CULTÚR: Scéal scáfar Eibhlís Carcione, vaidhbeanna maithe Matt Ó agus Wú-hú Baboró!

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Scéal scáfar Eibhlís Carcione, vaidhbeanna maithe Matt Ó agus Wú-hú Baboró!

FÉILTE

Wú-hú Baboró!

Féile Idirnáisiúnta Baboró
Gaillimh

Wú-hú! D’oscail oifig na dticéad don fhéile Baboró an tseachtain seo caite is beidh an fhéile ealaíon idirnáisiúnta do pháistí ar bun ó 14 go 23 Deireadh Fómhair.

Wa-wa! Tá roinnt de na himeachtaí díolta amach cheana féin, só bí ag cliceáil go beo más rud é go mbeidh tú croíbhriste mura n-éireoidh leat seó ar leith a fheiceáil.

Bíodh do bhuiséad ar eolas agat agus pioc rud nó dhó go gcaithfear íoc isteach ann agus ansin breathnaigh céard iad na himeachtaí eile a bheidh le feiceáil saor in aisce chun fad a bhaint as do euro.

Tá na ticéid réasúnta go maith, €35 ar theaghlach ceathrair, nó €10 an duine, ach éiríonn sé costasach má tá tú ag iarraidh cúpla seó a fheiceáil. Bíonn rátaí níos ísle ar na ticéid do ghrúpaí scoile agus pobail.

Beidh Branar ar ais i mbliana agus dhá sheó acu; Rothar i gcomhar le Drámaíocht Ollscoil na Gaillimhe agus Baboró atá feiliúnach do lucht féachana ó 4 – 8 mbliana d’aois; agus seó nua Grand Soft Day i gcomhar le New International Encounter as an Iorua atá coimisiúnaithe ag amharclann The Ark, is é in oiriúint do lucht féachana idir 3 agus 6 bliana aois.

Beidh sé ina éirí amach i Ros Muc (15 Deireadh Fómhair) agus ag an bPóirse Caoch (22 D.Fómh.) agus an seó sráide dátheangach An Ceannairc Bheag Bhídeach/Tiny Mutiny á stáitsiú amuigh faoin aer ag gasúir scoile Ros Muc agus an Chladaigh i gcomhar leis na healaíontóirí Jojo Hynes, Midie Corcoran, Atmos Collective agus Róisín Seoighe.

Gach eolas agus ticéid.

Bridget Bhreathnach 

SCANNÁIN

An dráma roimh an dráma

Don’t Worry Darling
Stiúrthóir: Olivia Wilde
Cliar: Harry Styles, Florence Pugh, Gemma Chan…

Is deacair éalú ón dráma a bhaineann leis an scannán seo, agus níl sé sna pictiúrlanna fós! Scéinséir is ea Don’t Worry Darling, ina bhfuil lánúin óg ag maireachtáil i gcathair útóipeach nuabhunaithe. Mar a shamhlófá, ní mar a shíltear a bítear, agus ní haon útóipe an áit ina bhfuil siad.

Ón méid atá feicthe againn, is cosúil go mbeidh an-aisteoireacht go deo le feiceáil ó Florence Pugh, atá sa bpríomhról, agus a dhéanann iarracht bréagriocht na cathrach a tharraingt as a chéile. Tá comharthaí ceiste ann maidir le téamaí an scannáin, atá ceaptha a bheith ina ‘feiminist manifesto’ dar leis an stiúrthóir Olivia Wilde, ach atá faoi amhras de bharr na conspóide a tharla nó nár tharla – cá bhfios – ar an seit agus le linn cur chun cinn an scannáin. Beidh le feiceáil an mbeidh scannal ar an scáileán chomh conspóideach leis an scannal ag Féile Scannán Vna Veinéise an tseachtain seo agus teannas ar leith le brath idir aisteoirí agus cliar, rud atá ag cruthú cúlchainte sna meáin. Poiblíocht is ea poiblíocht ag deireadh thiar thall, bíodh sí maith nó olc!

Beidh Don’t Worry Darling á léiriú i bpictiúrlanna áirithe eile timpeall na tíre ón 23 Meán Fómhair, ach beidh ticéid ar díol óna 9rn Dé hAoine (9 Meán Fómhair) ag The Lighthouse i mBaile Átha Cliath agus ag Pálás na Gaillimhe.

