Cúigear a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Shraith na hÉireann in 2017

Piocann Tuairisc.ie cúigear imreoirí a mbeifear ag súil le feachtas láidir uathu nuair a chuirfear tús le Sraith na hÉireann an tseachtain seo

Cúigear a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Shraith na hÉireann in 2017

‘Pelé Dhoire’ a thugtaí ar Paddy McCourt

Cuirfear tús le séasúr nua i Sraith na hÉireann an Aoine beag seo agus an chuma ar an scéal go bhfuil cáil níos mó ar an tsraith faoi láthair ná le fada an lá.

Tá foireann na hÉireann lán le himreoirí a chuir tús lena gcuid imeartha sa tsraith, leithéidí Seamus Coleman, James McClean, Wes Hoolohan agus Shane Long, agus tá  sé léirithe chomh maith ag triúr Dhún Dealgan, Daryl Horgan, Andy Boyle agus Richie Towell, go bhfuil foirne maithe i Sasana fós ag coinneáil súil ar an tsraith. Mar sin, is fiú súil a chaitheamh ar chuid de na himreoirí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcomórtas i mbliana.

Pictiúr. INPHO/Donall Farmer

Seán Hoare (Dundalk FC)

Chaill Dundalk ceann de na cosantóirí ab fhearr sa tsraith faoi Nollaig nuair a d’fhill Andy Boyle ar Preston North End. Is mór an chailliúint é Boyle d’fhoireann Stephen Kenny ach níor thóg sé i bhfad orthu ionadaí a thabhairt isteach ina áit. Trí lá tar éis do Boyle conradh a shíniú le Preston, shínigh Dundalk Seán Hoare ó St Patricks Athletic. Níl Hoare ach 22 bliain d’aois ach meastar é a bheith ar dhuine de na himreoirí is cumasaí in Éirinn. Tá foirne i Sasana ag déanamh scabhtáil ar Hoare le cúpla bliain anuas agus má choinníonn sé air ag feabhsú in 2017, seans go mbeidh cosantóir eile ag imeacht ó Dundalk  go Sasana.

Pictiúr. INPHO/Tommy Dickson

Sean Maguire (Cork City)

Ba é Maguire príomhscórálaí na sraithe anuraidh agus d’aimsigh sé 18 cúl in 2016. Bronnadh gradam Imreoir Óg na Bliana air de bharr na ngaiscí sin agus an chuma ar an scéal go bhfuil súil á coinneáil ag foirne i Sasana ar an tosach ábalta seo. Chaith fear Chill Chainnigh seal le West Ham agus é níos óige ach níor éirigh leis mórán dul chun cinn a dhéanamh leo. Seans gurb é sin is cúis lena chinneadh bliain eile a chaitheamh i gCorcaigh ach meastar go mbeidh deis eile i Sasana uaidh sula i bhfad.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Conor Clifford (Dundalk FC)

In 2010, bhí Clifford ina chaptaen ar an bhfoireann faoi aois ag Chelsea a bhuaigh Corn FA na nÓg agus ba é a d’aimsigh cúl an bhua sa chluiche ceannais. Faraor, bhí an iomarca imreoirí mór le rá sa mbealach air agus é ag iarraidh an beart a dhéanamh i Londain, agus, ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor éirigh leis thall.

Anois, tá sé ar ais in Éirinn le Dundalk agus súil aige go gcuirfidh sraith na hÉireann ar bhóthar a leasa arís é. D’imir Clifford  le Richie Towell agus é níos óige agus d’fhéadfadh sé sampla Towell a leanúint. Níor éirigh le Towell nuair a bhí sé ag imirt le Celtic ach tháinig sé ar ais go hÉirinn, d’imir sé ar fheabhas, agus tugadh deis eile dó le Brighton. Tá an mianach i Clifford an rud céanna a dhéanamh.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Jonathan Porter

Paddy McCourt (Finn Harps)

‘Pelé Dhoire’ a thugtaí ar Paddy McCourt agus é ag déanamh scrios ar chosantóirí Shraith na hÉireann breis agus deich mbliana ó shin. Tá sé anois sa tsraith arís tar éis do Finn Harps é a shíniú inné. Agus é 33 bliain d’aois, seans go bhfuil an choisíocht chéanna  ag an gcliathánaí ach beidh súil ag lucht leanúna na gConallach go bhfágfaidh sé a lorg ar chomórtas na bliana seo.

Cé go bhfuil roinnt blianta caite aige ag bogadh ó ait go háit, tá McCourt ar dhuine de na himreoirí is sciliúla i stair na sraithe agus chomh fada agus go bhfuil cuid den ghliceas fanta fós ann, ba cheart go mbeadh sé togha.

Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Colm Horgan (Galway Utd)

Cé nach bhfuil Colm Horgan, deartháir Daryl, ach 22 bliain d’aois, tá sé ar dhuine de na himreoirí is mó taithí i scuad na nGaillimheach agus breis agus céad cluiche imeartha aige le trí bliana anuas. Cheap an bainisteoir nua, Shane Keegan, ina chaptaen é don séasúr seo atá le teacht, rud a léiríonn an meas atá aige ar Horgan.

Tá Horgan réidh lena chuid staidéir in OÉ, Gaillimh, anois agus an lánchúlaí ag plé leis an sacar go lánaimseartha. Rinne sé dul chun cinn mór anuraidh, ach tá bliain chrua roimh na Gaillimhigh mar go mbeidh ísliú céime i ndán do thrí fhoireann ag deireadh an tséasúir seo. Ach má choinníonn Horgan air ag feabhsú, beidh údar dóchais ag a fhoireann.