Dá mbeadh ceart le fáil bheadh Ciarraí agus Corcaigh ag imirt anocht – fáilte go dtí ‘All Ireland Gold’ Mhártain

An lá cheana agus mé ag breathnú ar an bhféilire, is ea a thug mé faoi deara go raibh cúig Shatharn agus cúig Dhomhnach i mBealtaine na bliana seo

Dá mbeadh ceart le fáil bheadh Ciarraí agus Corcaigh ag imirt anocht –  fáilte go dtí ‘All Ireland Gold’ Mhártain

David Moran (Ciarraí) agus Ian Maguire (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dá mbeadh ceart le fáil, faoin am a léifidh an chuid is túisce agaibh é seo ba cheart go mbeadh ar a laghad cluiche agus fiche imeartha i gCraobhacha Sinsearacha Peile agus Iománaíochta na gcúigí, go mbeadh trí cinn de mhórfhoirne peile an tuaiscirt – Tír Eoghain, Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán, Doire agus Ard Mhacha – taobh leis an gcúldoras.

Bheadh Ciarraí nó Corcaigh sa mbád céanna, an t-ochtú bliain as a chéile sin amhlaidh ag na Corcaígh dá mba iadsan na caillteoirí sa gcluiche a bhí le n-imirt tráthnóna inniu.

An bhfuil sibh in ann ag tuilleadh de?

Tharlódh go mbeadh curaidh iomána na hÉireann iad féin faoi bhrú ag brath ar an gcaoi ar éirigh leo in aghaidh an Chláir agus Phort Láirge i dtús na míosa agus iad ag brath ar thuras chuig Páirc na nGael agus cluiche in aghaidh Chorcaí lena sábháil.

Ansin arís tá an seans ann go mbeidís chomh slán sábháilte lena leathbhádóirí peile a bheadh ag cur tús leis an gcosaint ar Sam Mag Uidhir in aghaidh na hIarmhí i mbabhta ceathrú ceannais Laighean tráthnóna.

Faraor ní hí an imirt amháin a aireoidh muid uainn sa gcás sin ach tá deis caillte freisin againn ar bhreithiúnas a thabhairt cé mhéad de cheachtanna Jim Gavin a bheadh foghlamtha ag Dessie Farrell – tá a fhios agat na cinn a chuirfeadh téarmaí mar ‘Seilg ar an Sé’ as intinn an imreora mar aon lena chur ina luí go láidir orthu go mbaineann contúirt mhór le Lú, Ceatharlach, Cill Mhantáin, Loch Garman.

Caithfidh muid a bheith foighdeach.

Faoi seo tá mé chomh mór sin faoi sheachmall agus go bhfuil laethanta na seachtaine ag dul amú orm.

Ní hiontas sin agus gan ag dul trí mo chloigeann folamh ach tuairimíocht gan chiall faoi rudaí nach dtarlóidh go deo agus an strus a bhaineann le bheith ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh ar an am atá caite agus corr-rud a thabharfadh ardú meanman do dhuine a tharraingt as poll éicint.

‘All Ireland Gold’ à la Mártan más mian leat. ‘Anthology’ a thugadh seanmhúinteoir Béarla a bhí agam fadó ar a leithéid agus gan aon bharúil faoin saol againn cén bhrí a bhí leis an bhfocal.

Ní thabharfadh ár dteanga féin de ghradam dó ach ‘bailiúchán’ seans !

An lá cheana agus mé ag breathnú ar an bhféilire – beart ar bheagán céille agus gan duine in ann na laethanta agus na figiúirí a cheangal lena chéile – is ea a thug mé faoi deara go raibh cúig Shatharn agus cúig Dhomhnach i mBealtaine na bliana seo. Ní hé gur go hannamh a tharlaíonn a leithéid, ach tá mé cinnte san am atá caite go mbíodh fáilte roimhe ag eagraíochtaí spóirt.

Deirtear liom gur ‘pócaí lán airgid’ a thugann na Sínigh ar a leithéid, smaoineamh a bhainfeadh deoir as súile Tom Ryan agus John Horan an bhliain áirithe seo, déarfainn.

Sula dtáinig mí na gcúig Dhomhnach beag ná mór bhí Sraithchomórtais Náisiúnta na heagraíochta a bhfuileadar ina ceannas imithe le gaoth – comórtas a bhailigh €5½ milliún isteach i gcuntais Chumann Lúthchleas Gael anuraidh, séasúr inar facthas ardú 22% ar airgead geataí.

I dtús an earraigh agus arís ó mhí Iúil ar aghaidh is mó a charnann CLG go náisiúnta a gcuid airgid – go háirithe anois le leagan amach nua na peile agus le corr-athimirt sna babhtaí deireanacha.

Siad na Coistí Cúige is mó a bheidh buailte le díomhaointeas na míosa seo agus na míosa seo chugainn. I gConnachta atá taobh le 5 chontae, bailíodh €1.12 milliún ag geataí na gcluichí craoibhe idirchontae agus Shraith FBD 2019. Eatarthu ar fad bhí láimhdeachas os cionn €13 milliún ag coistí na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin, Shligigh agus Liatroma anuraidh.

I gCúige Mumhan an séasúr seo caite bailíodh €5.35 milliún ag geataí na craoibhe sinsir iománaíochta léi féin.

Scéal uafáis atá ann, scéal faraor atá freisin ag eagraíochtaí spórtanna eile ar fud an domhain. Sin an fáth nár mhór dom cuid mhaith coganta a bheith déanta agam sula slogfainn an scéala faoi imirt cluichí taobh thiar de gheataí dúnta – chomh fada agus is léir domsa ní dhéanann a leithéid ach a rá le himreoirí gur mó againn a sláinte féin ná a gcuid folláine siúd

Ní hamháin sin ach ós rud é nach mbeadh sé ionam fiú leathshúil a chaitheamh ar a leithéid, is beag a chuirfeadh sé ann do mo chuid aineolais ar cén lá den tseachtain atá againn.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh ceart le fáil bheadh Ciarraí agus Corcaigh ag imirt anocht – fáilte go dtí ‘All Ireland Gold’ Mhártain'