acu díreach cúpla seachtain ó shin.
Tá Darragh McCarthy, Sam O’Farrell agus Oisín O’Donoghue i measc na n-imreoirí ón bhfoireann Faoi 20 sin atá mar chuid d’fhoireann na sinsear chomh maith agus Liam Cahill sásta an meascán sin den óige agus den taithí a fháil. Bhí Tiobraid Árann go maith gan a bheith iontach i gCraobh na Mumhan ach bhíodar cumasach in aghaidh na Gaillimhe i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann agus ógánaigh agus seanfhondúirí ag teacht chun cinn.
O’Donoghue a d’aimsigh an cúl a bhí mar bhuille maraithe na muice sa gcluiche sin ach is ar an mbinse a thosóidh sé inniu agus an fhoireann chéanna roghnaithe ag Cahill a thosaigh ina mbua ar Ghaillimh. Fágann sin gur ar an mbinse freisin atá Noel McGrath ach is cinnte go bhfeicfear é ag pointe éigin.
Tá McGrath ar dhuine den naonúr ar fhoireann Thiobraid Árann a bhí ann in 2019 agus beidh taithí leithéidí Ronan Maher agus Michael Breen thar a bheith tábhachtach tráthnóna. Níl ualach taithí ag na himreoirí eile i gcosaint na foirne agus cé go raibh Gaillimh leamh go maith cúpla seachtain ó shin, chruthaigh siad roinnt deiseanna ar chúil mar sin féin. Má tharlaíonn an rud céanna inniu, is cinnte go n-íocfaidh Tiobraid Árann as, go háirithe agus Eoin Cody ar ais ag Cill Chainnigh.
Níor imir Cody ón mbua a bhí ag Cill Chainnigh ar Aontroim sa dara babhta de Chraobh Laighean ach tá sé anois tagtha ar ais ón ngortú a bhí ag cur as dó agus é ar cheann den dá athrú atá déanta ag Derek Lyng ón bhfoireann a bhuaigh cluiche ceannais Laighean. Is in áit Stephen Donnelly a bheidh Cody ag imirt agus Shane Murphy ag tosú sa gcosaint chomh maith in áit Tommy Walsh.
Seans gur ag marcáil Darragh McCarthy a bheidh Murphy agus Huw Lawlor agus Mikey Butler le haire a thabhairt do Jason Forde agus John McGrath, beirt atá ag imirt go maith do Thiobraid Árann i mbliana. Beidh cath suimiúil eile idir Jake Morris agus Paddy Deegan agus beidh ar Chill Chainnigh réiteach a dhéanamh chun Andrew Ormond a mharcáil má tá Richie Reid chun suí siar mar leathchúlaí láir, mar a dhéanann sé go hiondúil.
Breathnaíonn sé go bhféadfadh an buntáiste a bheith ag Cill Chainnigh sna línte lánchúil agus lántosaithe agus más mar sin a bhíonn, na Cait a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.
Fág freagra ar 'Dul chun cinn déanta ag Tiobraid Árann ach is deacair taithí na gCat a shárú'