Cuirfear brú ar mhúinteoirí marc ard a thabhairt do ‘Seán’ nó ‘Máire’ – tá sé tosaithe cheana

Is cóir go bhfágfaí obair ríthábhachtach an ghrádaithe agus nach gcuirfí leis an mbrú ollmhór atá orthu cheana féin

Cuirfear brú ar mhúinteoirí marc ard a thabhairt do ‘Seán’ nó ‘Máire’ – tá sé tosaithe cheana

Is minic muid in éad le múinteoirí  an tráth seo bliana. Iad ar shaoire fhada ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Roinnt acu ag saothrú airgead breise ag múineadh i gcoláistí Gaeilge agus roinnt eile fós ag ceartú páipéir scrúduithe na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh.

Ach tá sé sin ar fad athraithe i mbliana.

In áit a bheith ag saothrú airgead breise agus ag déanamh bolg le gréin tá siad curtha ar aghaidh an ghunna ag an gcoróinvíreas.

An samhradh seo seachas a bheith ag saothrú pingineacha breise ag ceartú páipéir scrúdaithe beidh siad gnóthach ag measúnú agus ag grádú a gcuid scoláirí. Agus ní hionann an grádú seo agus an grádú a rinne siad do scrúdú na Nollag ná do na bréagscrúdaithe. Grádú é seo ar na scoláirí a shocróidh cén tslí bheatha a bheidh acu amach anseo nó treo a rachaidh saol na ndaoine óga seo. Tá na daltaí scoile seo i dtuilleamaí tuairim ghairmiúil a gcuid oiliúnaithe.

Ar dtús ní foláir aitheantas a thabhairt do na múinteoirí dara leibhéal agus dá gceardchumainn a ghlac leis an athrú mór seo ar a gcuid dualgaisí oibre.

Le blianta anuas bhí sé á mholadh go mbeadh roinnt de thorthaí na hardteistiméireachta bunaithe ar mheasúnú óna gcuid múinteoirí agus ní raibh glacadh ag múinteoirí ná ceardchumainn na múinteoirí leis an treo seo.

De léim tá sé seo caite sa mullach orthu agus tá siad le moladh as chomh sciobtha is atá glactha acu leis an gcur chuige seo. Ní le fonn atá chuile mhúinteoir ag glacadh leis ach mar a deir an seanfhocal ‘castar fonn le fonn agus fonn le mífhonn’.

Ualach trom oibre é suí síos anois agus féachaint siar ar obair gach scoláire a bhí faoina gcúram le blianta anuas.

Beidh torthaí scrúduithe áirithe ar fáil le cuidiú leis an measúnú ach mar atá fhios againn ar fad is iomaí scoláire óg  a bhain amach torthaí maithe as obair agus staidéar crua a dhéanamh in imeacht cúig nó sé de sheachtainí.

Ní bheidh an saothar sin ar fáil do mhúinteoirí a bheidh i mbun measúnaithe. Níl d’ábhar ag an múinteoir ach a bhfuil feicthe aige nó aici go dtí seo.

Ach ní shin an chuid is measa den obair.

Gnáthdhaoine a bhfuil cónaí orthu sa phobal iad na múinteoirí. Beidh brú pearsanta ar bhonn coinsiasa orthu measúnú cruinn a dhéanamh ar gach scoláire ach bí cinnte dhe freisin go mbeidh brú orthu ó thuismitheoirí measúnú “ceart “ a dhéanamh.

Tiocfaidh an brú ar bhealaí go leor. Tá sé tosaithe cheana féin. Tá agus beidh glaonna á bhfáil ag múinteoirí ag tabhairt le fios cé chomh tábhachtach is atá sé do Mháire agus do Sheán go bhfaighidís pointí arda. Tiocfaidh glaonna ag meabhrú do mhúinteoirí go dteastóidh B ar a laghad ó Phádraig in ábhar ar leith leis an gcúrsa áirithe seo a bhaint amach.

Meabhrófar do mhúinteoirí go gcoinneofar súil ghéar ar phointí a thabharfar do scoláirí áirithe seachas a chéile.

Ní bheidh sé éasca ar mhúinteoirí.

Tá sé tábhachtach d’fhoirne múinteoirí a bheith aontaithe ag an tráth cinniúnach seo. Tá sé tábhachtach dóibh féin agus dá scoláirí go gcloífí go géar leis na treoracha a bheidh ar fáil  agus go seasfadh foirne múinteoirí le chéile maidir le cur i bhfeidhm na dtreoracha seo.

Tá sé chomh tábhachtach céanna go míneofar do scoláirí agus do thuismitheoirí go bhfuil agus go mbeidh a gcuid measúnaithe cruinn agus ceart.

Tá cinnireacht ag teastáil go géar anois ó phríomhoidí agus ó Bhoird Bhainistíochta agus tá agus beidh tacaíocht agus cosaint ag teastáil ó mhúinteoirí.

Ariamh anall ghlac muid leis go ndearna formhór mór múinteoirí a ndícheall le hoideachas agus oiliúint a chur ar ár gclann agus bhí agus tá muid buíoch díobh. Is cóir dúinn glacadh leis anois go ndéanfaidh múinteoirí a ndualgas measúnaithe dár scoláirí go gairmiúil agus go coinsiasach ag an tráth neamhghnách seo.

Is cóir freisin go bhfágfaí an obair ríthábhachtach seo fúthu agus nach gcuirfí leis an mbrú ollmhór

atá orthu cheana féin.

Fág freagra ar 'Cuirfear brú ar mhúinteoirí marc ard a thabhairt do ‘Seán’ nó ‘Máire’ – tá sé tosaithe cheana'