Drochscéal i ndiaidh droch-scéala roimh theacht Cameron

Tharlódh go mbeadh tairiscint airgid á déanamh do na páirtithe ach d’fhéadfadh roinnt ceisteanna maitheas na gcainteanna a chur ar ceal

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá breis is scór banc bia ag freastal ar dhaoine ar fud Thuaisceart Éireann agus ina theannta sin tá na heagraíochtaí carthanachta ar nós St. Vincent de Paul agus pobal Shíomóin níos crúógaí ná riamh.

Tá brú mór ar sheirbhísí sláinte agus ciorruithe á mbagairt ar gach cineál seirbhíse a mbraitheann an pobal air.

Le cúpla seachtain anuas, ba gheall le comórtas é idir airí i Stormont ag fógairt drochscéala. Bhí a bhformhór ar rith aonair á chur in iúl go gcaithfidís postanna agus seirbhísí a ghearradh i ngeall ar an laghdú ar bhuiséad a ranna.

Ní nach ionadh, is ar dhuine éigin eile a bhi an milleán.

Sin é an cúlra a bhaineann le cuairt David Cameron agus Enda Kenny ar Stormont.

Chaith an DUP an bhliain seo caite ag rá nach raibh a thuilleadh airgid le fáil ó Londain agus gur cheart do Shinn Féin agus don SDLP a bheith réalaíoch faoi chiorruithe leasa shóisialaigh.

Go hobann, tá an DUP ar an bport céanna le Sinn Féin – iad araon ag tathaint ar Phríomh-Aire na Breataine a sparán a oscailt.

D’aontaigh gach pairtí sa bhFeidhmeannas go raibh gá le maoiniú breise chun dul i ngleic le ‘riachtanais speisialta’ Thuaisceart Éireann.

Déircínteacht mar is gnách, dar le roinnt ach tá cúis leis an éileamh.

Tá caiteachas ollmhór ar infrastruchtúr riachtanach mar gur déanadh faillí agus damáiste as cuimse le linn na dTrioblóidí. Tá riachtanais sláinte, meabhairshláinte go háirithe, ar phobal iarchoinbhleachta nach mbaineann leis an gcuid eile den daonra sa tír seo ná sa Bhreatain.

Cé nach bhfuil an dífhostaíocht chomh holc ó thuaidh is atá ó dheas, tá líon mór daoine gan obair go fadtéarmach sna ceantair is boichte. Sin iad na ceantair is lú a bhraitheann buntáiste ón nuapholaitíocht.

Níor airigh a bhformhór díbhinn síochána ar bith.

Anuas air sin, is é sparán Stormont atá ag íoc as cibé fiosraithe nó seirbhísí – dá laghad iad – a chuirtear ar fáil chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Níl sé míréasúnta a rá gur cheart don Státchiste an costas sin a sheasamh.

Seans go bhféadfadh Whitehall cabhair airgid a iarraidh ón Aontas Eorpach, ó Bhaile Átha Cliath agus fiú ó Washington.

Thiocfadh leis an mBreatain maoiniú d’infrastruchtúr agus do cheisteanna ‘oidhreachta’ a thairiscint fiú má tá Cameron ag cur cos i dtaca faoi chursaí leasa shóisialaigh.

Dá mbeadh an t-airgead ag Stormont chun gnáthfhorbairt a dhéanamh, ba cheart go mbeadh an Feidhmeannas in ann gabháil i ngleic leis an laghdú ar sholathar d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Chaithfidís a bheith cruthaitheach.

Agus ar ndóigh, chaithfidis comhoibriú lena chéile – rud nach bhfacamar le fada.

Ní léir fós an bhfuil tairiscint á déanamh do na páirtithe nó, má tá, cén sórt é agus cé na coinníollacha a bheidh ag dul leis.

D’fhéadfadh ábhar ar bith – bratacha, paráidí nó an buiséad féin teacht salach ar na cainteanna seo.

Tá gá le misneach, samhlaíocht agus tiomantas don ghnó chun réiteach a aimsiú agus a chur i gcrích. An bhfuil an mianach sin sna pearsana a bhaineann le hábhar anseo? Sin í an cheist.

Fág freagra ar 'Drochscéal i ndiaidh droch-scéala roimh theacht Cameron'