Dráma faoi fhear as Conamara a réitigh an bealach d’imirceoirí sna Stáit Aontaithe

Is tráthúil agus caint go leor á déanamh faoin imirce go bhfuil fear ábalta agus uasal as Béal an Daingin i gConamara á thabhairt chun cuimhne

Dráma faoi fhear as Conamara a réitigh an bealach d’imirceoirí sna Stáit Aontaithe

Beirt dornálaithe mar a bheidís i mbun traenála.  Sin é an pictiúr poiblíochta atá ag grúpa drámaíochta an East Side i nGaillimh; tá sé ar an bhfógra a bhaineann le dráma a bheidh ar bun i stiúideo an Town Hall Theatre an tseachtain seo. Baineann an dráma le saol Mhaidhc Joyce as Béal an Daingin i gConamara a chaith formhór a shaoil i Meiriceá. 

Ba dheacair dóibh siúd a chuir aithne ar Mhaidhc Joyce agus é ag teannadh amach sna blianta ceird na dornálaíochta a shamhlú leis. Fear chomh séimh agus chomh suáilceach níor shiúil an talamh ariamh. Ach, nuair a bhí an téagar ina ghéaga ina fhear óg bhí Maidhc Joyce ina sheaimpín éadrommheáchain in Arm na hÉireann.

I nDún Uí Mhaoilíosa ar an Rinn Mhór i nGaillimh a bhí Maidhc san Arm. Bhí go leor comhluadair as Conamara ina chuideachta ansin sna 1940idí, cuid acu a d’fhan agus cuid acu a d’imigh. Bhí Maidhc ina measc siúd a chroch a chuid seolta agus a chuaigh trasna an Atlantaigh i 1949. Thosaigh sé ag obair i dteach tábhairne i lár chathair Bhostúin agus le himeacht aimsire fuair sé post i rannóg na hinimirce i bParlaimint an Stáit in Massachusetts.  Chuaigh a cháil i bhfad agus i ngearr de bharr na tuisceana a bhí aige ar an gcóras inimirce. Rinne Éireannaigh cosán dearg chuig a dhoras ach ní taobh le muintir na tíre seo a bhí gach dream a chuaigh chomh fada leis. Má bhí leigheas ar dheacracht an imirceora i dtaobh dhlisteanacht a chuid stádais, bheadh a fhios ag Maidhc é. Ar ndóigh, chuidigh an bealach gnaíúil agus sibhialta a bhí aige le Maidhc ina chuid oibre freisin.  Bhí chuile dhoras oscailte roimhe.

Ordinary Man – Extraordinary Heart an teideal atá ar an dráma faoi shaol Mhaidhc atá curtha i dtoll a chéile ag an ngrúpa East Side i nGaillimh. Teideal sách maith é ar dhráma a mhaireann 90 nóiméad. Ach, tá go leor le n-inseacht.

I dTeach Tábhairne Purcells gar don Pharlaimint Stáit i mBostún a thosaigh Maidhc ag obair i 1949.  Bhíodh cuimse polaiteoirí isteach agus amach ann. Bhí cuimhne mhaith ag Maidhc ar pholaiteoir óg amháin – Jack Kennedy.  “Níor thug mé mórán suntais dó san am seachas go leor eile acu”, a dúirt Maidhc.  “Bhí sé suáilceach agus sibhialta ach ní bheifeá ag cuimhniú san am go mbeadh sé ina Uachtarán ar Mheiriceá lá níos faide anonn.”

Ach chomh maith le bheith ag líonadh piontaí agus ag roinnt fuisce ar an gcomhluadar ba ghearr go raibh dualgais neamhoifigiúla tite ar Mhaidhc Joyce.  Thug daoine a thagadh isteach faoi deara go raibh aithne aige ar pholaiteoirí agus ba nós leo a dhul chuig Maidhc agus fiafraí dé an gcuirfeadh sé ceist nó caidéis orthu faoi dheacracht éigin a bhí acu.  Rinne Maidhc amhlaidh.

