Cuma na maitheas arís ar Luimneach, Corcaigh agus an Clár

Le tamall de bhlianta bíonn an caighdeán is airde agus na coimhlintí is géire I gcúige Mumhan

Cuma na maitheas arís ar Luimneach, Corcaigh agus an Clár

Tá an traenáil faoi lán tseoil don séasúr úr nua.

Tá na pleananna déanta agus misneach I ngach contae go mbeidh dul chun cinn déanta roimh deireadh mí Iúil nuair a bheidh an corn deireanach agus is tábhachtaí á bhronnadh .

Ag tosach chraobh na hÉireann beidh seacht bhfoireann déag san iomaíocht ,cúig cinn i gcúige Mumhan, sé cinn i Laighean agus sé cinn freisin i gcomórtas Mhic Donnacha.

Le tamall de bhlianta bíonn an caighdeán is airde agus na coimhlintí is géire I gcúige Mumhan agus, mar fhianaise air sin, má tá a leithéid ag teastáil, tá craobh na hÉireann buaite ag contae ón gcúige gach bliain ó 2018. Ón méid a chonaiceamar anuraidh tá sé deacair féachaint thar Luimneach , An Clár agus Corcaigh le teacht amach as an ngrúpa thar a bheith iomaíoch sin .

Dar ndóigh tá bainisteoir nua ag na Déise, iarimreoir de chuid an chontae Peter Queally a bhí ina roghnóir le Davy Fitzgerald ina thréimhse dheireanach sa chontae. Beidh Eoin Kelly Thiobraid Árann leis (a bhí le FitzGerald freisin ) agus iarlaoch an chontae Dan Shanahan a bhí ann mar roghnóir cheana. Bhí chuid maith den mhí -ádh ag baint le  Port Láirge anuraidh nár éirigh leo teacht amach as an gcúige sa tríú háit. Gan dabht tá dúshlán ollmhór roimh Queally agus a mheitheal bainistíochta .

Tá Ríthe an chomórtais, Luimneach, fós mar rogha na coitiantachta agus painéal thar a bheith láidir acu atá fós óg go leor . Braithfidh siad uathu an cúl báire iontach agus  stiúrthóir na foirne le tamall de bhlianta anois , Nicky Quaid, atá imithe do chuid maith den séasúr le gortú don diabhal ballnasc croiseach. Rachaidh siad go Inis don chéad cluiche. Ní bheidh mórán géillte ó aon taobh ansin. Le John Kiely agus Paul Kinnerk fós i gceannas agus Adrian O’Brien (athair an imreoraShane ) tugtha isteach mar chóitseálaí S &, tá mórán atá socair sa campa agus bheinn ag ceapadh nach bhfuil deireadh leo fós ná baol air.

Is deacair ag an pointe seo aon tuairim oilte a thabhairt faoi Thiobraid Árann. Bhí feachtas na Mumhan anuraidh  idir  measartha agus ainnis acu .

Fuaireadar léasadh ó Luimneach agus Corcaigh agus aon phointe amháin a bhailíodar don chomhscór a bhí acu le Port Láirge. Roimh an craobh faoi fiche bhí dóchas sa chontae go mbuafaidís é ach dar ndóigh níor tharla sin. Ach tá scata leaideanna ann a bhí faoi 17 anuraidh agus níl aon dabht ach go bhfuil mianach agus spiorad iontu ach beidh cúpla bliain ann sara mbeidh siad ag caitheamh gheansaí na sinsear.

Tá bainistíocht Chorcaí mar a bhí ó thosnaigh Pat Ryan trí bliana ó shin agus leis sin tá dóchas i measc leantóirí chluiche na fuinseoige sa chontae. An t-am seo anuraidh bhí easpa dóchais ann agus i ndiaidh an chéad dá cluiche craoibhe bhíomar in umar na haimléise ach i ndiaidh an bhua ar Luimneach d’athraigh an séasúr agus is beag nár chríochnaíomar leis an duais is mó. Tá dóchas sa chontae agus sinn ag feitheamh ar thosach shéasúr 2025.

Agus dar ndóigh tá seaimpíní na hÉireann an Clár ann agus iad ag tnúth leis an séasúr agus, b’fhéidir, i mbliana craobh na Mumhan a bhuachaint don chéad uair ó 1998.

I gcúige Laighean tá i bhfad níos mó ceisteanna faoi cé thiocfaidh amach as. Tá mórán fianaise ag teastáil ó bheagnach gach contae sula gcuirfeá aon mhuinín iontu. Bheinn ag ceapadh go mbeidh Cill Chainnigh slán. Bheinn ag ceapadh freisin go mbeidh an Ghaillimh níos fearr faoin nGaillmheach Mícheál O’Donoghue. Ach conas mar a bheidh ag Áth Cliath faoin fearr nua Niall Ó Ceallacháin os na Fianna? Agus céard faoi Loch Garman ?

Beimid ag cóiméad súil ghéar ar na cluichí sraithe chun níos mó eolais a fháil oimh chraobh 2025. Tosnóidh na cluichí sin an deireadh seachtaine deireanach d’Eanáir

Ath bhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheas arís ar Luimneach, Corcaigh agus an Clár'