Dlí nua á thabhairt isteach sa Bhreatain Bheag le cuidiú le daltaí líofacht mhaith a bhaint amach sa mBreatnais

Faoi bhille nua bheadh stádas dlí ag sprioc teanga Rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoin mbliain 2050 agus neartódh sé an soláthar Breatnaise sna scoileanna

Dlí nua á thabhairt isteach sa Bhreatain Bheag le cuidiú le daltaí líofacht mhaith a bhaint amach sa mBreatnais

Tá sé á mhaíomh ag rialtas na Breataine Bige go gcuideoidh dlí nua le daltaí scoile uile na tíre líofacht mhaith a bheith acu sa mBreatnais faoin mbliain 2050.

Tá moltaí do Bhille Oideachas Lán-Bhreatnaise nua [Addysg Cyfrwng Cymraeg] foilsithe ag airí Pháirtí an Lucht Oibre agus Plaid Cymru.

Faoin mbille seo bheadh stádas dlí ag sprioc teanga Rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoin mbliain 2050 agus neartódh sé an soláthar Breatnaise sna scoileanna.

Is é is aidhm don bhille seo an soláthar do theagasc na Breatnaise i scoileanna an Bhéarla a neartú agus cur leis an líon scoileanna ina ndéantar an teagasc agus an scolaíocht trí Bhreatnais.

Deir Plaid Cymru gurb é bonnchloch an bhille seo go mbeadh oideachas lán-Bhreatnaise ar fáil do gach dalta sa tír.

Ní mó ná sásta atá lucht cáinte Bhille seo an Oideachais Lán-Bhreatnaise leis na moltaí atá ann toisc nach leor iad, dar leo.

Tá siadsan ag moladh do Rialtas na Breataine Bige tabhairt faoin athrú go dtí oideachas lán-Bhreatnaise do gach dalta sa tír.

Tá fainic á cur ag lucht feachtais go bhfuil an chontúirt ann go bhfuil “na spriocanna ró-íseal, an aidhm ró-éiginnte agus na bearta atá á bpleanáil easnamhach”.

Is é atá i gceist le daltaí a bheith “muiníneach as a líofacht sa Bhreatnais” ar fhágáil na scoile go mbeidís ábalta a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin.

Leanfaidh an próiseas comhairliúcháin ar siúl as seo go dtí an 16 Meitheamh agus tá gealltanas tugtha ag rialtas na Breataine Bige go dtabharfar isteach Bille Oideachas Breatnaise sula dtiocfaidh deireadh leis an téarma parlaiminte.

Dúirt an tAire Oideachais agus Breatnaise, Jeremy Miles go raibh an rialtas tiomanta “do thodhchaí ina mbeidh an deis agus an cumas ag gach duine Breatnais a labhairt ina ngnáthshaol”.

Ar na moltaí eile tá go mbeadh sé de dhualgas ar údaráis áitiúla oideachas lán-Bhreatnaise a chur chun cinn, go mbeadh plean náisiúnta ann chun múinteoirí Breatnaise a earcú agus go ndéanfaí staidéar ar conas a d’fhéadfaí dlús a chur leis an soláthar don oideachas lán-Bhreatnaise.

Dúirt an grúpa feachtais Cymdeithas yr Iaith gur “céim thábhachtach chun cinn” a bheadh sa Bhille.

Mhol siad áfach go mbeadh “spriocanna reachtúla uaillmhianacha” sa dlí a achtófaí maidir le “forbairt a dhéanamh ar oibrithe in earnáil an oideachais lán-Bhreatnaise agus cur leis an líon daltaí a fhaigheann oideachas lán-Bhreatnaise”.

Tá a gcuid moltaí féin foilsithe ag an lucht feachtais, agus ceann de na moltaí sin go mbeadh gach leanbh sa mBreatain Bheag ag fáil a chuid oideachais trí Bhreatnais faoin 1 Meán Fómhair 2050.

Dúirt Mabli Siriol Jones, Cathaoirleach Ghrúpa Oideachais Cymdeithas yr Iaith: “Tá an Rialtas ag rá anois gur chóir go mbeadh líofacht sa Bhreatnais ag gach páiste ar fhágáil na scoile dóibh, ach má tá siad dáiríre faoi sin, oideachas lán-Bhreatnaise do chách an t-aon bhealach leis an sprioc sin a bhaint amach.”

Tá na moltaí seo á ndéanamh tráth ar léirigh na figiúirí i nDaonáireamh 2021 gurbh amhlaidh a tháinig laghdú ar an líon cainteoirí Breatnaise sa tír e deich mbliana anuas.

Fág freagra ar 'Dlí nua á thabhairt isteach sa Bhreatain Bheag le cuidiú le daltaí líofacht mhaith a bhaint amach sa mBreatnais'