Cúigear imreoirí óga ar cheart súil a choinneáil orthu in 2016

Agus na foirne contae uile ag fáil faoi réir don bhliain 2016, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar cúigear óg ar cheart súil a choinneáil orthu sa bhliain atá le teacht

Tosach an Chláir, Bobby Duggan. INPHO/Ryan Byrne
Tosach an Chláir, Bobby Duggan. INPHO/Ryan Byrne

Bobby Duggan (An Clár)

beagnach dhá bhliain ó scóráil Duggan 0-12 ina chéad chluiche d’fhoireann sinsear an Chláir sa chomórtas Waterford Crystal, ach níl mórán feicthe againn uaidh sna cluichí móra. Is é an 10 nóiméad a d’imir sé in aghaidh Luimnigh sa chluiche craoibhe in 2015 an t-aon imirt atá déanta aige sa chraobh ach is cinnte go gcuirfidh sé leis i mbliana.

nár bhuaigh an Clár Craobh Faoi-21 na hÉireann i mbliana, an chéad uair nár éirigh leo ó 2011, bhí sárbhliain fós ag Duggan, é ag aimsiú 0-12 i gcluiche leathcheannais an chúige in aghaidh Phort Láirge, agus ainmníodh ar fhoireann na bliana é. Tá Tony Kelly, Conor McGrath agus Shane O’Donnell ar fáil do Davy Fitzgerald cheana agus tá Podge Collins ag filleadh agus, mar sin, níl aon easpa tallainn i measc na dtosaithe ag an gClár i mbliana.

Imreoir Chiarraí agus na Gaeltachta, Brian Ó BeaglaoichINPHO/Morgan Treacy
Imreoir Chiarraí agus na Gaeltachta, Brian Ó BeaglaoichINPHO/Morgan Treacy

Brian Ó Beaglaoich (Ciarraí)

slám imreoirí ó fhoirne buacacha Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag tarraingt airde orthu féin as feabhas a gcuid imeartha le cúpla bliain anuas, ina measc Mark O’Connor, Conor Geaney, Tom O’Sullivan, gan ach cúpla duine a lua, ach seans gur ag Ó Beaglaoich atá an deis is fearr faoi láthair dul chun cinn a dhéanamh. Fear é ar féidir leis imirt sa líne lánchúil nó leathchúil, agus bí cinnte go bhfuil súil á coinneáil ag a sheanmháistir, Éamonn Fitzmauric, ar Ó Beaglaoich i gcónaí, go háirithe agus an aois ag teacht ar Mharc Ó agus Aidan O’Mahony.

D’imir Ó Beaglaoich do na sinsir i gcomórtas réamhshéasúir, ach beidh a chuid taispeántas don fhoireann Faoi-21 faoi cheannas Jack O’Connor cinniúnach. Má éiríonn go  maith leis san earrach, ní dhéanfaidh sé aon dochar dá chuid seansanna leis an bhfoireann sinsear.

Cillian McDaid, ag imirt d'fhoireann mionúr peile na Gaillimhe. INPHO/Mike Shaughnessy
Cillian McDaid, ag imirt d’fhoireann mionúr peile na Gaillimhe. INPHO/Mike Shaughnessy

Cillian McDaid (Gaillimh)

Fiú agus é ar dhuine de na himreoirí is mó a bhfuil gealladh fúthu sa chontae, tá an baol ann nach bhfeicfidh lucht tacaíochta na Gaillimhe McDaid sa gheansaí marún go ceann tamall fada. Is é an chúis leis sin ná go bhfuil McDaid ar dhuine de thriúr Éireannach a bhfuil cuireadh faighte acu páirt a ghlacadh i gcampa traenála AFL i Florida i mí Eanáir.

Taobh le Darragh Joyce (Cill Chainnigh) agus Ray Connellan (an Iarmhí), chuaigh McDaid i gcion ar na cóitseálaithe ag campa a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag agus roghnaíodh é chun dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Agus é mar chuid d’fhoirne mionúr peile agus iomána na Gaillimhe i mbliana, is buille ar leith a bheadh ann do na Gaillimhigh má éiríonn le McDaid conradh a fháil san AFL. D’imir McDaid i lár na páirce don fhoireann peile a bhuaigh Craobh Chonnacht den chéad uair ó 2007 agus tháinig sé isteach sa líne leathchúil i mbua na Gaillimhe i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i mbliana.

Ian Fahey ag imirt do pheileadóirí Thiobraid Árann. INPHO/Ryan Byrne
Ian Fahey ag imirt do pheileadóirí Thiobraid Árann. INPHO/Ryan Byrne

Ian Fahey (Tiobraid Árann)

Buaileadh dhá bhuille mhóra ar pheileadóirí Thiobraid Árann in 2015 leis an scéal nach mbeidh fáil ar Colin O’Riordan ná Steven O’Brien an séasúr seo chugainn. Tá conradh sínithe ag O’Riordan leis na Sydney Swans san AFL agus an cinneadh déanta ag O’Brien imirt le hiománaithe an chontae do 2016.

Fágann an méid sin go bhfuil bearna anois i lár na páirce ag Tiobraid Árann agus gá le himreoir nua a theacht chun cinn. Seans maith gurb é Ian Fahey a líonfaidh an bhearna sin.

Bhí bliain iontach aige in 2015 lena chumann, Cluain Meala, agus, in éineacht le O’Riordan agus O’Brien, bhí sé mar chuid d’fhoireann láidir Thiobraid Árann a shroich cluiche ceannais Faoi-21 na hÉireann i mbliana chomh maith. D’imir sé i lár na páirce d’fhoireann mionúr an chontae a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2011 agus tá réidh chun an chéad céim eile a thabhairt i mbliana.

Stephen McBrearty, atá deis á lorg aige ar fhoireann Dhún na nGall. INPHO/James Crombie
Stephen McBrearty, atá ag iarraidh áit a bhaint amach ar fhoireann Dhún na nGall. INPHO/James Crombie

Stephen McBrearty (Dún na nGall)

Agus a dheartháir Paddy ar phainéal an chontae ó 2011, tá Stephen McBrearty tugtha isteach ar an bpainéal sinesaer ag Rory Gallagher i gcaitheamh an gheimhridh agus é ag fáil faoi réir don séasúr atá le teacht. Cé gur tosaithe iad an bheirt acu, is imreoir éasgsúil é Stephen.

Anuas ar a chuid nirt, tá chomh compordach céanna ag cruthú deiseanna d’imreoirí eile agus atá ag aimsiú a chuid scóranna féin. Níl sé éasca áit a fháil ar fhoireann Dhún na nGall faoi láthair ach is cinnte go bhfuil an tallann ag McBrearty é sin a dhéanamh.

Conallach eile a mbeidh deis aige dul i bhfeidhm ar Gallagher san earrach ná cúl báire óg na nDúnaibh, Danny Rodgers. Agus Paul Durcan thar lear agus Michael Boyle gortaithe, níl fáil ar an mbeirt a d’imir sa chúl do Dhún na nGall anuraidh agus deis anois ag fear nua teacht chun cinn, don tsraith ar a laghad.

Fág freagra ar 'Cúigear imreoirí óga ar cheart súil a choinneáil orthu in 2016'