Dara Murphy – fear gan náire a tharraing náire ar a pháirtí agus ar Dháil Éireann

Déanfaidh tost Leo Varadkar faoi chás náireach Dhara Murphy díobháil dho-leigheasta dá pháirtí i gCorcaigh go háirithe agus déanfaidh an scéal dochar chomh maith do Dháil Éireann

Dara Murphy – fear gan náire a tharraing náire ar a pháirtí agus ar Dháil Éireann

Bhí cluiche biongó á imirt taobh amuigh de gheataí Theach Laighean Dé Máirt. Scata daoine a imríonn biongó go rialta a bhí ag imirt, mar agóid in aghaidh bille atá ar chlár na Dála. Mura leasófar é, ní cheadófar feasta duaischistí os cionn 50 faoin gcéad d’fháltas na gcluichí. 

Laistigh, bhí aird á tarraingt ar chluiche eile agus ar na lagrialacha a bhaineann leis – córas freastail agus cúitimh na Dála. Bhí Dara Murphy i láthair agus cuairt ghairid á tabhairt aige ar an Dáil, áit a sheachain sé cuid mhór le breis agus dhá bhliain. Ba í a chuairt dheireanach, mar a fuarthas amach níos déanaí.

Thug sé tacaíocht don Aire Tithíochta Eoghan Murphy sa vótáil ar rún mímhuiníne oíche Dé Máirt. Díreach i ndiaidh na vótála d’fhág sé litir in oifig an Cheann Comhairle inar chuir sé in iúl dó go raibh se ag éirí as a bheith ina Theachta Dála. Dheimhnigh sé an lá dár gcionn go raibh post faighte aige i gCoimisiún na hEorpa.

Dhá bhliain ó shin, chuaigh Dara Murphy i mbun oibre go lánaimseartha sa Bhruiséil le Páirtí Eorpach an Phobail (EPP), an páirtí Eorpach lena mbaineann Fine Gael. Ba léir do Theachtaí Dála ar chaon taobh agus d’iriseoirí ó shin nach raibh sé ag freastal ach go hannamh ar an Dáil agus nach raibh ach fíorbheagán oibre á dhéanamh aige i dTeach Laighean.

Níor thug sé aon óráid sa Dáil ón 7 Nollaig 2017.

Ainneoin a thosta, agus ainneoin obair lánaimseartha a bheith á déanamh aige sa Bhruiséil, choinnigh Murphy air ag éileamh gnáthchúiteamh ar chostais taistil ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath agus ar chostais óstáin (€51,600 in aghaidh na bliana). Fuair sé an méid sin anuas ar a thuarastal mar Theachta Dála (€94,500) agus an tuarastal agus na liúntais eile a fuair sé mar chúiteamh ar a shaothar sa Bhruiséil.

Chuir Micheál Martin i leith an Taoisigh go raibh Teachta Dála a thréig muintir Chorcaí á chosaint aige. D’admhaigh Leo Varadkar go raibh córas freastail na Dála “ró-scaoilte” agus dúirt sé go mbeadh na rialacha a bhaineann le freastal ar an Dáil á n-athbhreithniú ag an aire airgeadais. Ach focal cáinteach níor dhúirt sé faoin bhfear a bhí ina chomhalta d’Fhine Gael agus ina Theachta Dála go dtí oíche Dé Máirt.

Deirtear uaireanta nach é an freasúra a bhuann olltoghchán ach gurb é an rialtas is mó a dhéanann díobháil dóibh féin. Tá fianaise bhreá le fáil mar thaca leis an tuairim sin i bhfaillí Leo Varadkar sa chás seo. Is deacair a thost a mheá ar dhóigh ar bith eile seachas mar ghníomh a dhéanfaidh díobháil dho-leigheasta dá pháirtí, i gCorcaigh go háirithe.

Dhiúltaigh an Taoiseach a rá go raibh a ndearna Dara Murphy lochtach, gur chóir do Dhara Murphy éirí as an Dáil agus gur chóir dó sciar den airgead a fuair sé mar Theachta Dála a aisíoc.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go ndéarfaidh go leor daoine gur dóigh go bhfuil róchúiteamh ar chostais faighte ag scata Teachtaí Dála eile – go dleathach, ní foláir a rá. Níl gearán dá leithéid cothrom ná tomhaiste, ach d’fhág drogall an Taoisigh oiread is focal cáinteach a rá faoin gcás seo go mbeidh mórán daoine eile anois ag aontú leis na gearánaithe.

Dúirt Mary Lou McDonald sa Dáil Dé Máirt gur léirigh a ndearna Dara Murphy ar feadh dhá bhliain, le caoinchead an Taoisigh, go raibh an rialtas scoite amach ón ngnáthshaol. Thuill easpa gnímh agus tost Leo Varadkar an cáineadh sin. 

Tá náire tarraingthe ag Dara Murphy air féin agus ar Fhine Gael, agus, faraor, náire tarraingthe aige ar Dháil Éireann chomh maith.

Fág freagra ar 'Dara Murphy – fear gan náire a tharraing náire ar a pháirtí agus ar Dháil Éireann'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Náire tarraingthe ag Dara Murphy, baill de “Fine Grab” ar Fine Gael agus ar Dáil Éireann. Fadó agus an stáit nua ar tí tosnú duirt baill den phobal go mbeidh a gcuid tiarnaí féin acu anois. Ta an tur tagtha faoin tairngreacht. Ba chóir an Dáil mi-chlúiteach seo a scor agus olltoghacháin a ghairm go luath taréis na Nollag.

    Cífimíd ansin cad a cheapann muintir na hÉireann faoi “Fine Grab” agus Leo faillí atá ag maireachtaint ar phlainéad éile, a bholgán féin.

  • Sibéal

    @Seán Mícheál Ó Donnchadha

    Vótálfaidh furmhór de mhuintir na 26 condae ar son rialtais buan FFFG mar is gnách.