Gearradh cúig bliana go leith príosúin ar réalta iomána Chill Chainnigh, DJ Carey, inniu as airgead a fáil ó dhaoine le calaois agus é ag rá leo go raibh galar na hailse air agus airgead ag teastáil uaidh le híoc as cóir leighis.
Cuireadh Carey siar faoi choimeád Dé hAoine seo caite i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath tar éis fianaise a chloisteáil sa gcúirt go bhfuair sé airgead le calaois ó 22 duine, a mhuintir féin, cairde agus a lucht tacaíochta san áireamh. Fuair sé beagnach €400,000 le calaois agus níor aisíocadh ach cosamar €44,000 den airgead sin.
Dúirt an Breitheamh Martin Nolan gur dheacair dó smaoineamh ar chaimiléireacht níos suaraí. Dúirt sé gur tháinig DJ Carey i dtír ar dhea-chroí na ndaoine sin ar mhaith leo “cuidiú le duine a bhí i ngátar”.
D’áitigh dlíodóirí an chosantóra go raibh “drochbhail cheart” ar chúrsaí airgeadais Carey tráth a ndearnadh an chalaois, agus go raibh an dea-cháil a bhí air caillte uilig aige agus nach raibh meas madra anois air is é ina pariah.
Phléadáil Carey ciontach mí Iúil i ndeich gcúiseamh maidir lena chur ina luí ar 13 duine go mímhacánta airgead a thabhairt dó idir 2014 agus 2022 le híoc as cóir leighis d’ailse.
Cuireadh san áireamh freisin ocht gcúiseamh eile dá leithéid chomh maith le péire eile a bhain le huirlis bhréige agus litreacha bréige ospidéil a úsáid.
Dúirt an breitheamh gur “calaois fíor-fíorshuarach” a bhí i gcaimiléireacht Carey agus gur bhain sé leas as a cháil mar fhear spóirt “den chéadscoth” le teacht i dtír ar dhaoine.
Dúirt an breitheamh go raibh Carey “comhoibritheach” leis an nGarda Síochána agus nár ciontaíodh in aon choir eile é roimh an gcás seo.
Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh Carey “ar dhuine de na hiománaithe ba mhó cáil riamh” ach go raibh “a dhea-cháil scriosta” agus “nach nglanfaí an smál seo dá ainmn go deo”.
Dúirt sé gur chaill roinnt daoine cual mór airgid, go háirithe na fir ghnó Tom Brennan agus Denis O’Brien.
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
        
    
 
 
 
 
        
        
        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
                            
                        
 
 
Fág freagra ar 'Cúig bliana go leith príosúin gearrtha ar DJ Carey as ‘caimiléireacht thar a bheith suarach’'