‘D’fhulaing mé cuid mhór ar feadh bliana ag dul ó dhochtúir go dochtúir’ – cur síos déanta ag scríbhneoir Gaeilge ar an nGalar Néarón Luadrach

Nuair a d’inis an scríbhneoir Ultach Caitríona Hastings dá dochtúir teaghlaigh go raibh an Galar Néarón Luadrach uirthi, is amhlaidh a d’fhiafraigh an dochtúir di an raibh sí ‘cinnte’

‘D’fhulaing mé cuid mhór ar feadh bliana ag dul ó dhochtúir go dochtúir’ – cur síos déanta ag scríbhneoir Gaeilge ar an nGalar Néarón Luadrach

Agus aird á tarraingt ar an Ghalar Néarón Luadrach (MND) ar fud na cruinne an mhí seo, tá ráite ag an scríbhneoir Gaeilge aitheanta Caitríona Hastings a bhfuil an galar sin uirthi gur fhulaing sí cuid mhór mar gheall ar an mhoill a bhí ar dhochtúirí agus saineolaithe eile siomtóim an ghalair a aithint.

Ag labhairt di ar an chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Caitríona Hastings, iarléachtóir le Gaeilge agus Béaloideas in Ollscoil Uladh, go raibh sí ag fanacht os cionn bliana sula bhfuair sí coinne le néareolaí. 

Dúirt an scríbhneoir as Tír Eoghain, a bhfuil cónaí uirthi le fada i nGaillimh, go ndearnadh go leor iarrachtaí ó thús an tsamhraidh 2016 a fháil amach cad é ba chúis leis na siomtóim a bhí uirthi. Ba i mí Eanáir na bliana seo a fuair sí amach faoi dheireadh gurbh é an galar néarón luadrach a bhí uirthi.

“D’fhulaing mé cuid mhór ar feadh bliana ag dul ó dhochtúir go dochtúir go dochtúir,” a dúirt sí.

Dar le Hastings dá mbeadh níos mó eolais ann faoin ghalar gur seans go n-aithneofaí a shiomtóim níos túisce.

Nuair a d’inis sí dá dochtúir teaghlaigh go raibh an Galar Néarón Luadrach uirthi, is amhlaidh a d’ fhiafraigh an dochtúir di an raibh sí “cinnte”.

Ba í an chéad othar riamh ag an dochtúir sin a raibh an galar seo uirthi.

Níl ach 370 duine in Éirinn a bhfuil an galar seo orthu, galar a fhágann go dteipeann ar na néaróin a chuireann na matáin ag obair.

Ba in íochtar a droma agus ina cosa a a bhraith Hastings an galar ar dtús, ach d’fhéadfadh sé baill eile den chorp a bhualadh chomh maith.

Thug Hastings le fios ar an chlár gur thit sí as a seasamh ceithre huaire taobh istigh de choicís agus gurbh í an titim sin an chéad chomhartha go raibh rud éigin mícheart.

Cé go ndeachaigh sí chuig an dochtúir an uair sin, agus go ndearnadh scan uirthi, dúradh nach raibh aon rud as bealach.

Ina dhiaidh sin, bhí deacracht aici a cos chlé a ardú den talamh agus bhí pian uafásach in íochtar a droma.

Agus í ag cuimhneamh siar ar an lá a bhfuair sí an diagnóis, dúirt an scríbhneoir gur gheall é le “buama” ag pléascadh ina hintinn ach gur chuidigh Cumann Néarón Luadrach na hÉireann go mór léi agus lena teaghlach déileáil leis an scéal ó shin. 

Dúirt sí go mbraitheann sí féin “measartha suaimhneach, foighneach” anois agus go bhfuil sí in ann “glacadh leis”. 

“Fuair mise amach, fiche bliain ó shin, gurb é [sin] an dóigh is cóir do shaol a chaitheamh, ó bhomaite go bomaite.  Más féidir leat fáil tríd an bhomaite sin tiocfaidh an chéad cheann eile chugat agus gheobhaidh tú tríd sin,” arsa Caitríona Hastings.

Fág freagra ar '‘D’fhulaing mé cuid mhór ar feadh bliana ag dul ó dhochtúir go dochtúir’ – cur síos déanta ag scríbhneoir Gaeilge ar an nGalar Néarón Luadrach'

  • Ruth

    Is ábhar bróin d’fhulaingt dom, a Chaitríona!

  • Mise Áine

    Go raibh maith agat, a Chaitríona, as do scéal a roinnt linn. Ná caill an misneach iontach sin atá agat, a chara!