Cúig bliana curtha ag Erdogan lena thréimhse 20 bliain i gcumhacht sa Tuirc

Beagán sa bhreis ar 52% de vótaí a fuair Recep Tayyip Erdogan sa vóta réitigh, léiriú ar a scoilte is atá an Tuirc ó thaobh na polaitíochta

Cúig bliana curtha ag Erdogan lena thréimhse 20 bliain i gcumhacht sa Tuirc

Tá cúig bliana curtha ag Recep Tayyip Erdogan lena thréimhse 20 bliain i gcumhacht sa Tuirc agus an bua faighte aige sa chéad  vóta réitigh riamh i dtoghchán uachtaránachta na tíre sin.

Fuair an t-uachtarán an ceann is fearr ar Kemal Kilicdaroglu, ceannaire an fhreasúra agus iarrthóir a raibh sé pháirtí ag tacú leis ar mhaithe le dúshlán Erdogan a thabhairt.

Beagán sa bhreis ar 52% de vótaí a fuair Erdogan sa vóta réitigh, léiriú ar a scoilte is atá an Tuirc ó thaobh na polaitíochta.

Dúirt Erdogan, a mbeidh cúig bliana eile ina uachtarán aige de thoradh na vótála, gur bua a bhí ann don uile dhuine den 85 milliún duine sa Tuirc.

Is beag de rian an athmhuintearais a bhí ar an gcuid eile dá chuid cainte inar thosaigh sé ag fonóid faoi Kemal Kilicdaroglu agus faoin bpobal LGBT.

Dúirt Kilicdaroglu gurb é an toghchán ba “mhíchothroime é le blianta agus gur éirigh le páirtí Erdogan an córas stáit go léir a chur ag obair ar a shon.

Ní mór os cionn 50% den vóta a fháil chun an uachtaránacht a bhuachan sa Tuirc rud nár éirigh le ceachtar den dá iarrthóir a dhéanamh sa chéad bhabhta vótála coicís ó shin.

Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003 bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach.

Tá de cháil ar Erdogan go mbíonn daoine nach mbíonn ar aon phort leis á mbrú go leataobh aige agus go mbíonn sé ag cur de shíor leis an méid cumhachta atá aige féin.

Ag an Tuirc atá ceann den 20 geilleagar is mó ar domhan, tír ina bhfuil 85 milliún duine ina gcónaí, agus naisc pholaitiúla agus eacnamaíochta aici le tíortha éagsúla ar fud na cruinne.

Fág freagra ar 'Cúig bliana curtha ag Erdogan lena thréimhse 20 bliain i gcumhacht sa Tuirc'