Thosaigh na polaiteoirí ag tabhairt suntais don bhealach a raibh Maidhc in ann na cásanna seo a chur i láthair agus shocraigh siad gur cheart go dtabharfaí post dó i bParlaimint an Stáit – an State House – i Massachussets.  Ghlac Maidhc leis an tairiscint agus ceapadh é mar fheidhmeannach sa rannóg inimirce. Ba ansin a thuill sé clú agus cáil as a chuid oibre. Ba mhinic le polaiteoirí a bheith ag triall air ag iarraidh cúnaimh agus comhairle. Ach níor chríochnaigh na dualgais san oifig. Bhíodh daoine ag glaoch ar theileafón a thí cónaithe agus ag teacht chuig an doras.  Dúradh faoi Mhaidhc nár eitigh sé duine ar bith ariamh.

Bhí bua na taidhleoireachta aige agus cuireadh ag obair ar an gcúlsráid é ag ócáid chorraitheach ar Carson Beach i mBostún i 1984 nuair a ghlac triúr den chine dubh páirt sna rásaí currach. Bhí fógra tugtha ag coiste na rásaí roimhe sin nach gceadófaí an fhoireann dhubh, rud a tharraing aird na meán ar fud na Stát ar na rásaí currach.  Bhí contúirt ag baint leis an eachtra.  Ach rinneadh eadarascán agus bhí Maidhc i lár na gcomhráite.

I lár na 1980idí a rinne Maidhc ceann de na bearta ba mhó a chuidigh leis na hÉireannaigh sna Stáit sna blianta sin.  Bhí na scórtha mílte Éireannach i Meiriceá gan stádas dleathach oibre ná cónaithe.  Thosaigh siad gluaiseachtaí agus bhí feachtas glórach ar bun acu.  Shíl Maidhc go rabhthas ag dul thar fóir ar an gcaoi sin. Bhí bealaí eile ar intinn aigesean, ach níor tharraing sé aon aird go poiblí ar a chuid oibre.

I 1987 a d’éirigh leis an bhFeisire Comhdhála, Brian Donnelly as Massachusetts eireaball a chur le reachtaíocht inimirce in Washington a thug deis do na mílte as an Eoraip bealach dleathach a aimsiú go Meiriceá. Muintir na hÉireann ba mhó a bhain leas as an gcóras seo ar ar tugadh na ‘Donnelly Visas’. Dúirt Donnelly go poiblí ina dhiaidh sin go mba é Maidhc Joyce a rinne an obair thábhachtach ar an gcúlráid a thug deis dó féin an reachtaíocht a chur trí Thithe na Comhdhála in Washington.

Cé nár leigheas cuimsitheach ar fhadhb na ndaoine gan aitheantas i Meiriceá a bhí sna ‘Donnelly Visa’, leag sé síos múnla a d’fhág gur tháinig cúpla deis eile ar stádas oibre chun cinn d’Éireannaigh sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

Tá Páirc Chuimhneacháin Mhaidhc Joyce oscailte anois gar do Carson Beach agus do Castle Island in South Boston – ionad na rásaí currach agus áit chomhluadair do mhuintir na hÉireann le fada ariamh an lá.

D’éirigh le hiníon Mhaidhc, Mary Joyce-Morris, an cleachtadh le haghaidh an dráma faoina hathair a fheiceáil an tseachtain seo caite. Tráthúil go leor, bhí sí tagtha anall as Bostún go dtí oscailt Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna; tá a hathair tugtha chun cuimhne ansin freisin.

Tá sé ceathrú céid ann ó d’imigh Maidhc Joyce – agus é sách óg san am – ar shlí na fírinne. Is tráthúil, agus caint go leor faoin imirce agus cearta na n-imirceach ar bun i gcónaí, go bhfuil an fear ábalta agus uasal seo dá thabhairt chun cuimhne.   

Beidh an drama ‘Ordinary Man Extraordinary Life’ ar siúl i stiúideo an Town Hall Theatre Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn ag 8.30 pm

Fág freagra ar 'Dráma faoi fhear as Conamara a réitigh an bealach d’imirceoirí sna Stáit Aontaithe'