Cuimhnímis ar na páistí – tá an iomarca de scléip an tsaoil ceilte orthu cheana

Dhá mhéadar nó méadar? Ba cheart cás na bpáistí a bheith lárnach sa díospóireacht faoin scoitheadh sóisialta

Cuimhnímis ar na páistí – tá an iomarca de scléip an tsaoil ceilte orthu cheana

Tá an Príomhoifigeah Sláinte Tony Holohan diongbháilte nach n-athrófar an treoir don scaradh sóisialta faoi láthair agus go mbeifear ag moladh i gcónaí do dhaoine fanacht dhá mhéadar amach óna chéile.

Sin in ainneoin go bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag moladh do dhaoine fanacht ar a laghad méadar amháin óna chéile agus dhá mhéadar más féidir in aon chor é.

Deir An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDPC) gur chóir do dhaoine fanacht méadar nó níos faide ná sin ó dhaoine.

Deir an WHO go mbeidh an chuid is mó againn sábháilte ach fanacht méadar amach ó dhaoine eile.

Tá amhras léirithe ag baill áirithe den rialtas faoin gcomhairle dhá mhéadar. Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh inné go mbeadh sé níos deacra na scoileanna a oscailt arís mí Mheán Fómhair dá mbeadh an treoir maidir le dhá mhéadar fós i bhfeidhm.

Ach de réir mar a fheicim is ar mhaithe le tithe tábhairne agus óstóirí den chuid is mó atá an brú á chur ar Tony Holohan. Agus níl aon séanadh ach go bhfuil go leor sna tionscail sin buailte go dona ag na srianta ar fad agus ag an ngéarchéim sláinte.

Aisteach go leor, mar sin féin, aon uair dá gcloisim an díospóireacht faoi mhéadar amháin nó dhá mhéadar is ar pháistí na tíre a chuimhním. Na páistí a cuireadh abhaile ón scoil ar an 12 Márta agus nár sheas i seomra ranga ó shin. Mar thuismitheoir, is féidir liom a dhearbhú nach bhfuil siad díomhaoin ó shin agus go bhfuil obair mhór á déanamh ag múinteoirí. Ach, i ndeireadh na dála, arb iad an mata, na ceachtanna Béarla, an léamh Gaeilge agus na tionscnaimh bun agus barr an oideachais?

Tuigeann aon duine a chaith seal sa gcóras go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná ceachtanna. Tá tábhacht leis an aithne a chuireann tú ar chairde, an caidreamh a bhíonn agat leo, an caidreamh leis na múinteoirí, an aclaíocht, na comórtais pheile idir scoileanna, na turais scoile, na comórtais díospóireachta. Sin gan trácht ar imeachtaí na Féile Pádraig.

Tá siad sin ar fad caillte ag scoláirí i mbliana pé rang a bhfuil siad ann. Agus níl caint ná trácht ar na páistí a thabhairt le chéile arís go dtí mí Mheán Fómhair ar a luaithe.

Níl insint scéil ar an dochar atá déanta do ghasúir atá cuibhrithe ó mhí an Mhárta. Tá tuismitheoirí sa mbaile in go leor cásanna, iad faoi bhrú agus cantalach go minic. Ní fhaca siad Mamó ná Daideo le míonna. Sa gcás go bhfuil tuismitheoirí scartha, ní dóigh go bhfaca siad ach tuismitheoir amháin.

Agus Dia á réiteach níl de chaint lá i ndiaidh lae ach ar na beartais a chaithfear a chur i bhfeidhm sa bhfómhar leis na scoileanna a oscailt agus na gasúir a choinneáil amach óna chéile.

Nach bhfuil sé thar am anois a bheith ag cuimhneamh ar bhealaí leis na scoileanna a oscailt ar bhealach sábháilte? Agus thar am ag an Roinn Oideachais, in éineacht leis an rialtas láir, a bheith ag cuimhneamh ar threoir a thabhairt do scoileanna agus múinteoirí na tíre?

Tá buíochas ag dul do na gasúir a bhí chomh foighdeach ó mhí an Mhárta agus a bhfuil an oiread de scléip an tsaoil ceilte orthu ó shin.

Nár cheart go mbeifí chomh glórach céanna ag cur a gcás sin chun cinn, ionas go mbeidh siad in ann dul ar ais ar scoil i mí Mheán Fómhair fiú mura mbíonn eatarthu ach na trí troithe?

Fág freagra ar 'Cuimhnímis ar na páistí – tá an iomarca de scléip an tsaoil ceilte orthu cheana'