Cuairt ‘ildaite’ an iolrachais ag an Taoiseach

Baineann na haicmí ar fad a ndeachaigh an Taoiseach i ngleic leo leis an tír, thuaidh agus theas

Cuairt ‘ildaite’ an iolrachais ag an Taoiseach

Cuireadh na múrtha fáilte roimh an Taoiseach, Leo Varadkar ar a chuairt shiombalach go Béal Feirste. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh ceannródaíoch is a bhí sí. Beart cliste.

Tugadh aitheantas do na dathanna traidisiúnta, oráiste agus glas is níor deineadh neamhshuim den tuar ceatha. Saothar tábhachtach, céim amháin ar bhóthar achrannach chun seanchréachta a leigheas agus athmhuintearas a chothú.

Thug sé cuairt phríobháideach ar an mBanbharún Eileen Paisley. Níorbh é an chéad Taoiseach é a thug aitheantas den chineál sin don iarChéad-Aire, an tUrramach Ian Paisley; rinne Bertie Ahern amhlaidh agus d’éirigh an bheirt mór le chéile.

D’fháiltigh baintreach Paisley a bhí gníomhach san DUP í féin, tráth, roimh Leo Varadkar sa leabharlann atá tiomanta dá fear; bhí an comhrá príobháideach ach dúirt sí gur mhór an onóir di an t-aitheantas.

Ba é an chéad choinne eile a bhí ag an Taoiseach a bhain geit as daoine, cuairt ar cheanncheathrú an Oird Oráistigh agus Músaem na hOidhreachta Oráistí. Bhuail sé ansin le baill den Ord ón bPoblacht chomh maith le ceannairí an Oird ó thuaidh. Dúirt Sár-Mháistir na nOráisteach, Edward Stevenson gur chúis áthais dóibh an chéad chuairt ag Taoiseach. Aitheantas ab ea é dar le Stevenson ar chultúr na nOráisteach sa Phoblacht, sna contaetha cois teorann. Ba mhór ag an Ord freisin gur léirigh an Taoiseach ómós do na baill den Ord Oráisteach a maraíodh le linn na dTrioblóidí, idir bhaill sna fórsaí slándála agus shibhialtaigh.

Chomh maith leis an bhfáilte chroíúil a cuireadh roimhe laistigh de Theach Schomberg bhailigh na sluaite de mhná an cheantair, ar Bhóthar na Creagaí lasmuigh chun lámh a chroitheadh leis. Ba mhór idir an ócáid agus na léirsithe a d’eagraíodh aontachtaithe blianta ó shin chun agóid a dhéanamh in aghaidh na bpolaiteoirí a mbíodh sé de dhánaíocht iontu geábh a thabhairt thar teorainn. Shílfeá gur réalta rac-cheoil é, an breithiúnas a bhí ag cuid den lucht faire.

Ba é an scéal céanna é nuair a shroich sé Coláiste Mhuire ar Bhóthar na bhFál. Cé go raibh agóid lasmuigh ag Bernie Smyth agus a grúpa in aghaidh an ghinmhillte, bhí na sluaite laistigh ríméadach go raibh Féile an Phobail 2018 á seoladh ag an Taoiseach. Bhí go leor acu ar bís chun féiníní a fháil leis agus an lucht eagair mórtasach gur éacht poiblíochta agus polaitíochta ab ea é go seolfadh an Taoiseach clár na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ón 2 go 12 Lúnasa.

Bhuail sé le lucht acadúil in Ollscoil na Ríona chun cúrsaí oideachais agus an Breatimeacht a phlé agus bhí teacht le chéile aige le lucht gnó agus eagraíochtaí pobail eile. Níos deireanaí thug sé cuairt ar theach tábhairne ‘aerach’ i lár Bhéal Feirste; ba mhór ag eagraíochtaí atá ag éileamh pósadh comhghnéis an t-aitheantas.

Ní raibh seirbhe ná gangaid le braistint in áit ar bith. Bhí polaiteoirí chomh maith leis an bpobal páirteach sna himeachtaí. Bhí an feisire Parlaiminte Gavin Robinson de chuid an DUP d’oirthear Bhéal Feirste i measc na nOráisteach a d’fháiltigh roimh an Taoiseach agus feisire Shinn Féin d’iarthar na cathrach, Paul Maskey, ina fháilteoir oifigiúil ag Féile an Phobail.

