Gné spéisiúil eile de scéal DJT go bhfuil táinseamh déanta air ach nach bhfuil lucht dlí na Stát Aontaithe ar aon fhocal amháin gur féidir sin a dhéanamh agus uachtarán as oifig.
Suimiúil mar sin féin do mhachnamh a dhéanamh ar na himpleachtaí sa chás go leanann siad den imeacht táinsimh. Amharc, mar shampla, ar dhea-shampla Liz Cheney, ionadaí poblachtánach, a vótáil gur chóir táinseamh a dhéanamh ar Trump, ceannaire a páirtí féin. Níl fiacha orm a rá go bhfuil a gníomh ag cur oilc ar lucht leanúna an iar-uachtaráin.
Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi Liz Cheney gur iníon de chuid Dick Cheney í, iar-leasuachtarán de chuid na Stát Aontaithe faoi George W. Bush, aka Dubya, agus fear a bhí mór le Donald Rumsfeld, aire cosanta de chuid rialtas Bush.
Ba iad Dubya, Dick agus Donnie a fuair ‘faisnéis’ go raibh airm ollscriosta (AOS) san Iaráic, rud a shaothraigh leithscéal dóibh ionradh a dhéanamh ar an tír sin, Saddam Hussein a cheapadh agus a mharú agus na mílte mílte eile de bhunadh na tíre sin a shíobadh chun na síoraíochta.
Faraor, bhí an ‘fhaisnéis’ a bhí ag an triúr D chomh lochtach le plean teanga agus fuarthas amach nach raibh aon AOS san Iaráic. Dang agus, oops, bhí na mílte marbh ach, bhuel, cad é is féidir leat a dhéanamh?
(Más buan mo chuimhne, agus fáilte roimh cheartúchán, níor bhac údaráis Mheiriceá le líon na marbh Iarácach a chuntas; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid acu.)
B’fhéidir, mar sin, go bhfuil Liz i ndiaidh gar a dhéanamh dúinn uilig. Más féidir léi táinseamh a dhéanamh ar Trump agus é as oifig as óráid ghríosaitheach a thabhairt; an féidir le polaiteoirí mórmhorálta eile Mheiriceá an próiseas céanna a úsáid agus a fhorbairt leis an bhanna buachaillí, Dubya, Dick agus Donnie, a cháineadh fosta as a n-eachtraí fola agus as an fhaisnéis nárbh fhaisnéis í?
Scéal Conallach
Scéal atá amuigh ar an scríbhneoir Chonallach, Peadar O’Donnell, don am atá ann. Léigh mé píosa – agus maith dom é, ní thig liom teacht ar an leabhar anois – léigh mé scéilín faoin Dálach ina raibh sé ag caint le comhghleacaí. Á, arsa an comhghleacaí, is é an donas é go bhfuil pobal na hÉireann céasta ag an chléir (“priest-ridden”). Ó, a fhreagraíonn O’Donnell, ní fíor duit, is iad na sagairt atá céasta ag an phobal (“people-ridden”).
Is é rud a thuigim as, más buan mo chuimhne, go raibh O’Donnell ag tabhairt leid bheag gur thaitin sé le pobal na hÉireann bheith ag sodar go slítheánta i ndiaidh na n-uaisle, ba chuma cérbh iad; nach raibh rud ar bith ann a d’iarrfadh cléireach orthu nach ndéanfadh an tuata le díograis níos mó é.
(Agus ná bí chomh dalba agus a rá go bhfuil an pobal anois fuipeáilte ag forásaigh (“progressive ridden”). Díbreofar de Twitter thú!)
B’fhiú rud eile a lua faoin Dálach; scríobh sé úrscéal cáiliúil Adrigoole (1929) faoi fhíorscéal tragóideach, teaghlach a fuair bás den ocras i gCorcaigh sa bhliain 1927. (D’aistrigh Seosamh Mac Grianna an leabhar go Gaeilge mar Eadarbhaile (1953).)
Só, sin saothar cáiliúil bunaithe ar dhaoine a fuair bás den ghorta, ina dteach féin, ina dtír féin agus rialtas dá gcuid féin i nDuibhlinn faoi chúpla bliain de bhunú an Stáit nua. Bhí an scéal i gcló faoi 1929 i mBéarla, 90 bliain ó shin, ar neamhchead easpaig nó eile.
Ach tá meáin mheánaicmeacha Bhaile Átha Cliath go díreach i ndiaidh fáil amach go raibh saol crua ag daoine gan airgead in Éirinn, go raibh bochtanas marfach ann. (An duine atá thuas óltar deoch air agus an duine atá thíos…)
Nach mór an trua nach raibh an Irish Independent, The Irish Times, The Examiner, RTÉ, ar bun le scéalta den tsórt seo a thuairisciú fadó fadó? Nach míle measa an scéal é nach raibh Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre nó Sinn Féin ar bun 90 bliain ó shin le stocaireacht a dhéanamh ar son na mbocht agus seirbhísí agus airgead a chur ar fáil dóibh?
Ó, fan…
Droch-chaint agus círéibeacha
Déanaim an taighde ionas nach gcaithfidh tusa. Agus mé ag amharc ar an tráchtaire pholaitiúil agus scríbhneoir, Andrew Klavan (níl ‘e’ ar bith i Klavan), ar YouTube, rinne sé caint cháinteach ar Bhuachaillí an Bhróid, lucht chíréibeacha An Chaipeatóil agus QAnon. “Feckless gobshites” a thug sé orthu. Agus ‘gobshite’ a thug sé orthu; ní ‘gobshit’.
Gobshites! Bhí mé sna tríthi gáire ag éisteacht leis. Cá bhfuair fear de bhunadh Nua-Eabhrac agus a chónaíonn anois i gCalifornia, cá bhfuair sé an focal ‘gobshite’ riamh, focal a shíl mé féin a bhain go dlúth le Béarla na hÉireann amháin? Ní raibh an oiread iontais orm ó chuala mé an focal “clábar” as béal Rooster Cogburn (John Wayne) sa scannán, True Grit (1969).
Is ait aisteach mar a thrasnaíonn focail tonnta. An fada uainn go mbeidh Klavan ag caint ar ‘langers’, ‘tubes’ agus ‘eejits’?
Fág freagra ar 'Dubya, Dick, Donnie agus an fhaisnéis nach faisnéis'