Dá mbeinnse i mo dheachtóir ar thírín bheag…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Cothromaíocht a aimsiú idir leasanna éagsúla, sin é an dúshlán a bhíonn roimh pholaiteoirí agus pleanálaithe. Ní jab éasca é…

Dá mbeinnse i mo dheachtóir ar thírín bheag…

Nuair a bhí chuile shórt dúnta ag an gcoróinvíreas – na tránna agus na páirceanna poiblí san áireamh – d’éirigh an domhan chomh beag sin gur mheas an Saoithín Aeráide, lá amháin, gur chosúil le tír iomlán an paiste beag talún faoi scáth crainn a raibh sé ina shuí ann agus é ar thóir nóiméad suaimhnis san aon ‘fhiántas’ amháin a bhí ar fáil dó gar dá árasán i lár na cathrach.

Bhí leagan amach suimiúil ar an bpaiste talún sin.

Bhí farraige coincréite ar an taobh thuaidh. Bhí carraig íseal buailte ar an bhfarraige sin a dhéanfadh láthair den scoth do chathair phoirt. Bhí ithir dhonnrua timpeall ar an gcarraig ar a mbeadh an chathair sin, tailte méithe a bhféadfaí glasraí a fhás ann agus beithígh a chur ag innilt ann.

Bhí caonach siar ó dheas: ceantar foraoiseacha a bhféadfadh muintir na cathrach dul ann ag an deireadh seachtaine.

Soir ó dheas, shín carraig lom in airde de réir a chéile. Nuair a chúngaigh an Saoithín Aeráide a shúile chonaic sé gur chosúil an chuid sin dá thírín samhlaíoch agus talamh sceirde thuaisceart Chríoch Lochlann.

D’fhéadfaí réinfhianna a chur ag innilt ann. Nó b’fhéidir gur cheart an áit a líonadh le muilte gaoithe?

Ansin, chuimhnigh an Saoithín Aeráide ar thogra meánscoile a bhí air a dhéanamh tuairim is tríocha bliain ó shin. Mar chuid den rang tíreolaíochta, bhí spásphleanáil le déanamh ó bhonn ar cheantar samhlaíoch a bhí fíorchosúil leis an gceantar san Ísiltír ar fhás an Saoithín Aeráide féin aníos ann.

Bhí tithe le tógáil do 100,000 duine. Bheadh postanna ag teastáil ó mhuintir na háite agus bhí cruach ag teastáil ón gcuid eile den tír agus ó na tíortha máguaird.

Ar an ábhar sin bhí oibreacha cruach le lonnú sa cheantar, nár mhór dóibh, a míníodh sna treoracha, a bheith lonnaithe ar bhruach na canála móire a ghearr an ceantar ina dhá leath. Longa móra lastais a thabharfadh gual agus amhiarann isteach.

Bhí nod eile sna treoracha.

Aniar aneas, den chuid is mó, a shéidfeadh an ghaoth sa cheantar samhlaíoch.

Mar a dhéanfadh buachaill maith, phleanáil an Saoithín Aeráide cathair ar bhruach theas na canála agus na hoibreacha cruach ar an mbruach thuaidh, ionas go séidfeadh an ghaoth aniar aneas toit thruaillitheach na monarchana soir ó thuaidh, amach ón gcathair.

Ba é sin go deimhin a rinne an lucht pleanála, thiar i dtús an fichiú haois, nuair a tógadh na fíoroibreacha cruach san fhíorcheantar ar fhás an Saoithín Aeráide aníos ann. Ar an drochuair, áfach, bhí i bhfad níos mó oibrithe ag teastáil ó na monarchana ná mar a samhlaíodh agus b’éigean tithe a thógáil do nach mór 70,000 duine ar bhruach thuaidh na canála, díreach soir ó thuaidh ó na hoibreacha cruach. I gceann de na bailte sin a rugadh agus a tógadh an Saoithín Aeráide.

An mhí seo caite, tháinig staitisticí chun solais a léiríonn go dtagann ailse ar 50 faoin gcéad níos mó den daonra i mbaile Beverwijk, díreach soir ó thuaidh ó Tata Steel Europe (mar a thugtar ar na hoibreacha cruach ó 2010 i leith) ná mar a thagann ar dhaoine san Ísiltír ar an meán. An mhí chéanna, tháinig sé chun solais go séideann Tata Steel Europe an méad céanna CO2 san aer agus 50 faoin gcéad de na carranna ar fad ar bhóithre na hÍsiltíre.

Faoi scáth an chrainn, ag breathnú ar an bpaiste beag talún a shamhlaigh sé mar thír agus ar cheap sé é féin mar phríomhdheachtóir agus mar phríomh-spásphleanálaí uirthi, chuimhnigh an Saoithín Aeráide ar scéal eile atá á leanúint aige le tamall de bhlianta: cath phobal bundúchasach na Sámach, a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart Chríoch Lochlann, i gcoinne na muilte gaoithe atá á dtógáil go tréan sna ceantracha ina mbíonn a gcuid réinfhianna ag innilt le cuimhne na ndaoine.

‘Coilíniú glas’ a thugann na Sámaigh ar na hiarrachtaí teacht i dtír ar an talamh bán is baile dóibh d’fhonn leictreachas neamhthruaillitheach a chur ar fáil don chuid eile den Eoraip.

Cothromaíocht a aimsiú idir leasanna éagsúla, sin é an dúshlán, ar ndóigh, a bhíonn roimh pholaiteoirí agus pleanálaithe ar fud an domhain, agus níor mhór do Shaoithíní Aeráide cuimhneamh air sin ó am go chéile.

Bain triail as tú féin: aimsigh paiste talún a bhfuil cruth na hÉireann air agus déan iarracht spás a aimsiú do 6.5 milliún duine agus cuimhnigh go gcaithfear postanna chomh maith le fuinneamh inathnuaite a chur ar fáil do chách.

Chuile sheans go mbeidh ort do chuid muilte gaoithe a lonnú amach ón gcósta, mar a shocraigh an Saoithín Aeráide a dhéanamh, sa deireadh, ina thírín samhlaíoch.

Fág freagra ar 'Dá mbeinnse i mo dheachtóir ar thírín bheag…'