Emma Ní Chearúil


Scéal aisteach dorcha ‘I Love My Dad’

I Love My Dad
Stiúrthóir agus scríbhneoir: James Morosini
Cliar:Patton Oswalt, James Morosini, Claude Sulewski

Le fás na teicneolaíochta agus saol sóisialta ar líne, tagann buntáistí, ach tagann castachtaí chun cinn freisin… Scéal aisteach dorcha is ea I Love My Dad ina gcuireann athair an dallamullóg ar a mhac trí catfishing a dhéanamh air. Agus fear óg ag streachailt lena mheabhairshláinte agus leis an saol, beartaíonn a athair, nach raibh thart ó bhí sé óg, athchaidreamh a dhéanamh leis trí bhréagphróifíl a chruthú ar líne, ag baint úsáid as íomhánna agus ainm freastalaí óig áitiúil, Becca. Éiríonn cúrsaí casta, áfach, nuair a eascraíonn caidreamh ar leith as na comhráite a bhíonn acu ar líne.

James Morosini a scríobh an scannán, atá bunaithe (go garbh, tá súil agam) ar scéal a shaoil féin, agus is é a ghlac an príomhról. Feictear an réalta YouTube Claudia Sulewski i ról Becca – a céad ról ó d’aistrigh sí ó scáileán YouTube go dtí an scáileán mór. Bhain an scannán duaiseanna ag SXSW i mbliana, agus tá sé á léiriú i bpictiúrlanna Mheiriceá, ach anseo in Éirinn is féidir é a aimsiú ar Amazon nó in áiteacha eile ar an idirlíon.

Emma Ní Chearúil

LEABHAIR

Scéal scáfar do dhaoine óga

Welcome To Deadtown, Raven McKay
Eibhlís Carcione
Foilsitheoir: Everything with Words

Beidh aithne ag lucht na Gaeilge ar an scríbhneoir Eibhlís Carcione as a cuid filíochta: Tonn Chlíodhna (2015, Coiscéim) agus Eala Oíche (2019, Coiscéim). Tá a tríú cnuasach filíochta Bean Róin le foilsiú i mbliana agus í ag cur leis an ábhar atá foilsithe aici ar irisí éagsúla ar nós Feasta agus Comhar i rith an ama.

Idir an dá linn, beidh deis ag tuilleadh léitheoirí eolas a chur ar a saothar liteartha nó tá an foilsitheoir neamhspleách ficsin, Everything with Words, lena húrscéal nua fantaisíochta Béarla, Welcome To Deadtown, Raven McKay, a fhoilsiú an bhliain seo chugainn.

Ar pháistí san aoisghrúpa idir 9-12 bliain d’aois atá an scéal seo dírithe, scéal scáfar faoi chailín óg, Raven McKay. Tá sí ina cónaí i Grave’s Pass nuair a imíonn a tuismitheoirí gan tásc gan tuairisc. Ag brath ar sheanmhála taistil le greamaitheoir d’fhéileacán dubh agus litir óna máthair atá Raven leis an anchás seo a réiteach. Ach ní gnáthbhaile é Grave’s Pass; is ann a mhaireann an bheo agus an marbh pluc le cnámh. Caithfidh Raven dul sa tseans le fáil amach cad a tharla dá tuismitheoirí agus i mbaol a hanam a chailleadh a bhíonn sí ar an aistear seo agus lucht na hoíche ag bagairt uirthi.

Pól Ó Muirí

CEOL

Vaidhbeanna maithe Matt Ó

Bird in the Hand (singil)
Matt Ó

Tá cáil áirithe bainte amach ag Tebi Rex le blianta beaga anuas, agus áit tuillte acu ar ardáin Longitude, Electric Picnic, Other Voices agus araile. Tá an bheirt ar bhriseadh faoi láthair – le filleadh in 2023 – ach ní ag glacadh sosa atá siad. Tá EP dá chuid féin le heisiúint ag Matt (faoin ainm Matt Ó) agus an chéad singil ar fáil ar líne anois, amhrán ar a bhfuil Sweetlemondae na Gaillimhe agus an léiritheoir LOD le cloisteáil. Tá cuid de scríbhneoireacht chliste Tebi Rex le cloisteáil san amhrán ‘Bird In The Hand’, a dhéanann cur síos ar shuáilceas dheireadh na hoíche (nó thús na maidine) i ndiaidh cóisire, ach le stíl níos réchúisí, níos séimhe. Vaidhbeanna maithe amháin, mar a dearfá.

Cuirfear an EP Messer ar fáil ar Spotify, Soundcloud agus ardáin eile ón 30 Meán Fómhair.

Emma Ní Chearúil

Fág freagra ar 'CULTÚR: Scéal scáfar Eibhlís Carcione, vaidhbeanna maithe Matt Ó agus Wú-hú Baboró!'