Cur chuige i bhfad níos ciallmhaire anois ag bainisteoirí na gcoláistí

Bhí an fhoireann ollscoile ar imir ár gcolúnaí leo ar cheann de na foirne ab aclaí a ghlac páirt i gcomórtas Sigerson riamh, ach tá seans leis gur chuir an tsíorthraenáil leis an dtnáitheadh coirp agus aigne a bhuail cuid mhaith coláisteánach ina dhiaidh sin

Paul Geaney and Ronan O'Neill 22/2/2014
Paul Geaney, UCC, agus agus Ronan O’Neill, U.U.J, sa Chorn Sigerson anuraidh. Bhí Geaney ar dhuine d’ochtar ar an bhfoireann a bhí ag Ciarraí i gcaitheamh na craoibhe anuraidh a thug feachtais mhaithe le hOllscoil Chorcaí uatha roimis. ©INPHO/Presseye/Russell Pritchard

N’fheadar an bhfuil mórán comórtais eile a chruthaíonn oiread díospóireachta agus achrainn do Chumann Lúthchleas Gael is a dheineann Corn Sigerson.

Tá babhtaí ceannais an chomórtais caide tríú leibhéal á n-imirt i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo ach, dála na mblianta roimis, ní gan dua a reachtáladh comórtas na bliana 2015.

Ní bhíonn aon chomórtas Sigerson gan conspóid agus go deimhin féin, níl ach coicíos ó caitheadh IT Shligigh agus Ollscoil na Banríona amach as comórtas na bliana seo ar an mbonn go raibh imreoirí mídhleathacha ón dá thaobh.

Seachtain ina dhiaidh sin arís, scaoileadh IT Shligigh isteach sa chomórtas in athuair ach níorbh fhada a seasamh, le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, UCC, ag buachtaint orthu i mbabhta ceathrú ceannais na hAoine seo caite.

Léiriú, b’fhéidir, ar dhiongbháilteacht na gColáistí tríú leibhéal i leith an chomórtais go bhfuilid chomh meáite ar a ngreim a choimeád sa chomórtas gach uile bliain agus más slat tomhais ar cé chomh dáiríre is atá institiúidí áirithe faoi Chorn Sigerson, an t-airgead a chaitheann siad ar scoláireachtaí peile, níl aon amhras ná go bhfuil an-mheas go deo ar an gcomórtas i gcónaí.

Ba ins na hollscoileanna, agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) más fíor, a thosnaigh an nós seo atá coitianta sa lá atá inniu ann – seisiúin traenála a eagrú luath ar maidin sara dtabharfaí faoi chúramaí acadúla an lae. Le linn dom féin bheith in Ollscoil Luimnigh fiche bliain ó shin, bhíodh seisiúin ar a 6 a chlog ar maidin againn agus arís ar a 6 a chlog tráthnóna.

Níl aon amhras orm gur chruthaigh a leithéid sprid iontach foirne agus go raibh foireann úd na hOllscoile in UL ar cheann des na foirne ab aclaí a ghlac páirt i gcomórtas Sigerson riamh, ach tá seans leis gur chuir ár síorthraenáil leis an dtnáitheadh coirp agus aigne a bhuail cuid mhaith coláisteánach ina dhiaidh sin.

Le blianta beaga anuas, tá cur chuige i bhfad níos ciallmhaire ag bainisteoirí na bhfoirne ollscoile agus tá an chuma ar an scéal chomh maith nach bhfuil oiread éileamh á ndéanamh ar a gcuid imreoirí acu. Deir Niall Moyna, bainisteoir fhoireann Ollscoile Chathair Bhaile Átha Cliath, DCU, atá rannpháirteach i mbabhtaí ceannais an deiridh seachtaine seo i gCorcaigh, nár tugadh imreoirí na hOllscoile sin le chéile chun traenála ach uair amháin sa tseachtain ó thús na bliana.

Tá bainisteoir fhoireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Billy Morgan, tar éis morán cur is cúiteamh bheith aige leo siúd atá i bhfeighil foirne faoi bhliain is fiche eadarchontae d’fhonn is teacht ar réiteach a shásódh an uile dhuine ó thaobh cláracha traenála.

Fiú in IT Cheatharlach, atá ag glacadh páirte i mbabhtaí ceannais Sigerson den gcéad uair i mbliana, tá bainisteoir acu siúd, Noel Garvan, a thuigeann cé chomh deacair is atá sé ar imreoirí óga a mbuille a thabhairt tar éis a thaithí féin bheith ag imirt le foirne faoi aoise chontae Laoise agus le sárfhoireann IT Thrá Lí i ndeireadh an 1990aí.

Aithnítear na dúshláin ach is léir nach bhfuil sé fuirist teacht i dtír orthu fós.

Beartaíodh dhá bhliain ó shin, nuair a d’fhéach Coiste Athbhreithnithe na Peile, faoi stiúir Eugene McGee ar chomórtas Sigerson, gan dul ag útamáil le ham-chlár an chomórtais féin. Ní mó ná sásta a bhí roinnt bainisteoirí eadarchontae ag an am toisc gur measadh go mbeadh an iomarca imreoirí maithe a bheadh ag iarraidh an dá thráigh a fhreastal agus gurbh iad na foirne contae a bheadh thíos leis.

Ní raibh an dara rogha ag Coiste Eugnene McGee, áfach, toisc gur dheacair teacht salach ar scrúdaithe réamh-Nollag, mar a bhíonn i mórán institiúidí tríú leibhéal anois.

I ndeireadh na dála, ainneoin na conspóide síoraí a leanann é agus ainneoin an chaithimh anuas a deintear ar Chorn Sigerson, is beag comórtais atá inchurtha leis mar chomórtas ina bhfuil an t-imreoir féin i lár an aonaigh.

Tréimhse ana-shuaithinseach i saol aon imreora iad na blianta idir 18-22 bliana d’aois. Tá aithne á chur aige ar imreoirí ó chontaetha eile, céim mhór chun cinn á tabhairt sa tsaol agus nósmhaireachtaí a mhairfidh buan á tharrac chuige féin aige.

Thuig lucht na caide i gCiarraí ó thús ábharthacht Chorn Sigerson chun forbairt a dhéanamh ar imreoirí. Tá Corn Sigerson buaite le hOllscoil Chorcaí ag déithe beaga na linne seo, Maurice Fitzgerald agus Seamus Moynihan, agus as an bhfoireann a bhí ag Ciarraí i gcaitheamh na craoibhe anuraidh, bhí ochtar – Brian Kelly, Paul Murphy, Shane Enright, Peter Crowley, Donnchadh Walsh, Johnny Buckley, Paul Geaney agus Stephen O’Brien – a thug feachtais mhaithe le hOllscoil Chorcaí uatha roimis.

Gorlann iontach caide do mhuintir Chiarraí í Ollscoil Chorcaí agus b’inti, chomh maith, a d’fhoghlaim a mbainisteoir, Eamon Mac Muiris, a cheird mar imreoir.

Ní haon iontas, dá réir sin, go mbeadh aird na n-údar caide sa Ríocht dírithe thar teora Cois Laoi arís an deireadh seachtaine seo. Beidh mórán le foghlaim.

 

Fág freagra ar 'Cur chuige i bhfad níos ciallmhaire anois ag bainisteoirí na gcoláistí'