Cuireadh d’iriseoirí uile RTÉ a bheith páirteach sa chlár a ghlacfaidh áit 7 Lá TG4

Beidh íocaíocht bhreise ar fáil do na hiriseoirí, léiritheoirí agus láithreoirí a bheidh páirteach sa chlár a gcuirfear tús leis mí Eanáir seo chugainn ach ní cosúil go mbeidh aon duine ag plé go lánaimseartha leis

Cuireadh d’iriseoirí uile RTÉ a bheith páirteach sa chlár a ghlacfaidh áit 7 Lá TG4

Tá eolas breise ar fáil faoin gclár nua cúrsaí reatha ag TG4 a thiocfaidh in áit 7 Lá, ar tháinig deireadh leis i mí na Bealtaine.

Is i mí Eanáir na bliana seo chugainn a chuirfear tús leis an gclár nua, rud a chiallaíonn go mbeidh an stáisiún Gaeilge d’uireasa clár rialta cúrsaí reatha ar feadh cúig mhí eile.

RTÉ a chuirfidh an clár cúrsaí reatha seachtainiúil ar fáil do TG4 mar chuid dá soláthar reachtúil don stáisiún Gaeilge agus beidh deis ag foireann nuachta RTÉ ar fad, idir iriseoirí RTÉ Nuacht, Nuacht RTÉ, Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta cur isteach ar áit ar phainéil a bhunófar go speisialta don chlár. Tuigtear chomh maith gur foireann teicneoirí ó TG4 a bheidh ag plé leis an gclár.

Beidh íocaíocht bhreise ar fáil do na hiriseoirí, léiritheoirí agus láithreoirí a bheidh páirteach sa chlár, ach ní cosúil go bhfostófar aon duine breise chun a bheith ag plé leis an gclár nua.

Ag cruinniú i gceannáras TG4 inné, léiríodh imní faoin scéal nach mbeadh oiread agus duine amháin fostaithe chun plé go lánaimseartha leis an gclár nua agus thug Ceannasaí Nuachta RTÉ John Williams le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh faoin gceist.

Ó ceapadh Alan Esslemont ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 tá béim mhór leagtha aige ar an ngá atá ann cur le soláthar cúrsaí reatha an stáisiúin, agus tá cainteanna ar bun le tamall idir RTÉ agus TG4 faoin soláthar sin.

Bhí tuairiscí ann go raibh plean níos uaillmhianaí ag TG4 do dhá chlár cúrsaí reatha in aghaidh na seachtaine agus go n-imeofaí ar fad ón múnla stiúideo agus cainte a bhí ag 7 Lá.

Níor léir ag cruinniú an lae inné go mbeadh mórán éagsúlachta ag baint le cur chuige an chláir nua ó thaobh stíle de, ach tuigtear go bhfuil tuilleadh socruithe le déanamh go fóill faoin múnla a bheidh aige.

Idir an dá linn, tá tuairimí éagsúla á léiriú ag foireann nuachta TG4/RTÉ faoin scéal gur ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ seachas ‘Nuacht RTÉ’ a thabharfar feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag ceathrú chun a sé tráthnóna.

Faoin múnla nua eagarthóireachta a bheidh ag an gclár athbhrandáilte is ar chraoladh scéalta nuachta réigiúnda, Gaeltachta agus Gaeilge a leagfar béim seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla ar Six One díreach i ndiaidh an fheasacháin Ghaeilge.

Bhí baill foirne áirithe ar labhair Tuairisc.ie leo sásta leis an socrú nua.

“Tá athrú mar seo ag teastáil le tamall mar ní raibh aon tsoiléireacht ann faoi céard a bhí ar siúl ag an dá chlár. Níl ciall le bheith ag cloí le hord eagarthóireachta an Six One. Bhí an baol ann i gcónaí nach mbeadh i gceist le seirbhís Ghaeilge RTÉ 1 ach seirbhís aistriúcháin. Ar a laghad anois beidh béim ar scéalta dár gcuid féin agus fógra maith a bheidh ann don chlár ar TG4 ag a seacht,” a dúirt fostaí amháin.

A mhalairt de thuairim a bhí ag iriseoir eile ar labhair Tuairisc.ie leis.

“Buille poiblí sa phus é seo don fhoireann agus don teanga agus do stádas na Gaeilge i gcúrsaí craoltóireachta. Níor pléadh an scéal linn fiú roimh an bhfógra.

“Céard a bheidh anois againn – irischlár beag nuachta réigiúnda i nGaeilge? Nach bhfuil sé tuillte ag pobal na Gaeilge go mbeadh scéalta móra náisiúnta agus idirnáisiúnta an lae ar fáil acu ina dteanga féin áit éigin ar RTÉ?” a dúirt fostaí eile de chuid Nuacht TG4/RTÉ.

Fág freagra ar 'Cuireadh d’iriseoirí uile RTÉ a bheith páirteach sa chlár a ghlacfaidh áit 7 Lá TG4'

  • Harriet P.

    Níos mó drochGhaeilge le clos ar TG4 ó iriseoirí nach bhfuil deaGhaeilge acu, mar sin. Níl aon chol agam le daoine nach cainteoirí dúchais iad a labhrann an teanga, a mhalairt glan. B’fhearr liom gan iad a chlos ar chláir ar nós 7 Lá agus a leithéid, áfach. Ba é an rud ab fhearr faoi chláir cosúil le 7 Lá nó Comhrá ná go raibh sárGhaeilge ag na láithreoirí ar a laghad. Is cosúil nach mbeidh sé sin fíor i gcás an chláir shealadaigh seo agus beidh imní orm amach anseo.

    Maidir leis na hathruithe eile, aontaím go hiomlán lena bhfuil ráite ag an ‘iriseoir eile’: An é an rud atá á rá ag RTÉ ná gur chóir iompú ar an mBéarla chun mórscéalta idirnáisiúnta a phlé? Seafóid!