Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá

Tá an dá pháirtí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar a míle dícheall na vótaí a fuair Nikki Haley le linn a feachtais a mhealladh chucu féin

Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá

Cé leis an ngabhfaidh vótóirí Nikki Haley anois? Tá an sciob sceab tosaithe ó tháinig na torthaí ar réamhthoghcháin na Máirt Móire seo caite agus ceisteanna dá gcur cé is mó a gheobhaidh buntáiste as vótaí Haley.

Tá an dá pháirtí anois ar a míle dícheall na vótaí a fuair Haley le linn a feachtais a mhealladh ina dtreo féin. Mar is eol dúinn ar fad tá toghchán na Stát Aontaithe bunaithe ar an líon toscairí a bhíonn ag iarrthóir – tá os cionn ocht gcéad toscaire ag an bpointe seo ag Donald Trump agus teastaíonn os cionn 1,200 uaidh leis an ainmniúchán a chinntiú dó féin. Nuair a d’fhógair sí Dé Céadaoin go raibh sí ag éirí as an iomaíocht, dúirt Nikki Haley gur le Trump na vótaí a fuair sí a shaothrú má tá sé le bheith ina Uachtarán in athuair.

Bhí lucht tacaíochta Haley róbheag le stop a chur le Trump sna réamhthoghcháin ach beidh cumhacht ar leith acu nuair a bheidh toghchán na Samhna dá reáchtáil. Comhghuaillíocht de Phoblachtánaigh nach dtacaíonn le Trump agus daoine atá cláraithe mar neamhspleáigh iad formhór na ndaoine a bhí ag tacú le Haley agus b’ionann sin agus an ceathrú cuid de na vótaí a caitheadh go dtí seo i stáit áirithe.

Ba dhíol suntais na teachtaireachtaí a d’eisigh Trump agus Biden Dé Céadaoin ag iarraidh vótóirí Haley a mhealladh – thug Donald Trump cuireadh dóibh a bheith páirteach sa ngluaiseacht is iontaí dár facthas sna Stáit Aontaithe riamh. Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán. Ó tharla nach mbeidh Trump sásta iarracht a dhéanamh le toscairí Haley a mhealladh – deir 19% de lucht tacaíochta Haley go mbeidís sásta tacú le Trump ach tá 79% nach mbeadh agus go bhfuil siad idir dhá chomhairle cé a gheobhaidh a vóta i mí na Samhna.

Dúirt Joe Biden go bhfuil fáilte roimh lucht tacaíochta Haley tacú leis ar mhaithe leis an deighilt agus an dorchadas a chothaíonn Trump a sheachaint. Tá a chuid deacrachtaí féin ag Biden fiú agus má fhaigheann sé chuile cheann de na vótaí a bhí ag Haley i mí na Samhna.

Tá an ghluaiseacht atá feargach faoina bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear ag éirí níos gníomhaí agus ag tabhairt le fios ar a gcuid páipéar ballóide i réamhthoghcháin na nDaonlathach nach bhfuil siad cinnte fós an dtabharfaidh siad vóta dó. Léiríonn pobalbhreitheanna náisiúnta gur beag atá idir an bheirt fhear ach tá imní leanúnach faoi chumas Biden de bharr cúinsí aoise agus sláinte tabhairt faoin dara téarma.

Próiseas fadálach is ea toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe agus bíonn an toradh bunaithe cuid mhaith ar dhornán Stát agus go minic, freisin, ar dhornán vótaí sna Stáit sin. Dá dhonacht maol is measa mullach, a deir an seanfhocal agus is cinnte go bhfuil na milliúin i Meiriceá a fheiceann ag an tráth seo gurb é sin an rogha atá rompu.

Fág freagra ar 'Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá'

  • Carraig

    Anois a thuigim é, grma.