Dea-scéal amach is amach don timpeallacht an coróinvíreas

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Dá mb’fhear é an Saoithín Aeráide a chreideann i nDia, seans go ngabhfadh sé chomh fada lena rá gur plá é an coróinvíreas atá curtha chugainn Aige d’fhonn an pláinéad a shábháil ón athrú aeráide

An laghdú ar an leibhéal truaillithe os cionn na Síne agus é le feiceáil in íomhánna satailíte de chuid NASA

Dea-scéal amach is amach atá i ráig an choróinvíris COVID-19 don timpeallacht.

Bhí sé in am ag duine éigin é sin a rá.

Ar eagla na míthuisceana, níl an Saoithín Aeráide ag rá gur dea-scéal é go bhfuil na mílte duine tar éis bháis, go bhfuil na mílte eile i mbaol a mbáis, go mbeidh brú ollmhór ar chórais sláinte ar fud an domhain má scaipeann an galar a thuilleadh ná go mbeidh na céadta milliún thíos leis má bhíonn cúlú eacnamaíochta ann ar scála na géarchéime a thosaigh in 2008.

Ach ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na híomhánna satailíte den tSín a d’fhoilsigh NASA an tseachtain seo caite chun tionchar an choróinvíris ar astú NO2 (ceann de na gáis is mó is cúis le truailliú an aeir agus le báisteach aigéadach) sa tír sin a thuiscint. Luíonn sé le réasún agus monarchana, stáisiúin chumhachta agus cuid mhór de charranna na Síne ina stad, go mbeadh titim lena chois ar astú CO2 agus na ngás eile is cúis le téamh an domhain.

Ní sa tSín féin amháin a thabharfar faoi deara fothionchar dearfach an choróinvíris ar chúrsaí timpeallachta. I gcaitheamh míosa, d’éirigh leis an bhfrídín beag seo rud a chur i gcrích nár éirigh le Greta Thunberg agus gníomhaithe aeráide eile a dhéanamh go fóill: den chéad uair le 11 bliain anuas, tá titim shuntasach tagtha ar an aerthaisteal, ceann de na príomhchúiseanna atá le téamh an domhain. Tá sé á thuar ag IATA, an Cumann Idirnáisiúnta Aerthaistil, go mbeidh laghdú 4.7 faoin gcéad i mbliana ar an éileamh ar thicéid aerlíne ar fud an domhain de bharr an choróinvíris.

Ní hí earnáil na n-eitleán amháin a bheidh thíos leis an víreas, ar ndóigh. Ach má bhíonn cúlú eacnamaíochta domhanda ann de bharr COVID-19, ní bheidh cuid mhór rialtas san Eoraip in ann na beartais chéanna a chur i bhfeidhm agus a rinne siad in 2008 agus sna blianta a lean, toisc go bhfuil rialacha níos doichte i bhfeidhm anois chun srian a choinneáil le téamh an domhain.

Sna Stáit Aontaithe, a bheidh ag tarraingt amach dáiríre as Conradh Aeráide Pháras i mí Samhna na bliana seo, tá an chuma ar an scéal gurb é an coróinvíreas agus an ghéarchéim shláinte agus eacnamaíochta a leanfadh é an t-aon rud a bhainfeadh an ghaoth as seolta Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta mhí na Samhna.

Dá mb’fhear é an Saoithín Aeráide a chreidfeadh i nDia nó i nDéithe uilechumhachtacha, seans go ngabhfadh sé chomh fada lena rá gur plá é an coróinvíreas a bheadh curtha chugainn ag neach osnádúrtha éigin d’fhonn an pláinéad a shábháil ón athrú aeráide.

Ní chreideann an Saoithín Aeráide i dteoiricí comhcheilge – spioradálta nó eile – ach creideann sé nach mbíonn néal gan ghealán. Deis is ea ráig an choróinvíris chun céim siar a thógáil agus breathnú go géar ar ár sochaí agus ár ngeilleagar atá bunaithe ar thomhaltas neamh-inbhuanaithe.

Fág freagra ar 'Dea-scéal amach is amach don timpeallacht an coróinvíreas'

  • Dónal Ó Béarra

    Dearca réasúnta ar cuid des na himpleachtaí atá ag an corínvireas, thar am é a rá.