Dea-shampla d’obair fhiúntach reachtúil i dTeach Laighean 

Is féidir le gnáthchomhalta den Oireachtas cúrsaí a fheabhsú mar a léiríonn saothar beirte

Dea-shampla d’obair fhiúntach reachtúil i dTeach Laighean 

Molann páirtithe an fhreasúra billí go minic a phléitear in am chomhaltaí príobháideacha na Dála nuair nach mbíonn seans dá laghad ann de ghnáth go rithfear iad.

 Moltar formhór na mbillí seo chun brú a chur ar an rialtas polasaí éigin a athrú. Mar a rinne Sinn Féin i mí na Nollag, mar shampla, agus bille á mholadh ag an bpáirtí a chuirfeadh moill trí mhí ar an bhfógra a thugann tiarna talún do thionónta.

 Níor thug an rialtas tacaíocht don bhille, ach dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go raibh ábhar an bhille á bhreithniú aige cheana féin agus leasú ar na rialacha (nár gheall sé) á bhreithniú ar ball.

Is gnáthchuid í díospóireacht dá leithéid den phlé leanúnach ar thithíocht agus ar mhórfhadhbanna eile. Ní léir de ghnáth le linn na díospóireachta tionchar na mbillí seo ar an rialtas. Is fearr le gach rialtas a reachtaíocht féin a dhréachtú agus a fhógairt gan róchreidiúint a thabhairt don fhreasúra.

Uaireanta. áfach, molann Teachta Dála nó Seanadóir bille ar léir a fhiúntas sula gcríochnaítear an obair, nó sula gcuireann roinn stáit tús le dréachtú reachtaíochta faoin ábhar céanna. Cé gur eisceacht gach cás atá faoi chaibidil thíos, léiríonn na samplaí seo a leanas deis ab fhiú a thapú níos minice i dTeach Laighean:

2018

Thug an rialtas mionlaigh a raibh Leo Varadkar i gceannas air tacaíocht do bhille príobháideach a mhol Michael McGrath ó Fhianna Fáil a neartaigh maoirseacht an Bhainc Cheannais ar chreach-chistí.

2019

Thug an rialtas céanna tacaíocht dá leagan féin de bhille a mhol an seanadóir neamhspleách Pádraig Ó Céidigh ina bhfuil sainmhíniú soiléir ar cad is mionn éithigh os comhair cúirte ann, chomh maith le forálacha faoi dhianphionóis (suas le deich mbliana i bpríosún agus/nó fíneálacha suas le 100,000).

2021  

Níor ghlac an comhrialtas reatha le bille a mhol an Teachta Gino Kelly ó Phobal Roimh Bhrabús (PbP) a cheadódh úsáid canabais do dhaoine breoite, ach fógraíodh athrú ar na rialacha a bhaineann le húsáid drugaí a cheadaigh cuspóirí an bhille.

Pléadh dhá bhille eile i dTeach Laighean le seachtain anuas a mhol gnáthchomhaltaí den Oireachtas.  Ritheadh bille d’aon ghuth sa Seanad ina bhfuil sainmhíniú ar stalcaireacht agus ar theagmháil neamhcheadaithe idir an té atá freagrach agus an duine atá á chrá.

 Is í an seanadóir Lisa Chambers ó Fhianna Fáil a mhol agus a dhréachtaigh an bille tar éis di dul i gcomhairle leis an eagraíocht ‘Stalking Ireland’. Tá an reachtaíocht pléite aici leis an aire dlí agus cirt Helen McEntee agus tá reachtaíocht nua geallta ag an aire.

 Tugadh tacaíocht uilepháirtí sa Dáil Déardaoin do bhille comhalta phríobháidigh a mhol Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael a cheadódh vótáil do Theachtaí Dála gan a bheith i láthair sa Dáil i gcásanna áirithe. Dar léi gur chóir vótáil chianda a cheadú i gcás géarchéime (paindéim mar shampla), i gcás breoiteachta nó le linn do Theachta Dála a bheith ar shaoire mháithreachais nó atharthachta.

 Glactar leis go forleathan go mbeidh reifreann de dhíth leis an athrú a mhol sí a chur gcrích, toisc go ndeir airteagal 15.11.1 den Bhunreacht go gcaithfear gach ceist i nDáil Éireann a réiteach nuair a bhíonn Teachtaí Dála i láthair.

Thug Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin lántacaíocht don bhille agus óráid i nGaeilge á tabhairt aige. “Níor thit an domhan as a chéile ar bhealach amháin nó bealach eile,” a dúirt sé, “nuair a bhí muid ag obair ón mbaile le linn na paindéime. Ba léir do gach duine go raibh muid in ann, nó gur chóir go mbeadh muid in ann, vóta a chaitheamh ón mbaile.”

 Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers tacaíocht ghinearálta do bhille Jennifer Carroll MacNeill, cé go raibh sé soiléir óna óráid gur i dteannta leasuithe eile ar an mBunreacht a bhaineann le cothromaíocht inscne (ról na mban sa teaghlach, mar shampla) a bhreithneofaí ceist an reifrinn.

Tugtar ró-aird uaireanta ar chlampar agus ar chlamhsán as cuimse i nDáil Éireann. Ní thuilleann na hathruithe a mhol Lisa Chambers agus Jennifer Carroll MacNeill ró-aird, ach is dea-shampla a saothar den obair fhiúntach reachtúil atá ar chumas ghnáthchomhaltaí an Oireachtais a dhéanamh ach cur chuige.

Fág freagra ar 'Dea-shampla d’obair fhiúntach reachtúil i dTeach Laighean '