Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta pléite ag cruinniú rialtais i nDún na nGall

Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a cuireadh faoi bhráid chruinniú speisialta an Rialtais sa Ghaeltacht

Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta pléite ag cruinniú rialtais i nDún na nGall

Dhein an Rialtas plé inniu faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcruinniú a bhí acu i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall.

Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a cuireadh faoi bhráid chruinniú speisialta an Rialtais sa Ghaeltacht.

Bhain na meamraim sin le stádas na Gaeilge san AE; an reachtaíocht teanga; an phleanáil teanga; agus polasaí náisiúnta nua do na hoileáin.

Rinneadh cáineadh géar ar an Rialtas toisc nach raibh an bille teanga chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga réidh do chruinniú an lae inniu, mar a bhí geallta ag an Taoiseach.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu gur bille “casta” a bhí ann ach go raibh dul chun cinn “suntasach” déanta maidir leis an obair dréachtaithe.

“Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), thug mé an t-eolas is déanaí do mo chomhghleacaithe sa chomhaireacht maidir leis an dul chun cinn suntasach atá déanta i ndréachtú an Bhille le roinnt míonna.  

“Tá an Bille casta agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Dá bhrí sin bhí gá le comhairliúchán suntasach a dhéanamh le comhlachtaí iomchuí san earnáil phoiblí le linn an phróisis dréachtaithe. Leanfar den obair dhian agus tá mé ag tnúth le dul ar ais chuig an gcomh-aireacht san fhómhar le dréacht-Bhille lena fhoilsiú.”

Fágann sin, faoin am a fhoilseofar an Bille, go mbeidh ar a laghad ocht mbliana caite ó d’fhógair iar-aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Dúirt leascheannaire agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh “feall mór” á dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta mar gheall “ar mhí-éifeachtacht” an rialtais i leith na reachtaíochta teanga. 

Pléadh chomh maith ag cruinniú Rialtais an lae inniu gné áirithe den reachtaíocht teanga – uasdátú sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é atá i sceideal an achta ná  an liosta comhlachtaí a thagann faoi scáth na reachtaíochta teanga, liosta nár deineadh aon uasdátú air le 13 bliain anuas.

Tuigtear go bhfuil os cionn dhá scór comhlacht poiblí ann nach bhfuil aon dualgas teanga de réir an dlí orthu toisc gur bunaíodh iad i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta uasdátú a dhéanamh go deireanach ar sceideal an Achta i mí Bealtaine 2006.

I measc na gcomhlachtaí sin nach bhfuil aon dualgas teanga orthu, tá Uisce Éireann, an tÚdarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Chomhairle Múinteoireachta, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Ireland Tourism agus Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann. 

Dúirt an tAire Stáit Kyne go mbíonn “deacrachtaí” ag daoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge le comhlachtaí poiblí áirithe toisc nach bhfuil aon uasdátú déanta ar sceideal an achta ó 2006. Dúirt sé go raibh na rialacháin chun uasdátú a dhéanamh ar an acht réidh le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais san fhómhair.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta in iúl don chomhaireacht ag cruinniú an lae inniu chomh maith go bhfuil sé chun coiste idir-rannach a bhunú chun plé le forbairt na n-oileán.

Ag éirí as obair an choiste nua, tá sé i gceist beartas trasrialtais agus plean gníomhaíochta a fhorbairt do na hoileáin.

“Tá ríméad orm gur chuir mé an togra sin os comhair na comhaireachta lena phlé mar is é seo an chéad uair ar tugadh faoi thionscadal dá leithéid, ó foilsíodh Tuarascáil deiridh an Choiste Idir-rannaigh maidir le Forbairt na nOileán i 1996,” arsa Seán Kyne.

Chuir Kyne a chomhghleacaithe ar an eolas chomh maith inniu faoi staid an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.       

Bhain an meamram eile a chuir Roinn na Gaeltachta faoi bhráid chruinniú an lae inniu leis an bplean go dtiocfadh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE faoi 2022.

Chuir an tAire tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach faoi bhráid a chomhghleacaithe maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh leis an bplean deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

“Ar an iomlán, tá ábhar dearfach sa tuarascáil. Bhí ríméad orm achoimre a thabhairt don chomhaireacht maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ngach réimse den phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an maolú, mar thoradh ar obair leanúnach mo Roinnse, i gcomhar le hinstitiúidí an AE agus an earnáil tríú leibhéal in Éirinn.  Cuirtear deiseanna fostaíochta nua in Éirinn agus san Eoraip ar fáil do mhuintir na hÉireann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Fág freagra ar 'Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta pléite ag cruinniú rialtais i nDún na nGall'