Cúig rud le déanamh i gCill Airne mar shos ón Oireachtas…

Briclón i mBricín nó Camchuairt Caide, tá go leor le déanamh don Ghael i gCill Airne an deireadh seachtaine seo

Cúig rud le déanamh i gCill Airne mar shos ón Oireachtas…

Sunday_brunch

Briclón i mBricín. Cothrom na míosa seo cúig bliana fichead ó shin a d’oscail na deartháireacha Paddy agus Johnny Mac Uidhir an siopa agus an bhialann, Bricín, sa tSráid Ard. Tá an chuid is fearr d’earraí ceardaíochta thíos staighre sa tsiopa agus togha gach bídh agus rogha gach dí sa bhialann in airde staighre. Tá an siopa agus an bhialann maisithe go slachtmhar agus is fearr ná san fós é, tá Gaelainn ar a thoil ag fear a’ tí, Johnny, atá aitheanta le blianta fada le Cumann Tráchtála agus Turasóireachta Chill Airne agus le Meitheal na mBailte Slachtmhara ar an mbaile. Gaibh chuchu oíche Dé hAoine nuair a bhíonn an comhluadar agus an greann ina theas.  


Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Camchuairt Caide. Cé go bhfuil biaiste na caide geall leis bheith istigh, beidh an chéad chluiche leathcheannais de Chorn Uí Dhonnchú (nó craobh shinsir caide Chiarraí Thoir) ar siúl ar a 2 a chlog Dé Sathairn, an 5 Samhain, i Staid an Ghearaltaigh. Is iad curaidh an chontae i mbliana, Cumann an Dr Cróc, agus Gníomh go Leith ó imeall cheantar Shliabh Luachra  a bheidh in adharca a chéile agus beidh deis ag daoine radharc eile a fháil ar dhuine des na peileadóirí is fearr riamh, Colm Cooper, i mbun a chuid cleasaíochta agus a chuid ealaíon i gcoinne cuid de na cosantóirí is righne agus is diongbháilte sa dúthaigh. Ar do shlí anuas ó Staid an Ghearaltaigh tar éis an chluiche, bíodh piúnt i dtábhairne iomráiteach Jimmy Brien ar Shráid an Choláiste agat mar a mbíonn lucht ceoil is amhráin ó Mhúscraí is ó Chorca Dhuibhne coitianta ar a scol. Cé nach mbíonn fear a tí, Jimmy Brien, i mbun na háite a thuilleadh, chífir fós ann an t-ómós atá don dtrí ‘c’ – ceol, caid agus comhluadar.

Bhíodh Ciarán Mac Mathúna agus Seán Ó Riada agus a leithéidí anseo. Con Houlihan, Na Dubliners, Johnny O’Leary, Denis Murphy, Jimmy agus Paddy Doyle, Liam O’Connor agus tuilleadh nach iad. Ba mhinic laochra caide ar nós Tom Long, Mick Gleeson, Donie O’Sullivan, Ambrose O’ Donovan, Paudie O’ Mahoney agus Din Joe Crowley ag caint ar chaid anseo agus is tearmann fós é do pheileadóirí an lae inniu. Tá ómós ar leith don bhfear a thug an chaid, an ceol agus na hamhráin leis – Garry McMahon agus is mó oíche a thug sé féin agus fear a’ tí i mbun bailéad fé ghaiscí caide an chlub is an chontae. Mura bhfuil do dhóthain fachta fós de chaid Chiarraí agat, buail isteach chuig an Tatler Jack ar Shráid Pluincéad mar a bhfuil cathaoirleach Bhord CLG Chiarraí ina úinéir agus mar a mbíodh Colm Cooper ina fhreastalaí beáir tráth.

Más fonn rince i gclub oíche atá ort, tá áit nua, K-Town, oscailte ar Shráid na bhFeá ag Kieran O’Leary, an captaen buacach deireanach a bhí ag Ciarraí. Bronnadh an brat corcra don tríú bliain as a chéile ar Chill Airne le déanaí. Caighdeán idirnáisiúnta é seo atá bainte amach ag Cill Airne as sábháilteacht agus cneastacht na muintire idir a cúig a chlog tráthnóna agus cúig a chlog ar maidin. Ní baol duit ag tabhairt fé abhaile!     


