‘Diary of a Wimpy Kid’ le foilsiú i nGaeilge agus comórtas á reáchtáil le teacht ar theideal dó

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata go mbeidh fáil ar an leabhar roimh Lá Domhanda na Leabhar ar an 3 Márta. Reáchtálfar comórtas do ghasúir bhunscoile le teideal Gaeilge a chur ar leabhar cáiliúil Jeff Kinney…

diary of a wimpy kid

Foilseofar go luath leagan Gaeilge den leabhar Diary of a Wimpy Kid le Jeff Kinney. Is é Futa Fata a chuirfidh an leabhar i gcló in am do Lá Domhanda na Leabhar ar 3 Márta 2016.

Is í Máirín Ní Mhárta as an gCeathrú Rua, a d’oibrigh le Futa Fata cheana féin ar aistriúcháin eile, a chuir Gaeilge ar an gcéad leabhar sa tsraith Bhéarla, a bhfuil deich leabhar inti go dtí seo.

Beidh comórtas do ghasúir bhunscoile á reáchtáil ag Futa Fata go luath le teideal Gaeilge aimsiú don leabhar. Bronnfar luach €500 de leabhair ar leabharlann scoile an bhuaiteora.

The Diary of a Wimpy Kid ar fáil i 45 teanga ar fud na cruinne cheana féin agus 150 milliún cóip de díolta sna teangacha sin go dtí seo. Tá conradh ag Futa Fata an chéad leabhar a fhoilsiú i nGaeilge agus tá súil ag na foilsitheoirí na cearta a fháil don chuid eile den tsraith má bhíonn rath ar an eagrán seo.

Dírithe ar ghasúir idir 8 agus 12 bliain d’aois atá an leabhar agus ríomhtar ann scéal Greg Heffley atá díreach tosaithe ar an meánscoil.

“Inste mar chineál dialainne atá sé agus pictiúir ar beagnach gach uile leathanach. Tugtar le fios gurb é an leaid óg atá ag tarraingt na bpictiúr. Insíonn sé díreach scéal a bheatha ar scoil, faoi na cairde atá aige, agus na daoine nach cairde iad!

“Tá sé ag iarraidh cáil a bhaint amach mar chartúnaí agus cruthaíonn sé cartúin do dhialann na scoile. Bíonn sé ag lúbaireacht leis agus ag cur síos ar an ngnáthshaol,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata.

Tá an leabhar á chur i nGaeilge faoin scéim nua atá ag Clár na Leabhar Gaeilge a cheadaíonn d’fhoilsitheoirí a chuireann ar a laghad cúig leabhar amach in aghaidh na bliana 10% den deontas a fhaightear a chaitheamh ar aistriúcháin ón mBéarla. Dúirt Mac Dhonnagáin gur “ciallmhar an cinneadh” sin.

“Tá díospóireacht ann le roinnt blianta, faoi leabhair a aistriú ón mBéarla. Shocraigh siad é a dhéanamh ar bhonn píolóta i mbliana agus aontaím leis an gcur chuige sin.

“Sílim go bhfuil sé go maith ó thaobh cur leis an éagsúlacht, meallfaidh sé daoine breise nach bhfuil ag léamh faoi láthair. Mar sin féin, dá mbeadh an margadh plúchta le haistriúcháin bheadh sé contúirteach do bhunleabhair,” a dúirt sé.

Mhínigh Mac Dhonnagáin go raibh plé ann faoi cé chomh ‘Gaelach’ is a dhéanfaí an leabhar agus Gaeilge á cur air. Dúirt sé go mbeadh sé “beagán níos casta” imeacht ón mbunleagan ná mar a bheadh le leabhair eile do ghasúir nach bhfuil chomh mór céanna i mbéal an phobail.

“Shlog mé leabhair Enid Blyton nuair a bhí mé níos óige, ach níl a fhios agam an bhfuil an aithne chéanna ag gasúir an lae inniu ar na leabhair sin is a bhí agamsa, mar sin is féidir blas Gaelach a chur ar an inseacht Ghaeilge. Ach tá sé beagán níos casta le leabhar mar sin mar beidh an-eolas ag na léitheoirí ar an mbunleagan.

“Bhí díospóireacht againn faoi sin agus cheannaigh mé cóip den leagan Fraincise le feiceáil cé chomh fada is a chuaigh siad ó thaobh blas Francach a thabhairt dó agus níor imigh siad chomh fada sin ón mbunleagan ach an oiread. Mar sin ní dhearna muid mórán níos Gaelaí é ná Gaeilge a chur air,” a dúirt Mac Dhonnagáin.

D’fhoisligh Jeff Kinney Diary of a Wimpy Kid ar líne ar dtús nuair nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú dó. Sé bliana a chaith sé ag obair ar an saothar sular chroch sé ar líne an chéad lá é, ach ó shin i leith tá 80 milliún cuairt tugtha ar an leagan ar líne agus é á léamh ag os cionn 70,000 gasúr in aghaidh an lae. Cuireadh an leabhar i gcló sa bhliain 2007 agus níl insint béil ar an rath atá air ó shin. Tháinig leagan scannáin den scéal amach sa bhliain sa bhliain 2010.

Fág freagra ar '‘Diary of a Wimpy Kid’ le foilsiú i nGaeilge agus comórtas á reáchtáil le teacht ar theideal dó'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Dialann neoide?

  • Fiona Ní Fhinn

    An bhfuil ‘boxset ‘ as gaeilge ?