Dianchoimhlintí romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí

Ní bheidh mórán idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus ba chóir go mbeadh ardchoimhlint idir Luimneach agus contae an Chláir amárach

Dianchoimhlintí romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí

Tá deireadh seachtaine mór iomána againn agus an cluiche ceannais in dhá chúige ar siúl. Tosnóidh an t-aicsean um thráthnóna i bPáirc an Chrócaigh agus na seaimpíní Cill Chainnigh ag iarraidh trí chraobh as a chéile a bhuachan agus iad i gcoinne na Gaillimhe nár bhuaigh an chraobh ó 2018. 

Ní raibh ach poc den sliotar eatarthu cúpla seachtain ó shin (poc saor a bhí sách conspóideach) agus is dóigh nach mbeidh mórán eatarthu inniu ach oiread.  

Bhí sé ina chath ceart idir na Cait agus Loch Garman coicís ó shin ach ní dóigh go raibh bainistíocht na gCat róthógtha leis an taispeántas sin. Ach tuigeann gach freasúra nach mbíonn na Cait cloíte go dtí an fhead deiridh. Mar sin féin, ní dóigh go bhfuil Cody sásta le dul chun cinn na foirne go dtí seo i mbliana. Chaill siad dhá chluiche agus bhí cuid den ádh orthu gur éirigh leo a bheith ag imirt anocht. Tá fadhbanna acu i lár na páirce agus slám mór imreoirí triailte ansin ó thosach na bliana. N’fheadar an bhfuil an bhainistíocht ná na himreoirí socraithe ar aon chóras imeartha. Bhíodar gan phlean i gcoinne Loch Garman agus leithéidí Paddy Deegan agus Richie Reid ag lascadh an tsliotair isteach go místuama ó chéad méadar.  

Bhíodar gan scór ón imirt ar feadh tréimhse fada agus gan ach 1-8 ón imirt acu sa chluiche ar fad. Ach níl mé chun tuairisc bháis Cody ná a fhoirne a scríobh fós.  

Ar an taobh eile de caithfidh go bhfuil Henry Shefflin sásta go leor lena fhoireann féin, go háirithe agus Conor Whelan ar ais ag imirt i líne lántosaigh atá an-chumasach, agus Cathal Mannion agus Brian Concannon (a bhfuil gortú beag ag cur isteach air) taobh leis. Tá an fhoireann socair go leor ach iad buartha faoi shláinte David Burke a d’imigh den bpáirc gortaithe i gcoinne Átha Cliath coicís ó shin. Caithfidh go bhfuil easpa cúl ag déanamh imní do Shefflin agus gan ach ceann amháin faighte acu go dtí seo i gcomórtas na craoibhe. 

Tá Gaillimh ina rogha láidir ach cé a déarfadh nach dtiocfaidh Cody suas le plean éigin chun an bua a fháil? Is minic cheana a rinne sé é! Nílim cinnte in aon chor faoi bhuaiteoir an chluiche seo. 

Tony Kelly (An Clár) agus Diarmuid Byrnes (Luimneach). Pic: INPHO/Tom Maher

Anseo sa Mhumhain tá an-suim á cur sa chluiche ceannais agus beidh staid Pháirc Semple lán amárach agus na ticéid beagnach díolta ar fad le seachtain. Ag tosach an chomórtais bhí go leor ag caint faoi Phort Láirge a bheith ag breith suas ar Luimneach agus daoine den tuairim gur beag seans a bhí ag na trí chontae eile. Dar ndóigh dearcadh eile a bhí ag Brian Lohan, a mheitheal bhainistíochta agus imreoirí an Chláir. Óna gcéad chluiche i gcoinne Thiobraid Árann go dtí an greadadh a thugadar do Phort Láirge, bhíodar thar barr, a gcuid imeartha simplí, díreach, lán le spiorad agus díocas chun oibre. Táthar ag caint gurb í stíl an bhainisteora Lohan atá acu, fear nach mbíodh trócaire aige d’aon duine nuair ba é féin rí na cearnóige. Tá Rory Hayes thar barr, John Conlon thar a bheith údarásach ag uimhir a sé agus David McInerney ar ais ar a sheanléim. Is mór an chabhair é Shane O’Donnell agus Peter Duggan a bheith ar ais agus dar ndóigh d’fheabhsaigh Tony Kelly de réir a chéile agus bhí sé ionann is dochloíte i gcoinne Luimnigh agus 16 cúilín mar thoirtín aige ag deireadh an chluiche sin.  

Ach an leor na h-imreoirí sin agus gaiscí Kelly i gcoinne na seaimpíní? Ceapann na geallghlacadóirí gur beag seans atá ag an gClár. Dar ndóigh beidh Luimneach d’uireasa Cian Lynch agus Peter Casey ach tá painéal domhain láidir acu. Tá mórán tarlaithe nach raibh súil leis ó thosach na gcluichí craoibhe, go háirithe i gcúige Mumhan. Ach tá fíric amháin gur beag athrú atá tagtha uirthi – ábaltacht agus leanúnachas Luimnigh. Tá an-mhuinín ag an bpainéal seo astu féin. Bíonn cinnteacht na seaimpíní le feiceáil go soiléir iontu nuair a bhíonn gá leis sin. 

Is annamh go mbíonn drochlá ag an bhfoireann seo. Dar ndóigh caillfidh siad lá éigin ach b’fhearr leis na foirne go léir atá fós ina seasamh go gcaillfidís nuair nach mbeadh aon dara seans acu. Agus dar ndóigh ní hamhlaidh a bheidh amárach. Ní dóigh liom go bhfuil deireadh déanta ag Luimneach fós. 

Tá cluiche eile thar a bheith tábhachtach ar siúl um thráthnóna agus Ciarraí i gcoinne Aontroma i gcluiche ceannais chorn Seosamh Mac Donncha. Bhí bua stairiúil ag Ciarraí nuair a chasadar ar a chéile coicís ó shin. Ní mór cuimhneamh nach í an fhoireann is láidre acu a bhí ar an bpáirc ag Aontroim. Is í foireann Aontroma an rogha agus is dóigh, agus gach rud san áireamh, gur acu a bheidh an corn seo inniu. 

Fág freagra ar 'Dianchoimhlintí romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí'