Doirse á n-oscailt ag Sinn Féin agus an DUP, ach an meallfar aon duine isteach?

Ní mór d’Arlene Foster iarracht a dhéanamh daoine nua a mhealladh chuig an DUP mar atá Mary Lou McDonald ag iarraidh a dhéanamh i gcás Shinn Féin

Doirse á n-oscailt ag Sinn Féin agus an DUP, ach an meallfar aon duine isteach?

Pictiúir: Rollingnews.ie

Íomhá úrnua ag Sinn Féin don chéad Ard-Fheis faoi cheannas Mary Lou McDonald. Dathanna na sufraigéidí ar an ardán, mná go mór chun tosaigh agus an chaint dírithe ar ról ag bord rialtais na Poblachta seachas freasúra nó agóidíocht. Bhí McDonald ag leagan lorg a láimhe ar Shinn Féin agus í ag fógairt nach ar mhargadh le mionpháirtithe na heite clé amháin a bheidís ag brath feasta ach go ngabhfaidís i mbun cainteanna le Fianna Fáil agus Fine Gael chomh maith.

Níorbh í amháin a bhí ag brú ar dhoirse nua an deireadh seachtaine seo caite. Gan choinne, ghlac ceannaire an DUP, Arlene Foster céimeanna nach dual di féin ná a páirtí. Dé hAoine thug sí cuairt ar ionad Ioslamach i mBéal Feirste le haghaidh Eid, an fhéile a cheilúrtar ag deireadh Ramadan. Dé Sathairn bhuail sí le Cumann Lúthchleas Gael Fhear Manach chun an t-ádh a ghuí orthu i gCluain Eois Dé Domhnaigh seo chugainn. D’fhógair sí chomh maith go mbeidh sí ag freastal ar ócáid an tseachtain seo chugainn chun aitheantas a thabhairt don phobal LADT (leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach).

Is léir go bhfuil plean (le cead na vótóirí) ag McDonald do Shinn Féin ó dheas. Ba léir ag an Ard-Fheis gurb é an fiontar sa deisceart príomhthosaíocht Shinn Féin. Is ar an leasú ar pholasaí an pháirtí i dtaca le ginmhilleadh a bhí aird roimh ré, daoine den bharúil go mbeadh líon mór den bhallraíocht míshásta le tacaíocht don reachtaíocht atá molta ó dheas. Bhí móramh ollmhór i bhfabhar an athraithe. Bhí an t-athrú eile níos suntasaí; leasaigh an Ard-Chomhairle rún a chuirfeadh ceangal orthu comhghuaillíocht a dhéanamh leis an eite chlé agus le neamhspleáigh go heisiach ionas go bhfaighidís cead labhairt le gach dream. Bogadh i dtreo an láir chun a bheith in oiriúint do chomhrialtas.

Ar ndóigh, dúirt McDonald agus ceannaire Shinn Féin sa tuaisceart, Michelle O’Neill, go bhfuil siad réidh agus ullamh le dhul i gcumhacht i Stormont freisin, má dhéanann an DUP rud orthu. Níor thug siad aon teachtaireacht nua don DUP, áfach; ní ag cuimilt meala a bhíodar ach a mhalairt, ag cur i leith an DUP gur mhó acu a dtacaíocht do na Tóraithe ná leas an phobail abhus. Mheas siad gur ar dhaoine eile atá an dualgas doirse a oscailt i dTuaisceart Éireann.

Seans go raibh a fhios acu go maith nach raibh plean ar bith ag rialtas na Breataine chun Stormont a athbhunú ná chun idirbheartaíocht a thionscnamh. Dé Luain dúirt an Státrúnaí Karen Bradley ar an Ómaigh gurb é athnuachan Stormont príomhthosaíocht a rialtais. Is annamh a fheictear an Státrúnaí abhus agus is fíorannamh a bhíonn plean aici. Iontas a bheadh ann dá mbeadh cúrsa tarrthála aimsithe aici faoi gheimhreadh, gan trácht ar an samhradh.

Sa gcomhthéacs sin is fiú fiafraí céard is siocair le comharthaí athmhuintearais Arlene Foster agus an mbeidh aon tionchar acu anseo. Níl aon amhras ach gur ghoin comhairle nó foláireamh iarcheannaire an DUP, Peter Robinson, í nuair a dúirt sé in Ollscoil na Ríona le déanaí nár mhór do cheannaire a bheith ceannródaíoch agus nár mhór d’aontachtaithe tacaíocht a lorg ó dhaoine sa bhreis ar an teaghlach aontachtach traidisiúnta.

An leor polaitíocht na gcomharthaí chuige sin? Luíonn sé le réasún go gcuideodh iompar sibhialta leis an atmaisféar a fheabhsú. Bheadh gníomh níos fearr. An ngabhfaidh Foster, bean as Fear Manach chuig an gcluiche i gCluain Eois Dé Domhnaigh? Nó an gcuirfidh sí a cos ann arís?

Cnámh spairne idir an DUP agus páirtithe eile an Tionóil is ea polasaí an DUP in éadan an phósta chomhghnéis. Bhain an DUP leas as an veto i Stormont chun vóta an mhóraimh ina fhabhar a chur ar ceal. Sine qua non is ea é anois, dar le Sinn Féin cé nach raibh sé bainte amach acu i mí Feabhra de réir an dréachtmhargaidh a sceitheadh. Phléifí é sa Tionól de réir na cáipéise sin agus seans gur ceapadh nach mbainfeadh an DUP leas as an veto arís.

An bhfuil teachtaireacht nua i bplean Arlene chun bualadh le lucht LADT? Níl. Ní hionann freastal ar ócáid agus polasaí an pháirtí a athrú a dúirt sí. Is féidir aitheantas a thabhairt agus meas a léiriú, ar sise, gan an pósadh traidisiúnta a thréigean.

Céimeanna chun a dhul i ngleic leis an droch-cháil atá ar an DUP atá á nglacadh ag Arlene Foster mar sin. Ag géilleadh do bharúil Peter Robinson –agus go leor nach é- gur gearr go mbeidh uimhríocht ag teacht salach ar an aontacht; is é sin gur gearr gur mionlach a bheidh iontu.

Caithfidh siad a bheith tarraingteach do dhaoine nua chun a bheith bisiúil. Ní mór dóibh vótóirí nua a mhealladh – díreach mar atá Mary Lou McDonald ag iarraidh a dhéanamh i Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Doirse á n-oscailt ag Sinn Féin agus an DUP, ach an meallfar aon duine isteach?'