Ar an drochuair bhí gangaid ar Twitter roimh ré. Seans nach iontas ar bith é gur ó Arlene Foster a tháinig. Mar is dual di chuir sí a cos ann nuair a d’eisigh sí tvuít ag léiriú imní go raibh a bheannacht á tabhairt ag an Taoiseach do gach imeacht ag Féile an Phobail. Bhí sí ag smaoineamh, dúirt sí, ar mhuintir Brian Stack, David Black agus Adrian Ismay agus na hoifigigh phríosúin atá i gcontúirt fós. Bhain a gearán le mír ar an gclár don 30ú Féile faoi éalú mór na Sealadach as príosún na Ceise Fada i 1983.

Freagra an Taoisigh nuair a cheistigh iriseoir é? Rinne mé taighde faoi Fhéile an Phobail, ar sé, agus fuair mé amach go ndearna Arlene Foster níos mó ná mise! Labhair sí ag an bhFéile in 2005. B’fhéidir go seolfadh sí an clár an bhliain seo chugainn agus go labhródh mise.

Ar ndóigh tá Féile an Phobail faoi anáil Shinn Féin. ’Sé an páirtí is mó é sa cheantar agus thairis sin ba iad a bhunaigh an Fhéile. Bhíodh sé ina réabadh in iarthar Bhéal Feiste i dtús mhí Lúnasa, léirsithe, círéibeacha agus foréigean a bhain le comóradh ar an imtheorannú gan triail i Lúnasa 1971. Bhí gnáthdhaoine agus sealbhas i gcontúirt agus bhí siad bréan de; áit dhearóil ab ea é. Anuas air sin bhí gluaiseacht na Poblachta faoi bhrú in 1987-88 i ngeall ar ionsaithe an IRA – Domhnach na bPoipíní agus dúnmharuithe gránna eile.

Chinn Gerry Adams agus comhghleacaithe dá chuid gur ghá an t-atmaisféar sa chomharsanacht a fheabhsú. As sin a d’eascair Féile an Phobail agus d’éirigh thar cionn leis le scór go leith bliain. Ar ndóigh bíonn míreanna ar an gclár nach dtaitneodh le gach duine. Bíonn réimse leathan ábhar i gceist, scannáin, díospóireachtaí, coirmeacha ceoil, siompóisiam le polaiteoirí, scríbhneoirí ag plé a saothar; gach sórt ó théamaí le blas poblachtánach, agus ó na Wolfe Tones go Olly Murs.

Ní hionann seoladh chlár na Féile nó cuairt ar Oráistigh agus do bheannacht a thabhairt do gach rud a bhaineann leo. Ní cheileann comhrá go raibh fadhbanna ollmhóra sa tsochaí seo. Baineann na haicmí ar fad a ndeachaigh an Taoiseach i ngleic leo leis an tír, thuaidh agus theas. Sin é is brí le hiolrachas. Is mithid a chothú.

Fág freagra ar 'Cuairt ‘ildaite’ an iolrachais ag an Taoiseach'

  • Seán Mag Leannáin

    ‘Ní raibh seirbhe ná gangaid le braistint in áit ar bith. Bhí polaiteoirí chomh maith leis an bpobal páirteach sna himeachtaí. Bhí an feisire Parlaiminte Gavin Robinson de chuid an DUP d’oirthear Bhéal Feirste i measc na nOráisteach a d’fháiltigh roimh an Taoiseach agus feisire Shinn Féin d’iarthar na cathrach, Paul Maskey, ina fháilteoir oifigiúil ag Féile an Phobail.’

  • Seán Mag Leannáin

    “Ní raibh seirbhe ná gangaid le braistint in áit ar bith. Bhí polaiteoirí chomh maith leis an bpobal páirteach sna himeachtaí. Bhí an feisire Parlaiminte Gavin Robinson de chuid an DUP d’oirthear Bhéal Feirste i measc na nOráisteach a d’fháiltigh roimh an Taoiseach agus feisire Shinn Féin d’iarthar na cathrach, Paul Maskey, ina fháilteoir oifigiúil ag Féile an Phobail.” An bhféadfaí go n-éireoidh leis an gcéad Taoiseach aerach bheith ceannródaíoch ar níos mó bealaí ná ceann amháin – an bhféadfaí fiú go n-éireoidh leis na dreamanna éigsúla ar an oileán seo a thabhairt le chéile in athmhuintearas?