Vótáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe in aghaidh rún inar moladh go gcuirfí an teideal Gaeilge ‘Méara Chathair na Gaillimhe’ in áit an teidil Bhéarla ‘Mayor of Galway’, rún a bhí curtha chun cinn ag méara reatha na cathrach, Mike Cubbard.
Bhí Cubbard ag iarraidh go n-úsáidfí an leagan Gaeilge den teideal i gcaint i mBéarla agus i nGaeilge araon sa Chomhairle Cathrach agus go bhfaighfí réidh leis an nós ‘His Worship’ a lua leis an méara.
Dúirt an Méara Cubbard go raibh “díomá” air gur chuir formhór na gcomhairleoirí cathrach in aghaidh an rúin a thug sé chun cinn ag cruinniú na míosa seo agus gur iarracht “fáil réidh le teideal seanchaite” a bhí ina rún.
“Ba iad baill Fhine Gael a threoraigh an cur i gcoinne [an rúin] le ‘His/Her Worship’ a bhaint den teideal agus a chuir rún chun cinn lena choinneáil. Bhí sé molta agamsa teideal oifigiúil Mayor of Galway a athainmniú mar ‘Méara na Gaillimhe’, lenár stádas mar chathair dhátheangach a aithint, ach diúltaíodh dó seo, deich vóta in aghaidh ocht vóta,” a dúirt Cubbard.
Dúirt an Méara go dtagann an ‘His Worship’ ó nósanna na Breataine sa 16ú haois agus gur tugadh isteach é, mar aon le nósanna eile “ón ré coilíneach”, ar fud choilíneachtaí na Breataine níos deireanaí sa stair.
“Creidim go láidir gur cheart tagairt a dhéanamh d’oifig ár gcéad saoránaigh ar bhealach a fhreagraíonn dár bhfíoroidhreacht Ghaelach agus do charachtar uathúil dátheangach ár gcathrach,” a dúirt sé.
Dúirt Cubbard go “n-aithníonn” sé go bhfuil “ceisteanna eile atá níos práinní” os comhair na Comhairle Cathrach ach measann nár chóir don chomhairle an tréimhse a chaith Gaillimh “faoi smacht coilíneach” a “cheiliúradh” trí oifig an Mhéara.
“Is dóigh liom féin go bhfuil an teideal míchompordach agus as dáta. Is leor ‘Mayor’, ‘A Mhéara’, nó ‘Mike’ as féin domsa,” a dúirt sé.
Sa bhliain 2016, chuir iar-Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh rún os comhair Chomhaire Cathrach Bhaile Átha Cliath a d’athródh teideal na hoifige sin ó ‘Lord Mayor’ go ‘Ardmhéara’, ach níor éirigh leis an rún sin ach an oiread.
Bliain ina dhiaidh sin, gheall comharba Ní Dhálaigh, a comhghleacaí i Sinn Féin Mícheál Mac Donncha, nach mbacfadh sé féin leis an teideal ‘Lord Mayor’ agus go gcloífeadh sé leis an leagan Gaeilge den teideal beag beann ar an teanga a bhí sé a labhairt “an oiread agus ab fhéidir liom”.
Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Méara na Gaillimhe’ a úsáid in áit ‘Mayor of Galway’'