Deimhnithe ag Conradh na Gaeilge nach raibh baint ar bith acu le hiris phornagrafaíochta

I ráiteas ó lucht foilsithe na hirise pornagrafaíochta Fliuch dúradh gur dhiúltaigh Foras na Gaeilge deontas a thabhairt dóibh ach gur chuidigh Bliain na Gaeilge leo

Deimhnithe ag Conradh na Gaeilge nach raibh baint ar bith acu le hiris phornagrafaíochta

Tá sé deimhnithe ag Conradh na Gaeilge nach raibh baint ná páirt acu le hiris phornagrafaíochta i nGaeilge.

‘Eagrán Speisialta Bhliain na Gaeilge’ atá tugtha ar an dara heagrán den iris phornagrafaíochta Fliuch, a scaipeadh ar líne inniu.

I ráiteas ó lucht foilsithe na hirise dúradh gur dhiúltaigh Foras na Gaeilge deontas a thabhairt dóibh ach gur chuidigh Bliain na Gaeilge leo.

Tá lógó oifigiúil Bhliain na Gaeilge 2018 ar chlúdach na hirise ar líne a dtugtar ‘An Chéad Phornó as Gaeilge’ uirthi, ach dúirt lucht eagraithe Bhliain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, nach raibh eolas ar bith acu faoin bhfoilseachán seachas an méid a bhí sna meáin faoi in 2016.

“Níor tugadh aon chuidiú do lucht Fliuch ná ní bhfuaireamar aon iarratas ar chuidiú óna leithéid,” a dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

Nach mór trí bliana ó shin a cuireadh an chéad eagrán de FLIUCH ar fáil agus mhaígh lucht na hirise, nach léir cé hiad féin, gur chuir daoine suim mhór inti.

“Go raibh fucking míle YAS MAD BASTAIRDÍ bhí cuid mhór suime sa chéad eagrán a rinne muid agus léigh breis agus 23,000 duine an iris. Tá muid ag déanamh gur Fliuch an iris Gaeilge (porn) is mó léitheoirí RIAMH. Tá muid fós ag feitheamh leis an deontas ón Fhoras. Buíochas do Dhia fuair muid cuidiú ó Bhliain na Gaeilge an iarraidh seo. Seo díbh an dara eagrán,” a dúradh i ráiteas ó Colm, Síofra agus Dee, Foireann Fliuch’.

Bhí an chéad eagrán den iris Fliuch, a scaipeadh i mí Aibreáin na bliana 2016, lán le bréagfhógraí, ina measc ceann d’Fhoras na Gaeilge.

Shoiléirigh an eagraíocht teanga ag an am nach raibh aon bhaint acu leis an iris phornagrafaíochta agus bhí úinéir siopa gnéis míshásta gur foilsíodh fógra dá gnó gan a cead.

Fliuch lán d’íomhánna pornagrafaíochta, ach is cosúil gur idir mhagadh agus dáiríre atá na foilsitheoirí. I measc na n-alt sa dara heagrán, a bhfuil blas láidir Ultach ar an ábhar ann, tá ‘exposé’ ar KNEECAP, an banna ceoil as Béal Feirste agus píosa faoi Phop Up Gaeltacht neamhghnách. Tá bréagthuairiscí eile ann faoi ‘An Dream Dána’ agus a bhfleá chraois is chraicinn ‘Dhearg’  agus faoin DUP a bheith ‘Ar son gach banríon’. Tá leathanach Ultaise ann chomh maith le bréagfhógraí do TG4 agus RTÉ.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Conradh na Gaeilge nach raibh baint ar bith acu le hiris phornagrafaíochta'

  • Séamus

    Agus? Nach bhfuil nasc ar fáil? Tá taighde le déanamh agam…

  • Pilib Ó Duinn

    Scannalach – más í an fhírinne lomnocht!