Cúl le ciall?

Níl tuairisc Choiste Athbhreithnithe Iomána 2020 CLG gan locht

Shane Dowling . Pictúr: ©INPHO/James Crombie
Shane Dowling . Pictúr: ©INPHO/James Crombie

I bhfianaise an tséasúir iomána a chonaic muid anuraidh, tá sé ag dul ó thuiscint orm cén fáth a mbeadh fonn ar aon duine athrú a dhéanamh ar an gcluiche, cé go dtuigim go bhfuil i bhfad níos mó ná rialacha imeartha i gceist i moltaí Choiste Athbhreithnithe Iomána 2020 CLG a foilsíodh i dtús na seachtaine seo.

Ar chúiseanna sábháilte, bheinn sásta go maith laghdú a dhéanamh ar an líon daoine a bhíonn sa chúl agus buille éirice á thógáil – ba leor amharc amháin ar chos bhrúite Stephen O’ Keefe le mé a thabhairt ar an intinn sin tar éis dósan urchar Anthony Nash a stopadh anuraidh.

Agus iad ag dul go bunúdar na mbuillí éirice, bhí Nash ar dhuine de na hiománaithe a thug an Coiste Athbhreithnithe go Páirc Dhúrlais lá agus iad i mbun taighde agus ullmhúcháin ar a dtuairisc. Bhí idir bháireoirí eile agus lucht tógála na mbuillí saora ina theannta –  Colm Callanan agus Joe Canning (Gaillimh), Shane Dowling (Luimneach) , Eoin Kelly (Tiobraid Árann) agus Patrick Kelly (an Clár). 

Chaith siad siúd tamall de thráthnóna i mbun an chúraim agus thomhais ceamara speisialta a bhí ar an láthair go raibh luas os cionn 150 Cileméadar san uair le cuid de na hiarrachtaí a buaileadh. Sin an chúis gur deacair cur in aghaidh an mholadh atá déanta, measaim.

Scéal eile é cás na gcartaí, ach sula dtosóidh mé ag cur díom, ní mór dom a admháil nach bhfuil oiread sin muiníne ach an oiread agam as córas cártaí na peile.

Seachas a bheith agu útamáil le cártaí den iliomad dath, creidim go daingean gur mó de phionós ar imreoir agus ar fhoireann in aon spórt go gcathfeadh an té atá ciontach as sárú rialach tréimhse 10 nóiméad dímhaoin ar an líne, fad is atá a chomrádaithe ag iompar an ualaigh.

Sa bhliain 2005, bhíothas le triail a bhaint as a leithéid sa tSraith Náisiúnta Peile, ach chaill na húdaráis a misneach tar éis do chúpla bainisteoir idirchontae a raibh cumhacht acu cur ina choinne.

Ligeadh deis mhór le fána an lá sin, measaim. Níl ciall ná réasún le cuid den leagan amach atá i réim faoi láthair, go háirithe an cárta dubh seo. Chomh fada agus is léir domsa, tá sé in aghaidh gach nádúr nuair a dhíbreofaí imreoir den pháirc as coir thromchúiseach go gceadófaí duine isteach ina áit a bhféadfadh tionchar níos mó a bheith aige siúd ar an toradh deiridh ná a bhí ag an té a ruaigeadh.

Maidir leis an deich nóiméad dímhaointis, cuimhnigh ar an gcallán ar fad a tarraingíodh nuair a tharraing Seán Kavanagh Conor McManus chul talún i bPáirc an Chrócaigh cúpla bliain ó shin – agus ar na heachtraí eile ar fad dá leithéid. Ní bheadh gíog ná míog as éinne, dá mbeadh ‘córas na 10 nóiméad’ i bhfeidhm.

(An t-aon locht atá agam air go bhfuil sé ag teip ar aon duine leagan deas Gaeilge a chruthú dó. ‘Loca Pionóis’ a deir an foclóir liom agus caithfidh sin cúis a dhéanamh go fóilleach.)

Ag lainseáil mholtaí na hIomána an lá faoi dheireadh, luaigh cathaoirleach stuama an Choiste, Liam Sheedy cás imreora mionúir a chuifí den pháirc i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Thagair sé don náire a bhainfeadh leis don ógánach féin, dá chlub, dá chontae agus dá mhuintir – go háirithe más eachtraí neamhurchóideacha go leor ba chúis leis an dá chárta buí.

An aragóint a chuirfinn féin chun cinn go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna go bhfoghlaimeodh imreoirí san aois sin conas guaim a choinneáil orthu féin agus iad faoi bhrú; go dtuigfeadh siad conas iad féin a iompar go stuama, agus go n-aithneodh siad an míbhuntáiste dá gcomrádaithe duine a bheith in easnamh orthu. Tógann an moladh nua seo go leor den fhreagracht de ghuaillí an imreora.

Níl sna cártaí dubha seo sa pheil agus sa mholadh go gceadófaí ionadaí a chur isteach in áit an té a mbeadh dhá chárta buí faighte aige san iomáint ach sop in áit na scuaibe. Inseoidh fiche nóiméad de chluiche PRO 12 sa rugbaí duit céard is brí le riail agus reacht agus le homós.

Rud eile a n-easaontóinn leis is ea an moladh go mbeadh a uimhir féin idir ó 1-30 ag gach imreoir ar phainéal idirchontae – seo déanta chun dul i ngleic leis an tseift sheafóideach a úsáideann bainisteoirí uaireanta nuair a dhéanann siad roghnú ar fhoireann amháin agus nuair a chuireann siad  ceann difriúil chun páirce.

Rud amháin is ea iarracht a dhéanamh dallamullóg a chur ar do chéilí comhraic. Rud eile a bheith á chur go hoscailte ar na daoine a chuireann a lámha ina bpócaí ag na geataí agus a cheannaíonn cláracha ar an mbealach isteach.   

Le go hard os cionn 100 bliain anois, tá an nós ann 15 ainm a bhreacadh ar leathanach – ionadaithe faoina mbun – sin déanta mar áis don té a scar leis an airgead. Níl cúis faoin spéir go dtabharfaí cúl dó.

Tá sé soiléir, simplí soléite. Níl baint dá laghad aige agus níor cheart go mbeadh le taicticí ná le cleasaíocht bainisteoirí.

Agus an t-ualach sin curtha de mo chroí agam, tá go leor le moladh i dtuairisc Choiste  Athbhreithnithe Iomána 2020 CLG agus glacaim go hiomlán gur ar mhaithe le cosaint agus le forbairt an chluiche a bhí chuile dhuine a shuígh air agus a chuir a dtuairimí chuige.

Níl moladh is fearr ann ná gur chóir Stiúrthóir Iomána a cheapadh gan mhoill. Rinne Paudie Butler, an té a raibh an cúram sin air, sárobair gur éirigh sé as beagán os cionn bliana ó shin. Níor chóir go bhfágfaí an saothrú mór a rinne an Buitléireach gan chríochnú.

Fág freagra ar 'Cúl le ciall?'