Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é – ach amháin nuair is caora é!

Chéiliúraigh na mílte duine Athbhliain na Gealaí an tseachtain seo caite - ach cén t-ainmhí ar cheart a lua léi? Ag Google atá an freagra

year-of-the-sheep

Cuireadh tús le bliain nua na Síneach an tseachtain seo caite agus rinneadh í a cheiliúradh ar fud na cruinne. Tá ceiliúradh oifigiúil anseo in Éirinn fiú – Féile Athbhliain na Síneach, Baile Átha Cliath.

Bíonn ainm na féile ‘Bliain na Síneach’ beagáinín conspóideach toisc nach iad na Sínigh amháin a aithníonn an tréimhse seo mar thús na bliana, ach tá ceist chonspóideach eile á plé i mbliana.

Dála an scéil, an réiteach coitianta ar fhadhb ‘Athbhliain na Síneach’ ná ‘Bliain na Gealaí’ a thabhairt uirthi. Ach tá fadhbín ann leis an ainm sin freisin toisc nach bliain cheart ghealaí atá i mbliain na Síneach ach bliain ‘ghealaghréine’ (bliain a mheáitear de réir gréine is gealaí).

Ach ceist chigilteach teanga is ea ceist ainm na bliana áirithe seo. Mar is eol dúinn, is ar Chomharthaí an Stoidiaca Sínigh a bunaíodh Féilire na Síneach. Tugtar 羊 ar an ochtú ainmhí sa chóras sin sa tSínis. Ní léir, áfach, cé acu gabhar, caora nó reithe atá i gceist leis an siombal sin i dteangacha an Iarthair.

An freagra, i ndáiríre, ná an dá rud. Braitheann sé ar shiombail eile a luaitear le 羊 agus ar an áit a bhfuil an cainteoir. Mar shampla, tá caoirigh agus gabhra sa tSín agus is coitianta i bhfad na gabhra i dtuaisceart na tíre agus na caoirigh sa deisceart. Mar sin, is túisce a shamhlófaí ‘caora’ le 羊 sa tuaisceart, ach a mhalairt atá fíor sa deisceart. Táthar ann freisin nach maith leo a laige is atá an chaora bhocht. Tugann siadsan ‘Bliain na Reithe’ ar an mbliain.

Is éard ata i 羊, go bunúsach, ná caprinae na Laidine – is é sin an fhine ainmhithe lena mbaineann idir chaoirigh, ghabhra agus antalóip. Mar sin, ó cheart; ciallaíonn 山羊 (sléibhe)’ gabhar, ciallaíonn 綿羊 (bog)’ caora agus ciallaíonn 黄羊 (buí)’ gasail.

Táthar ann a deir gur fearr don Iarthar an gabhar a lua leis an mbliain seo mar gurbh é an gabhar a choinníodh an Fine Han – an fine is mó sa tSín (is de shliocht na Han 92% den mhuintir na mórthíre).

Ar an láimh eile, is gleoite seacht n-oiread an madra i gculaith caorach ná an madra i gculaith gabhair.

EMBED TWEET

Rinne Google anailís ar na cuardaigh a rinneadh i dtaobh na hAthbhliana le cúpla seachtain anuas agus tá na torthaí an-spéisiúil. D’fhoilsigh an comhlacht graif (féách thíos) de na cuardaigh ar ‘Year of the Sheep’, ‘Year of the Goat’ agus ‘Year of the Ram’.

Ag tús na bliana gréine, 1 Eanáir 2015, ba mhó i bhfad an cuardach don téarma Béarla ‘Year of the Sheep’. Ach le seachtain anuas, agus an saol mór ag ullmhú don cheiliúradh, tháinig méadú ar líon na gcuardach ar ‘Year of the Goat’ agus bhí an dá théarma gob le gob ar Lá Vailintín (nó Lá San Vailintín nó Lá Fhéile Vailintín…).

Bhreathnaigh lucht anailíse Google ar na ceantair as a dtáinig na cuardaigh freisin. Sna Filipíní a rinne an méid is mó cuardach ar ‘Year of the Sheep’ agus ‘Year of the Goat’ araon. San Ind a cuartaíodh ‘Year of the Reithe’ den chuid is mó.

Sa tSín féin, áfach, is ag an ngabhar atá an chrúb in airde. Chuaigh líon na gcuardach ar 山羊(gabhar) i méid i gcaitheamh na bliana 2014.

Scag Tuairisc.ie mórfhoclóirí na Gaeilge a bhfaightear léargas dúchasach iontu ar an gceist. Cé nach bhfuil aon doiléireacht ann maidir leis an difríocht idir ‘caora’ agus ‘gabhar’, tá míniú ar leith ag an bhfocal ‘gabhairín’ ag an Duinníneach: a small boy or a young goat; potatoes sold secretly by children for pocket-money

Crúb in uachtar Cuardach Gob le Gob

 

Fág freagra ar 'Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é – ach amháin nuair is caora é!'

  • Darragh Ó Náraigh

    Go deas carachtair Shínise a fheiceáil ar thuairisc.ie!

    Is maith liom an carachtar 羊, má fhéacann tú ar an gcarachtar seo go grinn, feicfidh tú dhá adharc ar barr a chinn.

  • Tuigim

    Míniú anseo:
    山羊 shānyáng (yáng sléibhe) = gabhar
    绵羊 miányáng (yáng cadáis) = caora
    羚羊 língyáng = gasail

    羊 iad ar fad.