AN DEIREADH SEACHTAINE AR TG4

SÚIL CHUN CINN AR NA CLÁRACHA ARBH FHIÚ FAIRE AMACH DÓIBH AN DEIREADH SEACHTAINE SEO AR TG4

Bosca Ceoil
Bosca Ceoil, 10pm Dé Domhnaigh, sraith úr nua ceoil Ghaelaigh ina mbeidh ceol beo bríomhar á chur i láthair ag Pauline Scanlon

Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair
Comhrá, 7.30pm
Joan Coen: Joan Coen as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ó dhúchas ach atá ina cónaí i gCeatharlach le fada an lá aoi Mháirtín Tom Sheáinín an tseachtain seo. Ealaíontóir agus údar í agus tráchtfaidh sí ar an ngean ar leith atá aici ar chiúnas.


Dé hAoine, 10 Deireadh Fómhair

Rugbaí Beo 7.10pm
Craoladh beo ar Mhumha v Scarlets sa 6ú babhta den tSraith PRO12 as Páirc Thuamhan. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.


Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair

Bord Gáis Energy Foireann na Bliana 8.30pm
Craoladh beo ar Ghradaim Fhoireann na Bliana Bhord Gáis Energy beo as Páirc an Chrócaigh. Beidh Micheál Ó Domhnaill i measc na réaltaí spóirt go léir ina measc na hiománaithe faoi 21. Caithfear súil siar freisin ar Chraobhchomórtas Iomána Faoi 21 Bhord Gáis Energy na bliana seo.


Dé Domhnaigh

Bosca Ceoil, 10pm
Sraith úr nua ceoil Ghaelaigh ina mbeidh ceol beo bríomhar á chur i láthair ag Pauline Scanlon. I measc na gceoltóirí ar an gclár seo beidh Frankie Gavin & De Dannan ar an bpríomhstáitse. Cuirfidh Seamie O’Dowd, Buille, Damien O’Kane Trio le Niamh Dunne & Sean Óg Graham, agus Fidil taispeántais nach bhfuil chomh traidisiúnta sin ar bun dúinn.