Dílleachtaí gan bhaile gan fréamh a bheidh ionainn má ruaigtear an stair as na scoileanna

Ní gá dhúinn ach féachaint sall ar ár gcomharsain chun an dainseár a bhaineann le ceal eolais i dtaobh na staire a fheiscint

Dílleachtaí gan bhaile gan fréamh a bheidh ionainn má ruaigtear an stair as na scoileanna

Dúirt an t-údar agus an gníomhaí Marcus Garvey uair go raibh pobal gan aon eolas ar a stair, oidhreacht agus cultúr ar nós crainn gan rúta.

Nath atá ráite agus athráite go minic leis na cianta is ea gur deacair d’éinne a thuiscint cá bhfuilid ag dul, mura bhfuil eolas acu ar cad as a gheibheadar. Táthar ag plé thábhacht na staire ar na saolta seo ó tháinig sé chun solais go raibh an Roinn Oideachais ag moladh ná beadh an Stair mar ábhar lárnach don dteastas sóisearach a thuilleadh.

Dhein Uachtarán na hÉireann tagairt de neamh-mheabhair an chinnidh seo agus é ag seoladh an ollsaothair Cambridge History of Ireland le déanaí. Dúirt Micheál D. Ó hUigínn go bhfuil an imní chéanna air féin is atá ar staraithe na tíre fén gcinneadh, agus dúirt sé: “Is é ár stair oidhreacht an phobail uile, agus is fúinn uile léirmhíniú a fháil uirthi, agus ba mhithid d’aon phoblacht gur fiú poblacht a thabhairt uirthi, iarracht a dhéanamh ábhar staire na tíre a eagrú agus a chur ar fáil go héasca don bpobal ar fad.”

Bhí dealramh le caint an Uachtaráin, ní nach ionadh. Ba dhóigh leat, i dtráth seo na gcuimhneachán gcéad, go mbeadh níos mó tábhachta ná riamh ag baint le léargas ar stair na tíre agus na muintire. Ní i ndátaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, ná i rannta beaga ar nós ‘In 1492 Columbus sailed the ocean blue’ atá léargas na staire, ach sa tseanfhocal a deir ‘Doras Feasa Fiafraí’. Canathaobh gur tharla Eirí amach na Cásca? Cén tionchar a bhí ag an Eirí Amach céanna ar Éirinn na linne seo? Cé na ceachtanna is féidir linn a fhoghlaim uaidh, ar bhonn pearsanta agus ar bhonn náisiúnta?

Ní gá dhúinn ach féachaint sall ar ár gcomharsain chun an dainséar a bhaineann le ceal eolais i dtaobh na staire a fheiscint. Nuair a tugadh léargas ar uafás an ghorta mhóir ar an gclár teilifíse Victoria a craoladh ar ITV anuraidh, bhí alltacht ar an lucht féachana toisc nach rabhadar ar an eolas fén dtubaiste ba mheasa a bhuail na hoileáin seo riamh, ó is cosúil nach múintear aon ní fé dóibh sa chóras oideachais thall.

I suirbhé a deineadh sa Bhreatain le déanaí i measc scoláirí ollscoile a bhí ag staidéar staire, ní raibh 89% acu in ann Príomh-Aire amháin ón naoú haois déag a ainmniú.

Tá aineolas fén stair le feiscint leis sa tráchtaireacht ag ‘saineolaithe’ thall maidir leis an mBreatimeacht agus ceist na teorann abhus, agus sa tslí ina bhfuil ard-ionadh ar údair agus polaiteoirí caomhnacha go mbeadh a seasamh agus a dtuiscintí féin ag rialtais an stáit seo in ionad a bheith ag sodar i ndiaidh pharlaimint na himpireachta. Dhein an staraí Diarmuid Ferriter tagairt dó seo le déanaí nuair a scríobh sé, “Cuimhnigh ar aon cheann de na scéalta atá i mbéal an phobail – an Breatimeacht agus an teorainn, cumha i ndiaidh na himpireachta, an tslí ar chaith an Stát le mná na hÉireann – tá gá le tuiscint ar an stair chun tuiscint cheart a fháil ar conas mar a d’fhorbair na ceisteanna seo.”

Deirtear gurb iad siúd a thugann an chreach leo a scríobhann cuntas oifigiúil na staire, ach tugann staidéar na staire deis don saoránach fíricí na staire oifigiúla a cheistiú agus a bhréagnú. Ina theannta san, san aois seo ina bhfuil formhór na ndaoine óga ag fáil a gcuid eolais ar líne, agus ag glacadh verbatim leis an méid atá á léamh acu, tá sé níos tábhachtaí ná riamh oideachas a chur orthu ó thaobh na staire de. Ana-shampla de sin an obair a dhein an staraí Liam Hogan chun scéal na sclábhaithe Éireannacha, scéal a bhí á scaipeadh ar fud an idirlín, a bhréagnú le fíricí staire.

Gan oideachas a bheith orainn i dtaobh na staire, ní bheidh ionainn ach dílleachtaí gan bhaile gan fréamh, ag brath ar an dteilifís agus ar na meáin shóisialta chun sinn a mhúineadh agus a mhúnlú.

Fág freagra ar 'Dílleachtaí gan bhaile gan fréamh a bheidh ionainn má ruaigtear an stair as na scoileanna'

  • Gabriel Rosenstock

    Aontaím. Ina dhiaidh sin is uile, áfach, cén fáth a bhfágtar gach aon ní faoin Roinn Oideachais? Nach bhfuil dualgas orainn oideachas a chur orainn féin, leabhar nó dhó a cheannach is a léamh? Lámha in airde na daoine nár cheannaigh leabhar fós i mbliana?!

  • Seán Ó Riain

    Aontaím leis an alt tábhachtach seo, agus le Gabriel.