Duine faoi mhíchumas mé – ní haon rud nua domsa a bheith sáinnithe sa teach

Nuair atá an ghéarchéim thart fillfidh daoine ar a ngnáthshaol, ach beidh daoine faoi mhíchumas fós sáinnithe ar chúl an tí ceal tacaíochta 

Duine faoi mhíchumas mé – ní haon rud nua domsa a bheith sáinnithe sa teach

Agus ceannairí ar fud an domhain ag caint ar na híobairtí a chaithfidh muid uilig a dhéanamh i ngeall ar an gcoróinvíreas, sílim féin nach aon nath sin domsa toisc gur duine faoi mhíchumas mé is tá mé dulta i dtaithí ar a bheith ar chúl an tí sa mbaile.

Mar dhuine atá faoi mhíchumas, tá cabhair ag teastáil uaim chun rudaí ar leith a dhéanamh, mar shampla, dul chuig an leithreas, m’éadaí a chur orm agus cith a thógáil. De ghnáth, is iad mo thuismitheoirí a bhíonn i mbun an chúraim sin. Cuirtear cúntóir pearsanta ar fáil dom agus mé san ollscoil ach seachas sin, caitheann mé an chuid is mó den samhradh sáite sa mbaile toisc nach bhfuil aon chúntóir pearsanta agam féin.

Chuirfeadh cúntóir pearsanta go mór le mo chuid neamhspleáchais. Ligfeadh sé dom post a fháil, obair dheonach a dhéanamh, nó dul chuig an nGaeltacht chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Ligfeadh sé dom mo shaol féin a bheith agam seachas a bheith ag brath ar mo thuismitheoirí. Bheadh an seans céanna agam is atá ag daoine ar comhaois liom an saol atá uaim a bhaint amach.

Ach faraor, níl dóthain maoinithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun cúntóir  pearsanta a chur ar fáil.  Tá an liosta feithimh sách fada agus fiú nuair a bhíonn cúntóir pearsanta ag daoine, ní fhaigheann siad ach thart ar dhaichead nóiméad leo in aghaidh an lae. San achar sin, d’fhéadfá cith a thógáil agus do chuid éadaí a chur ort, agus b’fhéidir bricfeasta deas a bheith agat, má bhíonn tú sciobtha. 

Is beag seans go bhféadfá saol iomlán a bheith agat, áfach.

Is beag an dul chun cinn a rinne an rialtas faoi seo.   Nuair a tháinig an ghéarchéim eacnamaíochta in 2008, gearradh siar ar an maoiniú a bhí curtha ar leataobh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus níl an maoiniú sin curtha ar ais go fóill. Lena chois sin, cé gur ghlac an rialtas le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine a Bhfuil Míchumas Orthu in 2006,  níor cuireadh i bhfeidhm é go dtí 2017, deich mbliana ina dhiaidh sin. 

Bliain ó shin, nach mór, fógraíodh go rabhthas chun deireadh a chur leis an deontas oiliúna do dhaoine faoi mhíchumas.  Ní haon ionadh mar sin gurb í Éire an tír is measa in Iarthar na hEorpa ó thaobh daoine faoi mhíchumas de – tá baol 38.5% ann go mbeidh duine atá faoi mhíchumas beo bocht, de réir figiúirí an Aontais Eorpaigh.

Is baolach agus géarchéim eile ag drannadh linn go mbeidh tuilleadh gearradh siar á dhéanamh ar an maoiniú atá curtha ar leataobh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus go gcuirfear ceart na ndaoine sin ar an méar fhada go ceann tamall eile.

Léiríonn an chaoi ar chaith an rialtas le daoine faoi mhíchumas gurb iad an chloch is lú ar a bpaidrín in am an ghátair.   

Tá mise dhá bhliain is fiche d’aois. Tá mé ar tí an ollscoil a fhágáil i gceann cúpla seachtain. Ba cheart dom a bheith sceitimíneach faoina bhfuil i ndán dom sa saol. Is a mhalairt atá mé.  Tá eagla orm nach mbeidh tacaíocht ar fáil dom. Tá eagla orm go mbeidh orm fanacht sa mbaile agus gan le déanamh agam ach a bheith ag léamh leabhar nó ag scríobh scéalta. Tá eagla orm, nuair a bheidh mo thuistí i gcré na cille, go gcuirfear i dteach altramais mé agus mé fós óg. 

Go mbeidh mé ar chúl an tí de shíor.

Sea, tá a fhios agam go bhfuil muid báite san anró i láthair na huaire. Ach nuair atá an ghéarchéim thart, is féidir le cuid mhaith daoine filleadh ar a ngnáthshaol.

Ach beidh daoine faoi mhíchumas fós ar chúl an tí. 

Fág freagra ar 'Duine faoi mhíchumas mé – ní haon rud nua domsa a bheith sáinnithe sa teach'