D’fhéadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach lá ar feadh trí mhí de dheasca na paindéime

Cuireann Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP) bia ar fáil do 100 milliún duine gach lá agus deirtear go mbíonn 30 milliún acusan ag brath ar an soláthar sin chun fanacht beo

D’fhéadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach lá ar feadh trí mhí de dheasca na paindéime

D’fhéadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach lá ar feadh trí mhí má fhágann an phaindéim nach mbíonn lucht Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP) ábalta bia a sholáthar do dhaoine atá go mór ina ghátar.

Dúirt ceannasaí an WFP David Beasley go bhfuil sé ríthábhachtach na slabhraí soláthair a choinneáil ag imeacht tráth a bhfuil go leor bacanna orthu de bharr na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar.

Dúirt sé go gcuireann an WFP bia ar fáil do 100 milliún duine gach lá agus go mbíonn 30 milliún acusan ag brath ar an soláthar sin chun fanacht beo.

“Agus mura féidir linn soláthar don 30 milliún duine sin, is amhlaidh, de réir ár gcuid anailíse, go bhféadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach uile lá thar thréimhse trí mhí agus níl an méadú ar bhásanna den ocras de bharr an choróinvíris nua san áireamh ansin,” arsa ceannasaí an WFP.

Dúirt David Beasley go bhféadfadh gorta a bheith i dtrí dhosaen tír “sa chás is measa”.

I ndeich gcinn de na tíortha sin, bhí os cionn milliún duine i mbaol bás a fháil den ocras cheana féin, a dúirt sé.

Idir an dá linn, táthar ag prapáil san Iodáil chun cuid de na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic leis an bpaindéim a dhéanamh níos boige. Tabharfar cead do mhonarchana agus lucht tógála dul i mbun oibre arís ar an 4 Bealtaine sa tír is faide ina bhfuil an dianghlasáil i réim, an dara tír is measa ar domhan atá buailte ag an bpaindéim.

Ceadófar chomh maith do dhaoine cuairteanna a thabhairt ar dhaoine muinteartha leo ach srianta a bheith i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine a bheadh i láthair le linn na cuairte.

Osclófar páirceanna chomh maith an tseachtain seo chugainn, ach ní bheidh daltaí na hIodáile ag filleadh ar an scoil go dtí mí Mheán Fómhair.

260 bás eile de thoradh an ghalair a fógraíodh san Iodáil inné, an líon is lú básanna ón 14 Márta. 26,644, duine ar a laghad atá curtha den saol ag Covid-19 sa Iodáil.

Tá an Fhrainc ar na tíortha eile a bhfuil sé i gceist acu fógra a dhéanamh faoi phlean “díchuibhrithe” chun na srianta dianghlasála a dhéanamh níos boige de réir a chéile.

Tá ráite ag na húdaráis sa Ghearmáin, mar a bhfuil tús curtha le maolú na srianta, leis na húdaráis áitiúla “a bheith cúramach” agus na rialacha á ndéanamh níos boige acu. Tá iachall curtha ar dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh sa Ghearmáin.

Deir rialtas na hIorua, mar a bhfuil daltaí bunscoile ar ais sa seomra ranga arís, go bhfuil an ráig ansin faoi smacht.

D’fhógair rialtas na Nua-Shéalainne go bhfuil deireadh curtha le scaipeadh an ghalair sa phobal agus iad ar tí cuid den srianta is déine a thug siad isteach a scaoileadh.

Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson a chéad óráid inniu agus é fillte ag an obair i ndiaidh dó an Covid-19 a chur de.

Dúirt Johnson gurb í an phaindéim an dúshlán is mó roimh an mBreatain ón dara cogadh domhanda agus nach maolódh sé na srianta nó go mbeadh sé sábháilte sin a dhéanamh.

“Tuigim bhur mífhoighne agus tá an imní chéanna ormsa, ach caithfear a thuiscint chomh maith go bhfuil an baol go mbeadh an dara brúisc ann agus go gcaillfí smacht ar an víreas,” arsa Johnson.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, tá nach mór trí mhilliún cás deimhnithe de Covid-19 sa domhan agus tá os cionn 207,000 duine curtha den saol ag an ngalar. Tá nach mór milliún cás den ghalar deimhnithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá amháin agus os cionn 55,000 le Covid-19 básaithe sa tír sin.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh 300,000 duine bás a fháil den ocras gach lá ar feadh trí mhí de dheasca na paindéime'