Deich gcinn de na rúin is tábhachtaí ag Comhdháil CLG an deireadh seachtaine seo

Beidh Comhdháil Bhliantúil CLG ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inniu agus amárach agus roinnt rún á gcur faoi bhráid na dtoscairí a bhféadfadh tionchar ar leith a bheith acu ar CLG

Deich gcinn de na rúin is tábhachtaí ag Comhdháil CLG an deireadh seachtaine seo

INPHO/Tommy Grealy

Reáchtálfar Comhdháil Bhliantúil CLG i bPáirc an Chrócaigh inniu agus amárach agus chomh maith le huachtarán nua CLG a thoghadh, cuirfear go leor rún os comhair na comhdhála in iarracht rialacha an chumainn a athrú. Ní fiú aird a thabhairt ar chuid acu, ar nós Rún 21, a athródh ainm an ‘Players Injury Scheme’ go dtí ‘Players Injury Fund’, ach tá neart rún eile a bhféadfadh tionchar ar leith a bheith acu ar thodhchaí CLG. Seo thíos cuid acu:

Rún 1: Moltar sa rún seo riail nua a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar imreoirí, lucht bainistíochta agus oifigigh na gcluichí geall a chur ar chluiche a bhfuil siad féin bainteach leis. Bheadh fionraí ocht seachtaine i gceist d’aon duine a mbéarfaí air ach d’fhéadfadh go mbeadh fíneáil nó díbirt i gceist chomh maith. Gach seans go bhfaighidh an rún seo go leor tacaíochta ach riail é a bheadh deacair a chur i bhfeidhm.

Rún 4: Is é seo an chéad rún atá curtha chun cinn ag an Ard-Chomhairle a bhaineann le hathstruchtúrú Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ar feadh tréimhse trialach trí bliana. Tá Rún 4 ag iarraidh babhta grúpaí a thabhairt isteach in áit babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. Roinnfí buaiteoirí chraobhacha na gcúigí agus na buaiteoirí ó bhabhta 4 de na cluichí cáilithe ina dhá ghrúpa. D’imreodh na foirne sa ghrúpa céanna a chéile agus rachadh na contaetha a chríochnódh sa chéad dá háit i ngrúpa a haon agus a dó ar aghaidh chuig cluichí leathcheannais na hÉireann.

Deir an Ard-Chomhairle go mbeadh níos mó cluichí d’ardchaighdeán ann ag buaic an tséasúir ach tá Cumann Imreoirí na gClub glan in aghaidh an rúin seo mar deir siad gur gá níos mó plé a dhéanamh air. Ní fios fós cén toradh a bheidh ann. Cé nach bhfuil sé deimhnithe ach ag sé chontae go mbeidh siad ag vótáil i bhfabhar an rúin, tá Corcaigh agus Loch Garman, a bhfuil líon mór vótaí acu,  i measc na sé chontae sin. Ar ndóigh, beidh móramh dhá thrian ag teastáil chun go n-éireodh le haon rún ag an gComhdháil.

Rún 5: Ceann eile  ón Ard-Chomhairle. Má éiríonn le Rún 5 imreofar cluichí ceannais sinsir na hÉireann sa pheil agus san iomáint roimh dheireadh mhí Lúnasa. Faoi láthair, imrítear cluiche ceannais iomána na hÉireann ar an gcéad Domhnach de mhí Dheireadh Fómhair agus imrítear an cluiche ceannais peile coicís ina dhiaidh sin. Thabharfadh na dátaí nua níos mó ama do chraobhacha na gclubanna san fhómhar. Theip ar an rún céanna anuraidh, cé gur vótáil 60.8% de na toscairí ar a shon.

Rún 6: Rún eile atá ag dul faoi bhráid na Comhdhála arís cé gur theip air anuraidh. Tá faoi lucht molta Rún 6  fáil réidh le cluichí athimeartha i gcraobhacha na hÉireann, seachas i gcás cluichí ceannais sinsir na hÉireann agus cluichí ceannais sinsir na gcúigí. Arís, is ar mhaithe le cluichí na gclubanna atá an Ard-Chomhairle ag moladh an rúin seo.

Rún 24: Athstruchtúrú nua ar an gcraobh peile atá curtha chun cinn ag Laois chomh maith, ach ní hionann é agus rún na hArd-Chomhairle. De réir an rúin seo, dhéanfaí ceithre ghrúpa den 16 foireann i mbabhta a haon de na babhtaí cáilithe. Bheadh ceithre fhoireann i ngach grúpa agus rachadh an dá fhoireann is fearr i ngach grúpa ar aghaidh chuig babhta a dó de na babhtaí cáilithe. D’fhanfadh an cuid eile den chraobh mar atá.

Rún 28: As Gaillimh an rún seo a mholann go mbeadh cead ag foirne mionúir, foirne faoi 21 agus foirne idirmheánacha an chontae páirt a ghlacadh i gCraobh Laighean.

Rún 29: Má éiríonn leis an rún seo, tiocfaidh Craobh Iomána Faoi 20 na hÉireann isteach in áit an chraobh faoi 21, mar atá le tarlú sa pheil an bhliain seo chugainn.

Rún 36/37: Tá an rún seo ag iarraidh an móramh atá ag teastáil do rúin ag an gComhdháil a laghdú ó 66% go dtí 60%. Ar an gcaoi chéanna, tá Rún 37 ag iarraidh nach mbeadh níos mó ná 50% de na vótaí ag teastáil chun go n-éireodh le haon rún (in áit dhá thrian den vóta mar atá faoi láthair). Theip ar sheacht rún ag Comhdháil 2016, in ainneoin go bhfuair siad breis agus 50% den vóta.

Rún 41: Má éiríonn leis an rún seo, d’aithneofaí an Cumann Imreoirí Club mar ghrúpa ionadaíoch na n-imreoirí club.

Rún 45: Tá an rún seo curtha chun cinn ag Laois, Cill Dara, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin agus Tír Eoghain agus molann sé go mbeadh imreoirí os cionn 16 bliain d’aois in ann cluichí do dhaoine fásta a imirt. Faoi láthair, níl cead ag imreoirí faoi bhun 17 bliain d’aois imirt i gcluichí i ngrád na sinsear, sa ghrád idirmheánach nó i ngrád na sóisear.

I mbliana a tháinig an riail seo i bhfeidhm den chéad uair ach tá gearáin déanta ag clubanna tuaithe nach féidir leo foirne a chur chun páirce gan tarraingt ar imreoirí atá níos óige ná 17.

Fág freagra ar 'Deich gcinn de na rúin is tábhachtaí ag Comhdháil CLG an deireadh seachtaine seo'