Killarney National Park – Ring of Kerry, Ireland

Páirc Náisiúnta. Tar éis aifrinn an Domhnaigh in ardeaglais Muire, siúil trasna an bhóthair agus isteach go dtí an Pháirc Náisiúnta. Tá do rogha siúlóide agus lúb-shiúlóide sa 26,000 acra atá os do chomhair amach. Idir chnoic is sléibhte, coillte, abhainnte, easa, caisleáin, mianaigh tréigthe, bealaí rothaíochta, galfchúrsaí, agus tithe caomhnaithe, d’fhéadfá an tseachtain a chaitheamh anseo istigh. B’fhéidir go mbeadh sé mós déanach lán na súl a bhaint as na fianna agus iad faoi dháir, ach tá an iliomad iontas eile le feiscint. Tá lárionad cuairteoirí lonnaithe lámh le Teach Mhucrois agus tá formhór na nithe atá os do chomhair amach saor in aisce. Bheadh san den dtábhacht agus tú creachta tar éis na hoíche.


Hotel Door

Óstáin: Cé go bhfuil a gclú agus a gcáil tuillte go maith ag Óstáin an Gleneagle agus a bhráthair, an Brehon go háirithe, is fiú dul ag spaisteoireacht chun caighdeán agus éagsúlacht na n-óstán i gCill Airne a bhlaiseadh. Dar leis an rangú a dhein an suíomh cuardaigh óstán, Trivago, níos luaithe i mbliana, tá Cill Airne san ochtú háit ar domhan chomh fada is a bhaineann le caighdeán na n-óstán agus is é an t-aon bhaile in Éirinn agus i Sasana a bhain áit amach sa chéad 30 baile ar domhan. Tháinig an Killarney Park Hotel, idir stáisiún na traenach agus an phictiúrlann sa dara háit ar liosta Trivago des na hóstáin is fearr sa tír an dtaca seo anuraidh ach téir cúpla míle siar amach go Fossadh ar bhóthar Chill Orglan chun seod ceart a aimsiú.

B’iad muintir Liebherr, ceann de mhórfhostóirí Chill Airne, a thóg óstán an Europe ar bhruacha Loch Léin tamall tar éis dóibh gnó a thosnú san áit i 1958 agus níor spáráladh na pinginí ins an athchóiriú a deineadh roinnt blianta ó shin ar an óstán. Le radharcanna thar Loch Léin amach ar na Cruacha Dubha, ba dheacair a spá agus a n-áiseanna caitheamh aimsire agus áineasa a shárú. Domhan eile ar fad é seo agus más aon slat tomhais na cuntais airgid a foilsíodh le déanaí ón gcomhlacht, domhan is ea é nach achmhainn do mhórán maireachtaint ann. Ná stadadh san tú ó bheith ag gliúcaíl, áfach.   


Kennedy’s Pet Farm

Kennedy’s Pet Farm: Má tá na comórtais go léir críochnaithe ag na leanaí, is fiú turas a thabhairt cúig mhíle amach bóthar Bhaile Bhuirne ar Fheirm Pheataí na gCinnéideach i nGleann Fleisce. Tá an fheirm cúig bliana fichead ar an bhfód chomh maith i mbliana agus an gnó teaghlaigh ag fás is ag forbairt gach aon bhliain. Buntáiste ar leith é nach bhfuiltear ag brath ar an aimsir toisc go bhfuil formhór na n-áiseanna oiriúnach don uile aimsir. Tugtar deis do leanaí (agus do dhaoine fásta!) dul ag peataíocht agus ag cuimilt na n-ainmhithe agus idir fhianna, muca is bainbh, capaill, gamhna, caoirigh is uain, gabhair is meannáin, asail, coiníní, lachain, géanna agus péacóga fiú, ní bheidh aon easpa peataíochta is cuimileála le déanamh.

Fág freagra ar 'Cúig rud le déanamh i gCill Airne mar shos ón Oireachtas…'